Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Is ag an uair a bheas gach aon rud thart a aireóidh tú uait é,” a deir m’aint.

“Tá a fhios sin agam,” ar Eliza. “Ní bheidh mé ag breith a shúram mairteola chuige go deo arís. Agus tusa, a bhean uasal, ní bheidh tú ag cur a snaoise chuige níos mó. Á, James bocht!”

Stop sí, mar a bheadh ag smaoineamh siar ar an tsaol a bhí imithe agus ansin dúirt sí go críonna:

Mar sin féin, thugas faoi deara go raibh rud éigean aisteach ag teacht air sa deireadh. Am ar bith dá dtagainn isteach chuige lena anraith, bheadh sé caite siar sa chathaoir, a phortús tithe ar an urlár agus a bhéal ar oscailt.’

Leag sí méar ar a srón agus chruinnigh a malaí: ansin labhair an athuair:

“ach fós deireadh sé i gcónaí go dtabharfadh sé geábh i gcóiste lá breá éigean sula mbeadh an samhradh thart, ar chúis ar bith eile ach chun fheiceáil an tseantí inar rugadh sinn go léir thíos sa Bhaile Ghaelach, agus deireadh sé go dtabharfadh sé Nannie agus mise in éineacht leis. Dá n-éiríodh Dia linn teacht ar cheann de na cóistí nua-aimsearthaibh nach ndéanann torainn faoinar inis Father O’Rourke dúinn, a deireadh sé. Iad siúd a bhfuil rothaí rheumatic fúthú, ach ceann díbh sin a fháil go saor don ló thall i dtigh Johnny Rush a ghabháil anonn ann le chéile, an triúr dínn tráthnóna Domhnaigh éigean. Ní raibh faoi ná thairis ach a dhéanamh… James bocht!”

“Go ndéana Dia trócaire ar a ainm,” ar m’aint.

Tharraing Eliza a ciarsúr uirthi agus chuimil a súile leis. Ansin chuir sí ar ais ina