Page:Mo sgeal fein.djvu/176

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

airís, agus do leigeadh Daibhéid amach. Ansan iseadh thosnuigh an ghleic idir na tineóntaithibh agus na tighearnaíbh.

Bhain san an bhuairt mhór díom-sa, ach mar sin féin ní rabhas gan eagla. Bhí eagal orm ná béadh sé de mhisneach ag na tineóntaithibh an fód do sheasamh. Bhí eagal orm ná creidfidís go mbéadh aon bhreith acu ar an gcíos do choimeád gan an sirriamh do theacht láithreach agus iad do chaitheamh amach. Nuair a chonacadar Micheál Daibhéid tagaithe amach as an bprísún i n-aimhdheóin na dtighearnaí talmhan is ar éigin fhéadadar an sgéal do chreideamhaint. Ach níor bh’ fhada go raibh sé ansúd thiar ’n-a measg airís ’ghá innsint dóibh conus a dhéanfaidís na tighearnaí do throid. Ba ró dheacair a chur ’n-a luighe ortha gur bh’ fhéidir an troid sin do dhéanamh i n-aon chor. Bhí sé daingean ’n-a n-aigne ná raibh ag an landlord ach teacht agus iad do chaitheamh amach chómh luath agus dhiúltóchaidís do’n chíos a dhíol.

“Má théighean sibh ag triall air i nbhúr nduine agus i nbhúr nduine féadfaidh sé sibh a chaitheamh amach i nbhúr nduine agus i nbhúr nduine. Féadfaidh sé an duine a dhiúltóchaidh do chaitheamh amach láithreach. Ach má théighean gach buidhean tineóntaithe ag triall air i n-aonfheacht agus an diúltughadh dhéanamh i n-aonfheacht, cé fhéadfaidh sé a chaitheamh amach? Ní bheidh an diúltughadh aige le cur i leith aon duine fé leith. Ní féidir dó an dlígh chur oraibh go léir i n-aonfheacht. Téigheadh an bhuidhean ag triall air agus tairigidís an cíos dó, ach amháin an locáiste a bheidh uatha. Má dhiúltuighean sé do’n locáiste thabhairt tagadh an bhuidhean uaidh gan aon chíos a thabhairt dó. Tá easba airgid ar a lán acu, agus tabharfaid siad