Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/16

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

san ollscoil Éireannach sa Róimh agus mhúin foghraíocht cheart na Laidine dhom. D’eachtraigh dhom ar chatacómaí agus ar Napoleon Bonapart, agus mhínigh ciall na ndeasghnátha éagsúla Aifrinn agus ciall na bhfeisteas éagsúil a chaitheas an sagart. Uaireanta, bhaineadh sé sult as ceisteanna deacra a chur orm: d'fhiafraíodh dhíom céard ba chóir do dhuine a dhéanamh i gcás áirithe nó cé dhíobh an raibh peaca faoi leith ina pheaca marfach nó ina pheaca solathach, nó arbh é nach raibh ann ach locht beag daonna. Léirigh a chuid ceisteanna a chasta agus a dhiamhaire is a bhí roinnt bhun-nósanna na hEaglaise ar chreid mise riamh roimhe sin gurbh iad na gníomhartha ba éasca. Chonacthas dom go rabh dualgais i leith na hEocairiste agus i leith rúndacht na faoistine chomh tromchúiseach is gurbh iontas é go bhfuair duine ar bith óna mhisneach tabhairt fúthu; agus ní raibh ionadh ar bith orm nuair a dúirt sé liom go raibh leabhair scríofa ag bunaitheoirí na hEaglaise a bhí chomh tiubh le hEolaire Oifig an Phosta agus a raibh an cló iontu chomh beag le fógraí dlí sa pháipéar nuachta, ina gcuirtear na ceisteanna seo ina suí. Amanna, d’iarrfadh sé orm roinnt de freagraí na hAifreann a rá, mar bhíodar curtha de ghlanmheabhair agam dó. Sméideadh sé a cheann agus aoibh smaointeach an gháire air fad is a bhí na freagraí á ríomh agam, agus shacadh gráinní móra snaoise suas gach poll srónach faoi seach ó am go ham. Nuair a dhéanadh sé meangadh gáire, bheadh a chuid fiacla buí á nochtadh agus a theanga ina luí ar