Page:Mo sgeal fein.djvu/178

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Shasana an uair sin nár bh’fhéidir a bheith ar an ngleic ach an t-aon deire amháin, cath fuilteach b’fhéidir, agus ansan an t-informer agus an chroch, agus an t-airgead fola, agus an loch amach, agus croídhthe briste ag aithreachaibh agus ag máitreachaibh agus ag daoine muínteartha sa bhaile. Bhí fhios againn go dian mhaith, dá mbéadh a sheacht n-oiread armála ag muíntir na h-Éirean agus a bhí acu an uair sin, dá mbéadh oiread armála acu, agus oiread saidhbhris, agus oiread nirt slógh, agus go bhféadfidís an ghleic do choimeád ar siúbhal i gcoinnibh Shasana ar feadh fiche blian, go gcaillfeadh Sasana a raibh an tsaoghal aici, ó chroicean amach, go gcaillfeadh sí an croicean féin, go gcaillfeadh sí an t-anam, níba thúisge ’ná mar a leigfeadh sí do mhuintir na h-Éirean an lámh uachtair a dh’fhághail. Cá raibh an gustal? cá raibh an púdar? cá raibh na gunaí móra, ná na gunaí beaga? Cá raibh an neart slógh? Cá raibh aon rud i n-aon chor a chuirfeadh ar a gcumas do mhuíntir na h-Éirean gleic de’n tsórd san do sheasamh i n-aghaidh Shasana?

Ach nuair a tháinig an ghleic eile seo, an ghleic idir na feirmeóirí agus na máighistirí talmhan, bhí an sgéal atharuighthe ar fad. Ní faobhar ná fuil ná púdar ná teine ná gunaí móra ná gunaí beaga a bhí i gcás feasta, ach gach aoinne do choimeád a ghreama ar a chuid féin. Ní bhrisean duine dlígh Dé ná dlígh rígheachta nuair ná déinean sé ach a chuid féin a choimeád. Siné an teagasg a bhí le tabhairt ó’n árdán do’n phobul a bhí cruinnighthe ansúd an lá úd sa pháirc úd i n-aice an Rátha. Ní raibh ar mo chumas-sa, nuair a bhíos istigh sa choláisde ná nuair a thánag amach as an gcoláisde, páirt do ghabháil leis na Fíníníbh, ná cómhairle thabhairt a chomáinfeadh ar aghaidh iad sa bhfuadar a bhí fútha.