Page:Mo sgeal fein.djvu/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuir sé Toirdhéalbhach isteach sa Sgoil Asboltach. Tá Toirdhéalbhach ’n-a shagart anois, i gCualacht Íosa, thiar i n-America, agus is creideamhaint é do’n Chualacht san, agus d’á mhuíntir, agus d’á thír dhúchais, agus dómh-sa, ó’s mé chuir an chéad lámh ann.

Bhí buachaill eile agam sa sgoil. Leis an áit iseadh bhain sé. [1]Domhnall ó Mainchín ab ainim dó. Tá sé anois i n-a Árdeasbog thall i Melbourne. Tá a lán eile des na buachaillíbh a bhí agam ar an sgoil tar éis dul chun cinn go maith, cuid acu ’n-a sagartaibh agus cuid acu i ngairmibh bunúsacha eile.


XXV
ÉAGCÓIR AGUS DÍOGHALTAS AGUS SMACHT-DLIGHTHE

Seo ceist. Conus a thárla gur fhéad na feirmeóirí, an uair sin, a leithéid de bhriseadh catha dhéanamh ar na tighearnaíbh talmhan? Sidé an freagra. Gladstone fé ndear é.

Do chonaic Gladstone abhfad roimis sin an chos-ar-bolg a bhí ag na tighearnaíbh talmhan ’á dhéanamh ar fheirmeóiribh na h-Éirean. Le neart gastachta agus le neart aicillígheachta chuir sé dlígh tríd an bPárlimint sa bhliain 1870 chun a chur fhéachaint ar aon

  1. Daniel Mannix.