Mo Sgéal Féin/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 160 ]

XXIII
AN LAND LEAGUE

Is dóich liom gur díreach agus mé ag imtheacht ó Maghchromtha do leigeadh Micheál Daibhéid amach as an bprísún. Tháinig samhradh ana fhliuch, agus fóghmhar ana fhliuch. Ní raibh aon bhreith ag daoine ar [ 161 ]chíosanaibh do dhíol. Do thuig cuid des na tighearnaíbh talmhan thiar i gConachtaibh go mbéadh na feirmeóirí a d’iaraidh locáiste dh’fhághail. Níor mhaith leis na tighearnaíbh aon locáiste thabhairt uatha. Chuireadar glaodh amach chun a chéile agus thánadar i bhfochair a chéile ar aon láthair, agus shocaruigheadar ar gan aon locáiste thabhairt d’aon tineóntaidhe. Is cuimhin liom go dtáinig ana bhrón agus ana bhuairt orm nuair airigheas an sgéal san. Bhí fhios agam ná béadh aon bhreith ar na cíosanaibh do dhíol. Mheasas ansan go gcaithfí na daoine go léir amach as a gcuid tailimh, agus go mbéadh airís againn an léirsgrios a deineadh ar Éirinn i mbliain a h-ocht a’s dachad. Bhíodh an machtnamh san ag baint codla na h-oídhche dhíom. Níor bh’fhada go dtáinig sgéal eile aniar chúghainn. Do chonaic Micheál Daibhéid an rud a bhí déanta ag na tighearnaíbh. Chuir sé amach glaodh chun na dtineóntaithe ’ghá iaraidh ortha teacht i bhfochair a chéile ar aon láthair. Thánadar. Do labhair sé leó. B’é toradh a chainte gur socaruigheadh ar gan aon leathphinne cíosa thabhairt d’aon tighearna talmhan ná tabharfadh locáiste maith uaidh. Thug san “cor i n-aghaidh an chaim” dos na tighearnaíbh. Thuigeadar féin gur thug. Bhíodar ar buile. Do rugadh ar Mhicheál Daibhéid agus do sádhadh isteach airís é sa phrísún. Ní raibh sé amuich ach ar thicéad. Do briseadh a thicéad agus do cuireadh isteach airís é. Ach ní mar a meastar a bítear go minic. Bhí Disraeli ’n-a phríomh-mhinistir nuair a briseadh ticéad Mhichíl Daibhéid. Trí seachtmhaine díreach ’n-a dhiaigh san do caitheadh Disraeli agus a bhuidhean amach a’ h-obair an Riaghaltais, agus chuaidh Gladstone isteach. An túisge ’n-a raibh Gladstone istigh do h-osgaladh dorus an phrísúin [ 162 ]airís, agus do leigeadh Daibhéid amach. Ansan iseadh thosnuigh an ghleic idir na tineóntaithibh agus na tighearnaíbh.

Bhain san an bhuairt mhór díom-sa, ach mar sin féin ní rabhas gan eagla. Bhí eagal orm ná béadh sé de mhisneach ag na tineóntaithibh an fód do sheasamh. Bhí eagal orm ná creidfidís go mbéadh aon bhreith acu ar an gcíos do choimeád gan an sirriamh do theacht láithreach agus iad do chaitheamh amach. Nuair a chonacadar Micheál Daibhéid tagaithe amach as an bprísún i n-aimhdheóin na dtighearnaí talmhan is ar éigin fhéadadar an sgéal do chreideamhaint. Ach níor bh’ fhada go raibh sé ansúd thiar ’n-a measg airís ’ghá innsint dóibh conus a dhéanfaidís na tighearnaí do throid. Ba ró dheacair a chur ’n-a luighe ortha gur bh’ fhéidir an troid sin do dhéanamh i n-aon chor. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne ná raibh ag an landlord ach teacht agus iad do chaitheamh amach chómh luath agus dhiúltóchaidís do’n chíos a dhíol.

