Page:Mo sgeal fein.djvu/175

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chíosanaibh do dhíol. Do thuig cuid des na tighearnaíbh talmhan thiar i gConachtaibh go mbéadh na feirmeóirí a d’iaraidh locáiste dh’fhághail. Níor mhaith leis na tighearnaíbh aon locáiste thabhairt uatha. Chuireadar glaodh amach chun a chéile agus thánadar i bhfochair a chéile ar aon láthair, agus shocaruigheadar ar gan aon locáiste thabhairt d’aon tineóntaidhe. Is cuimhin liom go dtáinig ana bhrón agus ana bhuairt orm nuair airigheas an sgéal san. Bhí fhios agam ná béadh aon bhreith ar na cíosanaibh do dhíol. Mheasas ansan go gcaithfí na daoine go léir amach as a gcuid tailimh, agus go mbéadh airís againn an léirsgrios a deineadh ar Éirinn i mbliain a h-ocht a’s dachad. Bhíodh an machtnamh san ag baint codla na h-oídhche dhíom. Níor bh’fhada go dtáinig sgéal eile aniar chúghainn. Do chonaic Micheál Daibhéid an rud a bhí déanta ag na tighearnaíbh. Chuir sé amach glaodh chun na dtineóntaithe ’ghá iaraidh ortha teacht i bhfochair a chéile ar aon láthair. Thánadar. Do labhair sé leó. B’é toradh a chainte gur socaruigheadh ar gan aon leathphinne cíosa thabhairt d’aon tighearna talmhan ná tabharfadh locáiste maith uaidh. Thug san “cor i n-aghaidh an chaim” dos na tighearnaíbh. Thuigeadar féin gur thug. Bhíodar ar buile. Do rugadh ar Mhicheál Daibhéid agus do sádhadh isteach airís é sa phrísún. Ní raibh sé amuich ach ar thicéad. Do briseadh a thicéad agus do cuireadh isteach airís é. Ach ní mar a meastar a bítear go minic. Bhí Disraeli ’n-a phríomh-mhinistir nuair a briseadh ticéad Mhichíl Daibhéid. Trí seachtmhaine díreach ’n-a dhiaigh san do caitheadh Disraeli agus a bhuidhean amach a’ h-obair an Riaghaltais, agus chuaidh Gladstone isteach. An túisge ’n-a raibh Gladstone istigh do h-osgaladh dorus an phrísúin