Mo Sgéal Féin/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 166 ]

XXIV
ATHARUGHADH AR AN SAOGHAL

Do cuireadh buidhean de’n Land League ar bun sa Ráth. Thagadh na feirmeóirí ó’n gcómharsanacht isteach ann cúpla lá sa tseachtmhain. Do dhíoladh gach aoinne acu raint bheag airgid chun costais na buidhne. Raint [ 167 ]bheag ab eadh é, agus ríghin go leór a bhídís ’ghá dhíol, go dtí gur thosnuigh neithe áirighthe ar thuitim amach ar fuaid na tíre agus gur thosnuigh a dtuairisgí ar theacht amach ins na páipéaraibh.

Tháinig tuairisg amach i bpáipéar lá ar ghníomh a dhein buidhean tineóntaithe i n-áit éigin. Gur chuir an máighistir a theachtaire chúcha mar ba ghnáth ’ghá rádh leó go tur teacht a leithéid siúd de lá agus an cíos do dhíol. Gur ghluaiseadar an lá a bhí ainimnighthe dhóibh, ach gur i n-aonfheacht a ghluaiseadar. Gur chuadar i n-aonfheacht i láthair an mháighistir. Go ndúbhradar leis ná tabharfaidís aon chíos dó gan a cúig fichid fé’n gcéad locáiste dh’fhághail uaidh, .i. an ceathramhadh pingin, .i. coróinn fé’n bpúnt. Gur eirigh sé ar buile agus go ndúbhairt sé ná tabharfadh, ná oiread agus leathphinne. Gur éisteadar leis go ciúin go dtí go raibh an fhearg curtha dhé aige. Ansan go raibh aighneas mór agus aragóint mhór idir iad féin agus é féin. Fé dheire gur leag sé an cúigmhadh pingin dóibh, .i. a fiche fé’n gcéad .i. cheithre sgillinge fé’n bpúnt.

D’osgail gach aoinne a shúile, agus do leath gach aoinne a bhéal, agus do tharaing gach aoinne anál breagh fada, nuair a léigheadh an tuairisg sin amach as an bpáipéar dóibh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha. I gcionn raint laethanta do léigheadh amach dóibh tuairisg eile de’n tsaghas chéadna. I gcionn seachtmhaine tuairisg eile. Ach aidhe! As san amach do chífeá lámh gach aoinne acu síos i bpóca a bhríste go fonnmhar, agus an t-airgead geal ag teacht ’n-a chruachaibh ar an mbórd chúghainn.

Bhí iongnadh a gcroídhe ortha. Níor airigheadar a leithéid d’obair riamh. Dlígh, agus prísún, agus [ 168 ]caitheamh amach, agus tógáilt sealbha, agus imtheacht le fuacht agus le fán iseadh cheapadar a thiocfadh a’ díultughadh do’n chíos a dhíol, agus b’shin coróinn fé’n bpúnt tagaithe as dóibh siúd, agus cheithre sgillinge fé’n bpúnt dóibh siúd eile! Cad é mar atharughadh ag teacht sa tsaoghal!

Chuimhnigheas féin ar an aimsir a bhí curtha dhíom agam, ar Shaunders agus ar Bhroderick, agus ar an ndlígh agus ar an gclampar, agus ar an “smut de ghé úd a h-itheadh fadó nuair a bhí an Nodlaig ann,” agus go deimhin do ghabhas mo bhuidheachas ó chroídhe le Dia na Glóire a bhreith am’ beathaigh orm go bhfeaca an t-atharughadh aimsire sin, agus an sgeimhle sin agus an briseadh catha san tagaithe ar na bitheamhnaigh. An lámh uachtair fághalta againn ortha chómh críochnuighthe agus dá mbeimís tar éis éirligh Cluana Tairbh a dh’imirt ortha thíos ar machaire Chille Dara!

