Page:Mo sgeal fein.djvu/174

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

san chun an eóluis do ghlacadh. D’á éaghmuis sin go léir, bhí an gheallamhaint i dtaobh staonadh ó’n ndeoch meisgeamhail déanta ag an uile dhuine des na buachaillíbh a bhí tagaithe chúgham ó’n áit. Dá n-eirighinn as an obair an uair sin bhí gach aon chontabhairt go raghadh an gheallamhaint sin ar neamhnídh i n-aigne a lán de’n mhuíntir a bhí tar éis í dhéanamh. Bhí greim eile leis, orm. An obair a bhí agam ’á dhéanamh chómh fada roimis sin i n-onóir do Bhríghid Naomhtha, i n-onóir do Mhuire na nGaedhal, obair ab eadh í ná féadfainn a chur uaim. Gan amhras bhí iongnadh ar na daoine a chonaic mé ag déanamh na h-oibre sin, ach níor thuigeadar na greamana a bhí orm. Do socaruigheadh ná béadh aon chuid d’obair na paróiste orm, ach neamhnídh ab eadh an socarughadh san. Dheineas mo chion d’obair na paróiste chómh maith le cách. Is dóich liom gur mheas a lán daoine gur díth céille a bhí orm. Níor bh’ aon iongnadh iad ’ghá rádh. Ach níor thuigeadar na greamana a bhí orm.

“Fágaimís siúd mar atá sé!”


XXIII
AN LAND LEAGUE

Is dóich liom gur díreach agus mé ag imtheacht ó Maghchromtha do leigeadh Micheál Daibhéid amach as an bprísún. Tháinig samhradh ana fhliuch, agus fóghmhar ana fhliuch. Ní raibh aon bhreith ag daoine ar