Page:Mo sgeal fein.djvu/177

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

uatha an locáiste d’fhonn an chuid eile dh’fhághail láithreach.”

Ní ró mhór an meas a bhí ag cuid acu ar an gcómhairle. Bhí an taithíghe acu riamh ar a thoil féin do thabhairt do’n thighearna talmhan; ar aon chíos a h-iarfí ortha do dhíol níba thúisge ’ná eagla an eviction a bheith ag baint codla na h-oídhche dhíobh. Ach bhí cuid acu, leis, agus ba thúisge leó aon tsaghas troda dhéanamh, pé rud a thiocfadh as dóibh, ’ná bheith ag sglábhaidheacht ag déanamh airgid do dhaoinibh díomhaoine agus ’ghá shíneadh amach chúcha agus gádh acu féinig leis. Do cuireadh an Land League ar bun. I ndiaigh ar ndiaigh do leath an obair go dtí go raibh buidhean de’n chonnradh san ins gach paróiste. Do cuireadh buidhean acu ar bun go luath sa Ráth. Is cuimhin liom an lá go maith. Bhí cruinniughadh mór daoine ann, i bpáirc ná raibh abhfad ó m’ sgoil. Chuas féin agus mo sgoláirí go léir go dtí an cruinniughadh.

Tháinig smaointe áirighthe chun m’ aigne nuair a chuas isteach ameasg na ndaoine. Chuimhnigheas ar an am úd nuair a bhíos istigh sa choláisde i Maigh Nuadhat agus an páipéar úd i mBaile Átha Cliath ag tromaidheacht go dian orm féin agus ar an gcuid eile againn, ’ghá rádh go rabhamair ag gabháil páirte le cómhachtaibh Shasana, agus a fhios againn féin istigh i n-ár gcroídhe gur bh’ éitheach é sin; nách ag gabháil páirte le cómhachtaibh Shasana a bhíomair ach ag gabháil páirte le n-ár ndaoine féin, le muíntir na h-Éirean, a d’iaraidh iad do choimeád ó dhul isteach i n-imreas le cómhachtaibh Shasana an fhaid a bhí an t-arm go léir acu san agus gan ag muíntir na h-Éirean ach lámha folamha. Bhí fhios againn go dian mhaith dá dtéigheadh muíntir na h-Éirean i ngleic de’n tsórd san le cómhachtaibh