Duine anoir ó Chill Mocheallóg a bhíodh sa chathaoir againn i gcaitheamh na h-aimsire sin. Thagadh sé anoir gach aon lá a bhíodh cruinniughadh buidhne againn. Théighinn-se ann uaireanta, ach ní fhéadainn dul ann i gcómhnuighe toisg cúram na sgoile bheith orm. Bhí gach aon rud ag eirighe linn go h-áluinn go dtí gur tháinig lá áirighthe. Tháinig cúntas sa pháipéar ar rud a thuit amach thiar i dTráigh Lí. Bhí buidhean Thrágha Lí cruinnighthe ’n-a seómra agus iad ag déanamh a ngnótha. Go h-oban, agus gan blúire coinne acu leis, do phreab chúcha isteach buidhean lucht airim, agus do gabhadh ’n-a bprísúnachaibh a raibh sa tseómra. Do ghluais an tuairisg sin ar fuaid na h-Éirean. Tháinig crith chos agus lámh ar a lán de mhuíntir an Land League. Cúpla lá ’n-a dhiaigh san a bhí buidhean an Rátha le cruinniughadh chun gnótha. Do chruinnigh an bhuidhean, [ 169 ]ach níor tháinig fear na cathaoireach. Níor féadadh aon obair a dhéanamh an lá san. Siúd isteach sa sgoil chúgham-sa an bhuidhean go léir tar éis na h-oídhche thuitim. Do shuigheadar isteach ins na suidhchánaibh mar a shuigheadh na buachaillí i gcaitheamh an lae. Do labhair duine acu.

“Tá nídh againn le h-iaraidh ort, a Athair,” ar seisean, “agus tá súil againn ná tógfair orainn é, agus ná h-eiteóchair sinn.”

“Tá go maith,” arsa mise. “Cad tá uaibh?”

“Ní’l aon fhear cathaoireach againn,” ar seisean. “Ar bh’ é do thoil-se, a Athair, teacht agus bheith ad’ fhear cathaoireach againn?”

“Ach! mura bhfuil uaibh ach an méid sin,” arsa mise, “ní deacair sibh a shásamh. Mheasas gur rud éigin ana mhór a bhí uaibh. Tiocfad agus fáilte,” arsa mise. “Cathain a bheidh an chéad chruinniughadh eile agaibh?”

“Ba mhaith linn é bheith againn amáireach ar a sé ’chlog um thráthnóna, i dtreó ná beifeá ag obair sa sgoil le n-a linn,” ar seisean.

“Tá go maith,” arsa mise. “Béad-sa agaibh ar a sé ’chlog um thráthnóna amáireach, le congnamh Dé.”

Chuas go dtí an seómra ar a sé ’chlog um thráthnóna amáireach a bhí chúghainn. Dheineamair ár ngnó go breagh réidh socair. Níor tháinig “peeler” ná saighdiúir chúghainn. Níor tháinig a thuille tuairisge chúghainn ó Thráigh Lí. Do ghluais an obair ar fuaid na tíre, na feirmeóirí ag dul ’n-a mbuidhnibh i n-aonfheacht ag éileamh na locáistí, agus na locáistí acu d’á fhághail tar éis aighnis, agus misneach na ndaoine ag borradh agus ag neartughadh i n-aghaidh an lae.

Ní raibh aon bháidh, ámhthach, ag an sagart paróiste [ 170 ]leis an Land League. Bhí sé aosta. Is dócha gur cheap an duine bocht ná raibh sa Land League ach Fíníní fé ainim eile, agus ná raibh i gcómhairle an Land League ach cómhairle aimhleasa. Pé rud a cheap sé ní raibh aon bháidh aige leis an obair. Is dóich liom gur sgríobh sé ag triall ar an Easbog ’ghá iaraidh air cómhairle thabhairt dómh-sa, agus a rádh liom nár bheag dom cúram na sgoile agus gan cúram an Land League a bheith orm ’n-a theannta. Tháinig leitir chúgham ó’n Easbog ’á rádh liom go raibh eagal air go bhfanfadh cuid des na buachaillíbh ó’n sgoil mar gheall ar mise bheith sáidhte sa Land League. Do sgríobhas chuige agus dúbhart leis mar seo.

“A Thighearna Easboig,” arsa mise, “I n-inead aon díobhála dhéanamh do’n sgoil is tairbhe a dhéanfaidh sé dhi mé bheith sa Land League. Is clann feirmeóirí na buachaillí go léir atá ag teacht chun na sgoile, ach amháin beirt, agus tá báidh ana mhór ag aithreachaibh na beirte sin féin leis an Land League.

