Page:Mo sgeal fein.djvu/185

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

agam ach an rud a dhéanfadh sé féin dá mbéadh sé am’ inead. Cárthach ab eadh é. Níor dhual dó aon mheathtacht a bheith ann; agus ní raibh.

Do ghluais obair na sgoile agus an obair eile i n-aonfheacht, agus bhíomair ag cur an tsaoghail dínn. Bhí an sagart paróiste flaitheamhail. Bhímís, mé féin agus an sagart óg eile, ar dínnéar aige go minic. Bhíomair ’n-a thigh lá áirighthe ar dínnéar. Bhí seisear nó mór sheisear eile ann, leis. Daoine ab eadh a bhformhór ná raibh aon bháidh acu leis an Land League ach chómh beag agus bhí ag fear an tíghe. Do ghluais caint eatartha, mar seo.

“Nách ar a mhargadh a mhairean gach aoinne? Nuair a dhéanfaidh duine margadh, nách ceart dó an margadh do sheasamh? Nuair a dhéanfaidh feirmeóir margadh le tighearna talmhan agus nuair a gheallfaidh sé cíos áirighthe do dhíol a’ feirm thailimh, ná fuil ceangailte air an cíos san do dhíol nó an talamh do thabhairt thar n-ais do’n t-é gur leis é?”

Bhíos ag éisteacht leis an gcaint agus fearg ag eirighe istigh ionam. Fé dheire do labhras.

“Ba mhaith liom ceist a chur chúghat, a Athair,” arsa mise le fear an tighe, “má ’sé do toil é.”

“Ó, cuir, cuir, a Athair,” ar seisean.

“Bhí aithne agam ar fhear,” arsa mise, “agus bhí feirm thailimh aige, agus bhí deich bpúint a’s dachad cíosa aige ’á dhíol as an bhfeirm. Bhí léas aige ar an bhfeirm. Do thuit an léas tímpal doséan blianta ó shin. Tháinig an máighistir chuige. ‘Tá an fheirm seo agat le fada ar deich bpúint a’s dachad sa mbliain,’ ar seisean. Níor labhair an fear eile focal. ‘Caithfir céad púnt sa mbliain cíosa do dhíol as an bhfeirm seo feasta,’ arsa’n máighistir. Níor labhair an fear eile focal.