Page:Mo sgeal fein.djvu/181

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

bheag ab eadh é, agus ríghin go leór a bhídís ’ghá dhíol, go dtí gur thosnuigh neithe áirighthe ar thuitim amach ar fuaid na tíre agus gur thosnuigh a dtuairisgí ar theacht amach ins na páipéaraibh.

Tháinig tuairisg amach i bpáipéar lá ar ghníomh a dhein buidhean tineóntaithe i n-áit éigin. Gur chuir an máighistir a theachtaire chúcha mar ba ghnáth ’ghá rádh leó go tur teacht a leithéid siúd de lá agus an cíos do dhíol. Gur ghluaiseadar an lá a bhí ainimnighthe dhóibh, ach gur i n-aonfheacht a ghluaiseadar. Gur chuadar i n-aonfheacht i láthair an mháighistir. Go ndúbhradar leis ná tabharfaidís aon chíos dó gan a cúig fichid fé’n gcéad locáiste dh’fhághail uaidh, .i. an ceathramhadh pingin, .i. coróinn fé’n bpúnt. Gur eirigh sé ar buile agus go ndúbhairt sé ná tabharfadh, ná oiread agus leathphinne. Gur éisteadar leis go ciúin go dtí go raibh an fhearg curtha dhé aige. Ansan go raibh aighneas mór agus aragóint mhór idir iad féin agus é féin. Fé dheire gur leag sé an cúigmhadh pingin dóibh, .i. a fiche fé’n gcéad .i. cheithre sgillinge fé’n bpúnt.

D’osgail gach aoinne a shúile, agus do leath gach aoinne a bhéal, agus do tharaing gach aoinne anál breagh fada, nuair a léigheadh an tuairisg sin amach as an bpáipéar dóibh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha. I gcionn raint laethanta do léigheadh amach dóibh tuairisg eile de’n tsaghas chéadna. I gcionn seachtmhaine tuairisg eile. Ach aidhe! As san amach do chífeá lámh gach aoinne acu síos i bpóca a bhríste go fonnmhar, agus an t-airgead geal ag teacht ’n-a chruachaibh ar an mbórd chúghainn.

Bhí iongnadh a gcroídhe ortha. Níor airigheadar a leithéid d’obair riamh. Dlígh, agus prísún, agus