“Agus tá nídh eile sa sgéal, a Thighearna Easboig,” arsa mise. “Dá n-abrainn-se leis na fearaibh úd a tháinig chúgham an oídhche úd, ’á iaraidh orm bheith am’ stiúrthóir ortha, dá n-abrainn ná féadfainn é mar nár bheag dom cúram na sgoile bheith orm, cad is dóich leat a déarfaidís? Déarfaidís gur eagla roimis na “peelers” a bhí orm. Nách deas a bhéadh an sgéal ansan agam? Go mór mór nuair ná raibh an t-eagla san orm, ná aon nídh d’á shórd. Conus fhéadfainn féachaint ins na súilibh ar na fearaibh úd go deó dá dtaisbeánainn an mheathtacht an uair sin? Go mór mór nuair ná raibh an mheathtacht ionam?”

Ní bhfuaras a thuille “cómhairle” ó’n Easbog. Níor chuir san aon iongnadh orm. Ní raibh ’á dhéanamh [ 171 ]agam ach an rud a dhéanfadh sé féin dá mbéadh sé am’ inead. Cárthach ab eadh é. Níor dhual dó aon mheathtacht a bheith ann; agus ní raibh.

Do ghluais obair na sgoile agus an obair eile i n-aonfheacht, agus bhíomair ag cur an tsaoghail dínn. Bhí an sagart paróiste flaitheamhail. Bhímís, mé féin agus an sagart óg eile, ar dínnéar aige go minic. Bhíomair ’n-a thigh lá áirighthe ar dínnéar. Bhí seisear nó mór sheisear eile ann, leis. Daoine ab eadh a bhformhór ná raibh aon bháidh acu leis an Land League ach chómh beag agus bhí ag fear an tíghe. Do ghluais caint eatartha, mar seo.

“Nách ar a mhargadh a mhairean gach aoinne? Nuair a dhéanfaidh duine margadh, nách ceart dó an margadh do sheasamh? Nuair a dhéanfaidh feirmeóir margadh le tighearna talmhan agus nuair a gheallfaidh sé cíos áirighthe do dhíol a’ feirm thailimh, ná fuil ceangailte air an cíos san do dhíol nó an talamh do thabhairt thar n-ais do’n t-é gur leis é?”

Bhíos ag éisteacht leis an gcaint agus fearg ag eirighe istigh ionam. Fé dheire do labhras.

“Ba mhaith liom ceist a chur chúghat, a Athair,” arsa mise le fear an tighe, “má ’sé do toil é.”

“Ó, cuir, cuir, a Athair,” ar seisean.

“Bhí aithne agam ar fhear,” arsa mise, “agus bhí feirm thailimh aige, agus bhí deich bpúint a’s dachad cíosa aige ’á dhíol as an bhfeirm. Bhí léas aige ar an bhfeirm. Do thuit an léas tímpal doséan blianta ó shin. Tháinig an máighistir chuige. ‘Tá an fheirm seo agat le fada ar deich bpúint a’s dachad sa mbliain,’ ar seisean. Níor labhair an fear eile focal. ‘Caithfir céad púnt sa mbliain cíosa do dhíol as an bhfeirm seo feasta,’ arsa’n máighistir. Níor labhair an fear eile focal. [ 172 ]‘Tá tigh nua déanta anso agat,’ arsa’n máighistir. ‘Is dócha gur chaillis cúpla céad púnt leis. Lamhálfar dhá chéad duit as pé rud a chaillis leis. Do réir chúig phúint fé’n gcéad dhéanfadh san deich bpúint sa mbliain. Leagfar an cíos an méid sin duit. Fágfaidh san deich bpúint ’s cheithre fichid sa mbliain cíosa ort féasta. An bhfuilir sásta leis sin?’ Níor labhair an fear eile focal. Do stad an máighistir ar feadh tamaill ag feitheamh féachaint cad déarfadh an tineóntaidhe. Níor labhair an tineóntaidhe focal. Fé dheire do labhair an máighistir airís. ‘Is cuma liom sa diabhal cé’cu taoí sásta nó ná fuilir,’ ar seisean, ‘ach siné an cíos a chaithfir a dhíol feasta!’ An dtabharfá-sa margadh ar an méid sin deighleála, a Athair?” arsa mise leis an sagart paróiste.

