Page:Mo sgeal fein.djvu/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

tighearna talmhan a chuirfeadh amach tineóntaidhe leórghníomh a dhéanamh leis mar gheall ar é chur as a inead cómhnuighthe. Dhein na tighearnaí sgiot sgot de’n dlígh sin. Do leanadar ag caitheamh na ndaoine amach agus ’ghá gcur le fuacht agus le fán i n-aimhdheóin Ghladstone agus a dhlíghe. Ansan, nuair a bhí an Land League eirighthe ’n-a gcoinnibh do dhiúltuigh Gladstone d’aon chongnamh a thabhairt dóibh i gcoinnibh an Land League. Siné a mhairbh iad. Ní raibh aon rud ’á dhéanamh ag na feirmeóiribh i gcoinnibh aon dlíghe. Ní rabhadar ach ag diúltughadh do chíos a dhíol a bhí ró árd agus a cuireadh ortha d’á n-aimhdheóin. Níor thuig Gladstone go raibh fhéachaint ar aoinne congnamh a thabhairt dóibh chun an chíosa san do bhaint amach. Thaisbeánadar féin ná raibh aon uraim do dhlígh acu nuair a dheineadar sgiot sgot de’n dlígh úd an leórghnímh. Gan congnamh ó’n riaghaltas ní raibh aon bhreith acu ar aon tsaghas cíosa bhaint amach. Bhíodar i gcruadh-chás. Dá leanadh an sgéal abhfad ar an gcuma san bhéadh gach aon rud ar a dtoil ag na feirmeóiribh. Ach níor lean.

Bhí riaghail déanta ag an Land League, nuair a cuirfí feirmeóir as a chuid tailimh tré gan é bheith ábalta ar ramhar-chíos do dhíol, gan aon duine eile do thógaint na feirme sin. Siní an riaghail a bhris a gcroídhe ins na tighearnaíbh. Dá ndeintí beart do réir na riaghlach san go beacht, níor bh’ aon mhaith d’aon landlord tineóntaidhe do chaitheamh amach, mar do fágfaí an talamh díomhaoin aige. Do coimeádadh an riaghail maith go leór i n-áiteanaibh. Ach do briseadh an riaghail anso agus ansúd. Bhí fear le fághail anso ’s ansúd a ghéill do’n tsaint agus do thóg feirm as ar cuireadh duine eile amach. Chuir san an fear a