“Má théighean sibh ag triall air i nbhúr nduine agus i nbhúr nduine féadfaidh sé sibh a chaitheamh amach i nbhúr nduine agus i nbhúr nduine. Féadfaidh sé an duine a dhiúltóchaidh do chaitheamh amach láithreach. Ach má théighean gach buidhean tineóntaithe ag triall air i n-aonfheacht agus an diúltughadh dhéanamh i n-aonfheacht, cé fhéadfaidh sé a chaitheamh amach? Ní bheidh an diúltughadh aige le cur i leith aon duine fé leith. Ní féidir dó an dlígh chur oraibh go léir i n-aonfheacht. Téigheadh an bhuidhean ag triall air agus tairigidís an cíos dó, ach amháin an locáiste a bheidh uatha. Má dhiúltuighean sé do’n locáiste thabhairt tagadh an bhuidhean uaidh gan aon chíos a thabhairt dó. Tá easba airgid ar a lán acu, agus tabharfaid siad [ 163 ]uatha an locáiste d’fhonn an chuid eile dh’fhághail láithreach.”

Ní ró mhór an meas a bhí ag cuid acu ar an gcómhairle. Bhí an taithíghe acu riamh ar a thoil féin do thabhairt do’n thighearna talmhan; ar aon chíos a h-iarfí ortha do dhíol níba thúisge ’ná eagla an eviction a bheith ag baint codla na h-oídhche dhíobh. Ach bhí cuid acu, leis, agus ba thúisge leó aon tsaghas troda dhéanamh, pé rud a thiocfadh as dóibh, ’ná bheith ag sglábhaidheacht ag déanamh airgid do dhaoinibh díomhaoine agus ’ghá shíneadh amach chúcha agus gádh acu féinig leis. Do cuireadh an Land League ar bun. I ndiaigh ar ndiaigh do leath an obair go dtí go raibh buidhean de’n chonnradh san ins gach paróiste. Do cuireadh buidhean acu ar bun go luath sa Ráth. Is cuimhin liom an lá go maith. Bhí cruinniughadh mór daoine ann, i bpáirc ná raibh abhfad ó m’ sgoil. Chuas féin agus mo sgoláirí go léir go dtí an cruinniughadh.

Tháinig smaointe áirighthe chun m’ aigne nuair a chuas isteach ameasg na ndaoine. Chuimhnigheas ar an am úd nuair a bhíos istigh sa choláisde i Maigh Nuadhat agus an páipéar úd i mBaile Átha Cliath ag tromaidheacht go dian orm féin agus ar an gcuid eile againn, ’ghá rádh go rabhamair ag gabháil páirte le cómhachtaibh Shasana, agus a fhios againn féin istigh i n-ár gcroídhe gur bh’ éitheach é sin; nách ag gabháil páirte le cómhachtaibh Shasana a bhíomair ach ag gabháil páirte le n-ár ndaoine féin, le muíntir na h-Éirean, a d’iaraidh iad do choimeád ó dhul isteach i n-imreas le cómhachtaibh Shasana an fhaid a bhí an t-arm go léir acu san agus gan ag muíntir na h-Éirean ach lámha folamha. Bhí fhios againn go dian mhaith dá dtéigheadh muíntir na h-Éirean i ngleic de’n tsórd san le cómhachtaibh [ 164 ]Shasana an uair sin nár bh’fhéidir a bheith ar an ngleic ach an t-aon deire amháin, cath fuilteach b’fhéidir, agus ansan an t-informer agus an chroch, agus an t-airgead fola, agus an loch amach, agus croídhthe briste ag aithreachaibh agus ag máitreachaibh agus ag daoine muínteartha sa bhaile. Bhí fhios againn go dian mhaith, dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaillfeadh sí an t-anam, níba thúisge ’ná mar a leigfeadh sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh’fhághail. Cá raibh an gustal? cá raibh an púdar? cá raibh na gunaí móra, ná na gunaí beaga? Cá raibh an neart slógh? Cá raibh aon rud i n-aon chor a chuirfeadh ar a gcumas do mhuíntir na h-Éirean gleic de’n tsórd san do sheasamh i n-aghaidh Shasana?

