Page:Mo sgeal fein.djvu/190

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

cuireadh amach ar dearg-bhuile. Gan aon dabht ba dheacair feall ba ghráinne ’ná é do dhéanamh. Tháinig as gur deineadh díoghaltas anso ’s ansúd ar an ngrabber. B’shiné an chéad aoitheó a fuair na tighearnaí. Bhí fhios acu go gcaithfeadh Gladstone an dlígh chur i bhfeidhm i gcoinnibh an saghas san díoghaltais, agus bhí áthas cléibh ortha.

Fé mar a deintí gníomh díoghaltais de’n tsórd san do h-innstí an sgéal thall ar fuaid Shasana, agus do méaduightí thar na beartaibh é. Nuair a bhíodh feirm ar a láimh ag landlord tar éis duine bocht éigin do chaitheamh amach as, bhíodh sé ag faire féachaint an dtiocfadh fear na sainte chuige chun na feirme do thógaint. Dá dtagadh fear na sainte do tugtí an fheirm dó ana shaor, d’aon ghnó, chun na riaghlach úd do chur ar neamhnídh dá mb’ fhéidir é. Uaireanta do tugtí an fheirm d’fhear na sainte gan aon chíos ar feadh bliana nó dhó, ar an inntinn gcéadna, ach is i gan fhios a deintí é sin. Do mhéaduigh ar na gníomharthaibh díoghaltais mar gheall ar an gcamastuíol san. Fé dheire do gortuigheadh daoine. Ansan do marbhuigheadh daoine. Níor bh’fhéidir do Ghladstone an saghas san oibre do leigint ar aghaidh. Níor bhris an tineóntaidhe aon dlígh nuair a dhiúltuigh sé do’n ramhar-chíos a dhíol. Níor bhris an landlord dlígh na righeachta nuair a chaith sé amach an tineóntaidhe. Ní lugha ’ná mar a bhris sé dlígh na rígheachta nuair a dhein sé a dhícheal ar thineóntaidhe eile chur isteach sa bhfeirm. Níor bhris fear na sainte dlígh na rígheachta nuair a thóg sé an fheirm. Gan amhras do bhris sé dlígh an chirt nuair a dhein sé ar a chómharsain rud nár mhaith leis a dhéanfadh an chómharsa air féin. Ba leis an gcómharsain an fheirm, mar is le h-éagcóir a cuireadh