Is dócha go raibh faobhar ar mo chaint, mar níor labhair sé féin ná aoinne ar feadh tamaill.

“Ó,” ar seisean fé dheire, “cás fé leith iseadh é sin.”

“Ní h-eadh, a Athair,” arsa mise. “Cás coitchian iseadh é. Táim ag féachaint ar ghnóthaíbh talmhan idir mháighistiríbh agus tineóntaithe anois le dachad éigin blian, agus ní fheaca riamh fós a mhalairt sin de shaghas margaidh ’á dhéanamh eatartha. Ní fheaca riamh ach cíos d’á árdughadh gach aon uair a thuiteadh léas, nó gach aon uair a dheineadh an tineóntaidhe aon fheabhas do chur ar an bhfeirm le n-a shaothar féin.”

Bhí firín beag seabhcaídhe, camshúileach, ’n-a shuidhe ar m’ aghaidh anonn ar an dtaobh eile de’n bhórd. D’fhéach sé anall orm agus do labhair sé.

“Agus, a Athair,” ar seisean, “mura raibh sé sásta le deich bpúint ’s cheithre fichid cíosa do dhíol as an [ 173 ]bhfeirm, cad ’n-a thaobh nár labhair sé agus a rádh ná raibh sé sásta?”

“Tá go breagh, a mhic ó,” arsa mise leis. “Dá n-abradh sé ná raibh sé sásta do caithfí amach é as an dtigh a dhein sé féin dó féin agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn. Ansan is dócha go dtabharfá-sa bheith istigh dóibh!”

Níor labhair sé sin a thuille. Do taraingeadh adhbhar éigin eile cainte anuas an chuid eile de’n tráthnóna. Níor bheag leó de’n “mhargadh” úd, margadh an leathtaoibh, “raint na caillighe, mar is áil léi féin é.”

Tháinig sagart riaghalta chun an Rátha ag tabhairt misiúin uaidh. Chonaic sé an sgoil. “Sgoil Bhríghde Naomhtha,” an ainim a bhí agam ar an sgoil. Do thaithn an sgoil leis go mór. Chuir sé aithne ar chuid des na buachaillíbh. Bhí sgoil curtha ar bun aige féin thíos i gcathair Luimníghe. Chun buachaillí do mhúineadh agus sagairt a dhéanamh díobh, dá mb’ é toil Dé é, agus iad do chur anonn i ndúthaíbh iasachta ag leathadh an chreidimh iseadh chuir sé an sgoil sin ar bun. De mhuíntir Rónáin ab eadh é. Deireadh sé go raibh ana iontaoibh aige as buachaillíbh bochta na h-Éirean; go raibh mianach fóghanta ionta; gur ó ríogra Éirean a shíolradar; go raibh an braon uasal ionta bíodh go mb’ fhéidir ná raibh saidhbhreas saoghalta acu; gur bh’ fhearr na sagairt a dhéanfaidís ’ná mar a dhéanfadh clann na ndaoine saidhbhre a bhí againn; mura raibh an saidhbhreas acu go raibh an uaisleacht aigne ionta ó dhúthchas. “An Sgoil Asboltach” an ainim a bhí ar an sgoil aige. Do casadh mo bhuachaill-se, Toirdhéalbhach ua Siadhail, air. Chuireadar aithne ar a chéile. Nuair a bhí sé ag imtheacht d’imthigh Toirdhéalbhach i n-aonfheacht leis.

I gCualacht Íosa iseadh bhí an t-Athair Ua Rónáin. [ 174 ]Chuir sé Toirdhéalbhach isteach sa Sgoil Asboltach. Tá Toirdhéalbhach ’n-a shagart anois, i gCualacht Íosa, thiar i n-America, agus is creideamhaint é do’n Chualacht san, agus d’á mhuíntir, agus d’á thír dhúchais, agus dómh-sa, ó’s mé chuir an chéad lámh ann.

Bhí buachaill eile agam sa sgoil. Leis an áit iseadh bhain sé. [1]Domhnall ó Mainchín ab ainim dó. Tá sé anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Tá a lán eile des na buachaillíbh a bhí agam ar an sgoil tar éis dul chun cinn go maith, cuid acu ’n-a sagartaibh agus cuid acu i ngairmibh bunúsacha eile.

  1. Daniel Mannix.
Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.