Ach nuair a tháinig an ghleic eile seo, an ghleic idir na feirmeóirí agus na máighistirí talmhan, bhí an sgéal atharuighthe ar fad. Ní faobhar ná fuil ná púdar ná teine ná gunaí móra ná gunaí beaga a bhí i gcás feasta, ach gach aoinne do choimeád a ghreama ar a chuid féin. Ní bhrisean duine dlígh Dé ná dlígh rígheachta nuair ná déinean sé ach a chuid féin a choimeád. Siné an teagasg a bhí le tabhairt ó’n árdán do’n phobul a bhí cruinnighthe ansúd an lá úd sa pháirc úd i n-aice an Rátha. Ní raibh ar mo chumas-sa, nuair a bhíos istigh sa choláisde ná nuair a thánag amach as an gcoláisde, páirt do ghabháil leis na Fíníníbh, ná cómhairle thabhairt a chomáinfeadh ar aghaidh iad sa bhfuadar a bhí fútha. [ 165 ]Ní raibh aon rud chun mé chosg ar chómhairle thabhairt do phobul feirmeóirí, agus a rádh leo imtheacht ar aghaidh sa bhfuadar a bhí fútha.

Thuigeas go raibh gádh le cómhairle acu. Bhíodar ansúd am’ thímpal agus iad go dúr agus go gruamdha. An seana sgannradh ortha. An t-eagla ortha go mbéarfaí ortha ar ball agus go gcuirfí an dlígh ortha, mar ba ghnáth riamh, agus gur bhaoghal ná tiocfaidís saor, bíodh ná raibh dlígh Dé ná dlígh rígheachta ’á bhriseadh acu. Bhíos ag faire ortha agus chonac ’n-a ngnúiseanaibh an ghruaim, agus an sgannradh, agus an droch iontaoibh asta féin agus as a chéile. Sgannradh ar gach aoinne le h-eagla go neósfaí do’n mháighistir go raibh sé sa pháirc sin an lá san. Ní raibh aoinne ar an árdán fós ach triúr nó ceathrar garsún. Ansan tháinig sagart óg láidir ó Chontae Luimnighe agus chuaidh sé anáirde ar an árdán. Chuas féin anáirde i n-aonfheacht leis. Thosnuigh sé ar chaint, agus ba dhian mhaith chuige é. Do labhair sé go dána ’ghá mhíniughadh conus mar a bhí na máighistirí ag déanamh éagcóra ar na feirmeóiríbh, ag éileamh chíosa nár bh’ fhéidir a dhéanamh as an dtalamh. Bhí na feirmeóirí ag éisteacht leis an gcaint agus iongnadh ortha a rádh go raibh sé de sgairt ag aoinne an fhírinne dh’innsint amach chómh neambalbh san. Bhí seisean ag caint agus bhíos-sa ag faire ortha-san. Tháinig tuille sagart. Do léim gach sagart, fé mar a tháinig sé, do léim sé suas ar an árdán, go dtí go raibh oiread san againn ann gur bh’ ar éigin a bhí slígh d’á thuille againn ann.

Seo rud a thugas fé ndeara an lá san, agus níor sgar sé le m’ chuimhne riamh ó sin ná ní sgarfaidh go deó. Nuair a chonaic na daoine an brúth sagart [ 166 ]thuas ar an árdán agus gach aon tsagart acu, fé mar a labhradh sé, ag labhairt níba dhána agus níba dhásachtaíghe ’ná an t-é a labhair roimis, do thosnuigh an ghruaim agus an t-eagla agus an droch iontaoibh ar imtheacht as a ngnúisibh. D’fhéadas a léigheadh i n-aghaidh gach duine acu, chómh soiléir díreach agus dá labhradh sé liom, an chaint seo: “Seadh! an fhaid atáid na sagairt sin go léir ansúd thuas ar an árdán ní baoghal dúinn!” Chonac an méid sin agus bhí áthas mór orm, agus bhíos ana bhuidheach des na sagartaibh mar gheall ar theacht agus ar seasamh ansúd, idir na feirmeóiríbh bochta agus na h-annsgiain a bhí ag fásgadh an anama asta. Bhí áthas mór eile orm, leis, agus cúis ba mhó ’ná san féin agam chun an áthais. Fé dheire thiar thall bhí le feisgint ag an saoghal mór nách aon bháidh le muíntir Shasana ná le n-a ndlighthibh fé ndeara do shagartaibh na h-Éirean bheith i gcoinnibh na bhFíníní, agus gur mhór agus gur thiubaisteach an éagcóir a deineadh ortha nuair a dúbhradh gur bh’ eadh.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.