Mo Sgéal Féin/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 174 ]

XXV
ÉAGCÓIR AGUS DÍOGHALTAS AGUS SMACHT-DLIGHTHE

Seo ceist. Conus a thárla gur fhéad na feirmeóirí, an uair sin, a leithéid de bhriseadh catha dhéanamh ar na tighearnaíbh talmhan? Sidé an freagra. Gladstone fé ndear é.

Do chonaic Gladstone abhfad roimis sin an chos-ar-bolg a bhí ag na tighearnaíbh talmhan ’á dhéanamh ar fheirmeóiribh na h-Éirean. Le neart gastachta agus le neart aicillígheachta chuir sé dlígh tríd an bPárlimint sa bhliain 1870 chun a chur fhéachaint ar aon [ 175 ]tighearna talmhan a chuirfeadh amach tineóntaidhe leórghníomh a dhéanamh leis mar gheall ar é chur as a inead cómhnuighthe. Dhein na tighearnaí sgiot sgot de’n dlígh sin. Do leanadar ag caitheamh na ndaoine amach agus ’ghá gcur le fuacht agus le fán i n-aimhdheóin Ghladstone agus a dhlíghe. Ansan, nuair a bhí an Land League eirighthe ’n-a gcoinnibh do dhiúltuigh Gladstone d’aon chongnamh a thabhairt dóibh i gcoinnibh an Land League. Siné a mhairbh iad. Ní raibh aon rud ’á dhéanamh ag na feirmeóiribh i gcoinnibh aon dlíghe. Ní rabhadar ach ag diúltughadh do chíos a dhíol a bhí ró árd agus a cuireadh ortha d’á n-aimhdheóin. Níor thuig Gladstone go raibh fhéachaint ar aoinne congnamh a thabhairt dóibh chun an chíosa san do bhaint amach. Thaisbeánadar féin ná raibh aon uraim do dhlígh acu nuair a dheineadar sgiot sgot de’n dlígh úd an leórghnímh. Gan congnamh ó’n riaghaltas ní raibh aon bhreith acu ar aon tsaghas cíosa bhaint amach. Bhíodar i gcruadh-chás. Dá leanadh an sgéal abhfad ar an gcuma san bhéadh gach aon rud ar a dtoil ag na feirmeóiribh. Ach níor lean.

Bhí riaghail déanta ag an Land League, nuair a cuirfí feirmeóir as a chuid tailimh tré gan é bheith ábalta ar ramhar-chíos do dhíol, gan aon duine eile do thógaint na feirme sin. Siní an riaghail a bhris a gcroídhe ins na tighearnaíbh. Dá ndeintí beart do réir na riaghlach san go beacht, níor bh’ aon mhaith d’aon landlord tineóntaidhe do chaitheamh amach, mar do fágfaí an talamh díomhaoin aige. Do coimeádadh an riaghail maith go leór i n-áiteanaibh. Ach do briseadh an riaghail anso agus ansúd. Bhí fear le fághail anso ’s ansúd a ghéill do’n tsaint agus do thóg feirm as ar cuireadh duine eile amach. Chuir san an fear a [ 176 ]cuireadh amach ar dearg-bhuile. Gan aon dabht ba dheacair feall ba ghráinne ’ná é do dhéanamh. Tháinig as gur deineadh díoghaltas anso ’s ansúd ar an ngrabber. B’shiné an chéad aoitheó a fuair na tighearnaí. Bhí fhios acu go gcaithfeadh Gladstone an dlígh chur i bhfeidhm i gcoinnibh an saghas san díoghaltais, agus bhí áthas cléibh ortha.

Fé mar a deintí gníomh díoghaltais de’n tsórd san do h-innstí an sgéal thall ar fuaid Shasana, agus do méaduightí thar na beartaibh é. Nuair a bhíodh feirm ar a láimh ag landlord tar éis duine bocht éigin do chaitheamh amach as, bhíodh sé ag faire féachaint an dtiocfadh fear na sainte chuige chun na feirme do thógaint. Dá dtagadh fear na sainte do tugtí an fheirm dó ana shaor, d’aon ghnó, chun na riaghlach úd do chur ar neamhnídh dá mb’ fhéidir é. Uaireanta do tugtí an fheirm d’fhear na sainte gan aon chíos ar feadh bliana nó dhó, ar an inntinn gcéadna, ach is i gan fhios a deintí é sin. Do mhéaduigh ar na gníomharthaibh díoghaltais mar gheall ar an gcamastuíol san. Fé dheire do gortuigheadh daoine. Ansan do marbhuigheadh daoine. Níor bh’fhéidir do Ghladstone an saghas san oibre do leigint ar aghaidh. Níor bhris an tineóntaidhe aon dlígh nuair a dhiúltuigh sé do’n ramhar-chíos a dhíol. Níor bhris an landlord dlígh na righeachta nuair a chaith sé amach an tineóntaidhe. Ní lugha ’ná mar a bhris sé dlígh na rígheachta nuair a dhein sé a dhícheal ar thineóntaidhe eile chur isteach sa bhfeirm. Níor bhris fear na sainte dlígh na rígheachta nuair a thóg sé an fheirm. Gan amhras do bhris sé dlígh an chirt nuair a dhein sé ar a chómharsain rud nár mhaith leis a dhéanfadh an chómharsa air féin. Ba leis an gcómharsain an fheirm, mar is le h-éagcóir a cuireadh [ 177 ]amach as an bhfeirm é. Níor chosain dlígh na rígheachta ar an éagcóir é. Níor dhein san ceart de’n éagcóir. Ach do bhris an chómharsa dlígh Dé agus dlígh na rígheachta i n-aonfheacht nuair a chuir sé an pléar tré fhear na sainte mar gheall ar an bhfeirm do bhreith uaidh.

