Page:Mo sgeal fein.djvu/184

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

leis an Land League. Bhí sé aosta. Is dócha gur cheap an duine bocht ná raibh sa Land League ach Fíníní fé ainim eile, agus ná raibh i gcómhairle an Land League ach cómhairle aimhleasa. Pé rud a cheap sé ní raibh aon bháidh aige leis an obair. Is dóich liom gur sgríobh sé ag triall ar an Easbog ’ghá iaraidh air cómhairle thabhairt dómh-sa, agus a rádh liom nár bheag dom cúram na sgoile agus gan cúram an Land League a bheith orm ’n-a theannta. Tháinig leitir chúgham ó’n Easbog ’á rádh liom go raibh eagal air go bhfanfadh cuid des na buachaillíbh ó’n sgoil mar gheall ar mise bheith sáidhte sa Land League. Do sgríobhas chuige agus dúbhart leis mar seo.

“A Thighearna Easboig,” arsa mise, “I n-inead aon díobhála dhéanamh do’n sgoil is tairbhe a dhéanfaidh sé dhi mé bheith sa Land League. Is clann feirmeóirí na buachaillí go léir atá ag teacht chun na sgoile, ach amháin beirt, agus tá báidh ana mhór ag aithreachaibh na beirte sin féin leis an Land League.

“Agus tá nídh eile sa sgéal, a Thighearna Easboig,” arsa mise. “Dá n-abrainn-se leis na fearaibh úd a tháinig chúgham an oídhche úd, ’á iaraidh orm bheith am’ stiúrthóir ortha, dá n-abrainn ná féadfainn é mar nár bheag dom cúram na sgoile bheith orm, cad is dóich leat a déarfaidís? Déarfaidís gur eagla roimis na “peelers” a bhí orm. Nách deas a bhéadh an sgéal ansan agam? Go mór mór nuair ná raibh an t-eagla san orm, ná aon nídh d’á shórd. Conus fhéadfainn féachaint ins na súilibh ar na fearaibh úd go deó dá dtaisbeánainn an mheathtacht an uair sin? Go mór mór nuair ná raibh an mheathtacht ionam?”

Ní bhfuaras a thuille “cómhairle” ó’n Easbog. Níor chuir san aon iongnadh orm. Ní raibh ’á dhéanamh