Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/186

From Wikisource
This page has been proofread.

‘Tá tigh nua déanta anso agat,’ arsa’n máighistir. ‘Is dócha gur chaillis cúpla céad púnt leis. Lamhálfar dhá chéad duit as pé rud a chaillis leis. Do réir chúig phúint fé’n gcéad dhéanfadh san deich bpúint sa mbliain. Leagfar an cíos an méid sin duit. Fágfaidh san deich bpúint ’s cheithre fichid sa mbliain cíosa ort féasta. An bhfuilir sásta leis sin?’ Níor labhair an fear eile focal. Do stad an máighistir ar feadh tamaill ag feitheamh féachaint cad déarfadh an tineóntaidhe. Níor labhair an tineóntaidhe focal. Fé dheire do labhair an máighistir airís. ‘Is cuma liom sa diabhal cé’cu taoí sásta nó ná fuilir,’ ar seisean, ‘ach siné an cíos a chaithfir a dhíol feasta!’ An dtabharfá-sa margadh ar an méid sin deighleála, a Athair?” arsa mise leis an sagart paróiste.

Is dócha go raibh faobhar ar mo chaint, mar níor labhair sé féin ná aoinne ar feadh tamaill.

“Ó,” ar seisean fé dheire, “cás fé leith iseadh é sin.”

“Ní h-eadh, a Athair,” arsa mise. “Cás coitchian iseadh é. Táim ag féachaint ar ghnóthaíbh talmhan idir mháighistiríbh agus tineóntaithe anois le dachad éigin blian, agus ní fheaca riamh fós a mhalairt sin de shaghas margaidh ’á dhéanamh eatartha. Ní fheaca riamh ach cíos d’á árdughadh gach aon uair a thuiteadh léas, nó gach aon uair a dheineadh an tineóntaidhe aon fheabhas do chur ar an bhfeirm le n-a shaothar féin.”

Bhí firín beag seabhcaídhe, camshúileach, ’n-a shuidhe ar m’ aghaidh anonn ar an dtaobh eile de’n bhórd. D’fhéach sé anall orm agus do labhair sé.

“Agus, a Athair,” ar seisean, “mura raibh sé sásta le deich bpúint ’s cheithre fichid cíosa do dhíol as an