Tímpal na h-aimsire sin do chonac féin páipéar a tháinig anall ó Lúnduin: Punch an ainim a bhí ar an bpáipéar san. Bhíodh peictiúirí magaidh air, ach bíodh gur peictiúirí magaidh iad bhíodh brígh doimhinn leó uaireanta. Bhí peictiúir acu ar an bpáipéar a chonac; Gladstone agus culaith pholiceman uime agus é ’n-a choilg-sheasamh ar aghaidh siopa amach, agus a dhrom le dorus an tsiopa agus é ag féachaint uaidh ar bhun an aeir. Istigh sa tsiopa, ag an gcúntar, raint fear agus éadach dubh ar a ngnúisibh acu, agus iad ag ceannach arm, gunaí agus piostail, agus claidhmhte, agus pící. Sagart laistigh de’n chúntar agus é ag díol na n-arm leo. Disraeli ’n-a sheasamh amuich i n-aice Ghladstone agus é ag féachaint suas air agus a mhéar sínte aige chun an tsiopa agus an chaint seo, mar ’dh eadh, ag teacht as a bhéal: “I say, Mr. Pleeceman, I think it is about time that you should look in here!”

Ansan do tháinig na smacht-dlighthe i ndiaigh ’chéile, gach smacht-dlígh acu níba ghéire ’ná an smacht-dlígh roimis, go dtí go raibh fir chreideamhnacha, ó gach aon pháirt d’Éirinn, sáidhte isteach ins na prísúnaibh, gan triail dlíghe gan breith dáréag, agus go ndúbhairt Gladstone an focal úd, “The resources of civilisation are not yet exhausted.”

Bhí airgead ’á dhéanamh suas ins gach aon áit dos na daoine a bhí ins na prísúnaibh. Chuimhnigheas féin ar shlígh chun raint airgid a dhéanamh suas dos na fearaibh [ 178 ]a bhí istigh ó’n Ráth. Shocaruigheas ar shaghas raffle a dhéanamh, agus sidiad na duaiseana a bhí ar thicéad an raffle.

“A splendid Bengal tiger called ‘Resources of Civilisation.’ Warranted sound in wind and limb.”

“A huge African elephant called ‘Passive Resistance.’”

“An Egyptian mummy called ‘Rackrent,’ said to be as old as the days of Moses.”

“A magnificent puck goat called ‘Peel,’ alias ‘Fix Bayonets.’”

With many other highly interesting and valuable prizes.

Do díoladh na ticéadaí go tiugh. Chonaic an sagart paróiste ceann acu. Bhí sé ar buile. Tháinig sé chúgham agus ticéad acu ’n-a láimh aige.

“Is tusa chuir amach iad so, a Athair,” ar seisean.

“Is mé gan amhnas,” arsa mise, “ná feicean tú m’ainim thíos ortha?”

“Agus cad chuige iad?” ar seisean.

“Chun airgid a dhéanamh,” arsa mise.

“Agus cad chuige an t-airgead?” ar seisean.

“Neósfad-sa san duit go cruinn,” arsa mise, “ó chuiris an cheist chúgham. Chun é chur ag triall ar na fearaibh ó’n sráid seo atá istigh sa phrísún ag Buckshot.”

Bhí fearg i nglór gach duine againn an fhaid a bhíomair ag caint.

Níor bh’ fhada ’n-a dhiaigh san gur chuir an t-Easbog mise soir go Cill Úird i n-inead an tsagairt paróiste a bhí ann, mar bhí an duine bocht ró chríona agus bhí ag dul d’á chiall, agus ní raibh sé oireamhnach chun na h-oibre.


Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.