bhfeirm, cad ’n-a thaobh nár labhair sé agus a rádh ná raibh sé sásta?”
“Tá go breagh, a mhic ó,” arsa mise leis. “Dá n-abradh sé ná raibh sé sásta do caithfí amach é as an dtigh a dhein sé féin dó féin agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn. Ansan is dócha go dtabharfá-sa bheith istigh dóibh!”
Níor labhair sé sin a thuille. Do taraingeadh adhbhar éigin eile cainte anuas an chuid eile de’n tráthnóna. Níor bheag leó de’n “mhargadh” úd, margadh an leathtaoibh, “raint na caillighe, mar is áil léi féin é.”
Tháinig sagart riaghalta chun an Rátha ag tabhairt misiúin uaidh. Chonaic sé an sgoil. “Sgoil Bhríghde Naomhtha,” an ainim a bhí agam ar an sgoil. Do thaithn an sgoil leis go mór. Chuir sé aithne ar chuid des na buachaillíbh. Bhí sgoil curtha ar bun aige féin thíos i gcathair Luimníghe. Chun buachaillí do mhúineadh agus sagairt a dhéanamh díobh, dá mb’ é toil Dé é, agus iad do chur anonn i ndúthaíbh iasachta ag leathadh an chreidimh iseadh chuir sé an sgoil sin ar bun. De mhuíntir Rónáin ab eadh é. Deireadh sé go raibh ana iontaoibh aige as buachaillíbh bochta na h-Éirean; go raibh mianach fóghanta ionta; gur ó ríogra Éirean a shíolradar; go raibh an braon uasal ionta bíodh go mb’ fhéidir ná raibh saidhbhreas saoghalta acu; gur bh’ fhearr na sagairt a dhéanfaidís ’ná mar a dhéanfadh clann na ndaoine saidhbhre a bhí againn; mura raibh an saidhbhreas acu go raibh an uaisleacht aigne ionta ó dhúthchas. “An Sgoil Asboltach” an ainim a bhí ar an sgoil aige. Do casadh mo bhuachaill-se, Toirdhéalbhach ua Siadhail, air. Chuireadar aithne ar a chéile. Nuair a bhí sé ag imtheacht d’imthigh Toirdhéalbhach i n-aonfheacht leis.
I gCualacht Íosa iseadh bhí an t-Athair Ua Rónáin.