Mo Sgéal Féin/26

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 179 ]
XXVI
“BARRY THE RAKE”

Nuair a bhíos socair thoir i gCill Úird airís, tar éis Ráth Chormaic agus Maghchromtha agus an Ráth do chur díom, mhothuigheas mo shláinte ag géilleadh ar chuma éigin. Dúbhairt na daoine liom go rabhas ag féachaint ana bhuailte amach. Is dócha go raibh an obair ró dhian orm sa Ráth, an sgoil, agus obair na paróiste, agus obair an Land League, agus iad ar siúbhal i n-aonfheacht. Níor ghlacas a thuille oibre sgoile orm. Bhí obair an Land League chómh dian i gCill Úird an uair sin agus bhí sí i n-aon bhall eile, ach má ’seadh bhí daoine i mbun na h-oibre ann cheana agus ní raibh orm-sa ach dul agus cómhairle thabhairt uaim anois agus airís. D’fhág san mé gan aon chúram ach amháin cúram na paróiste, agus níor bh’ fhada go raibh mo lán neart agus mo lán mhisneach airís ionam.

Bhínn amuich ar fuaid na paróiste gach aon lá breagh, i gcaráiste bheag a bhí agam, nó ar muin capaill. Ba mhór an t-atharughadh é ó bheith istigh i sgoil. Do bhuailinn féin agus na daoine umá chéile go minic, agus Gaeluinn a labhraimís i gcómhnuighe le n-a chéile. Tháinig duine beag isteach ó Ghort na Sgeithe chúgham, lá, ’ghá iaraidh orm dul amach chun an ola chur ar dhuine a bhí breóite ’n-a thigh. Firín beag aosta ab eadh é. ’N-a chuis a tháinig sé. Bhí fhios agam nár bh’ fhéidir dó gan bheith tuirseach. Chuireas isteach am’ aice sa charáiste bheag é, agus thugas marcaigheacht abhaile dhó. Bhí an fear bocht ana bhuidheach.

Chromamair ar chaint. Chromas-sa ar bheith ag cur [ 180 ]tuairisge na gcómharsan air, féachaint cé r’ bh’ iad a bhí imthighthe anonn, nó tar éis bháis, ó fhágas an pharóiste naoi nó deich de bhlianaibh roimis sin. Sa cheistiúchán dom d’fhiafraigheas dé cá raibh “Barry the Rake,” nó an raibh sé tar éis bháis.

“Tá sé tar éis bháis, an fear bocht,” ar seisean, “gura maith an mhaise dh’á anam é!”

“File ab eadh Barry the Rake,” arsa mise.

“Dob’ eadh go deimhin, a Athair,” ar seisean, “agus d’airigheas-sa blúire filidheachta a dhein sé agus go deimhin do dhein sé go h-ana dheas é.”

“Abair dom é,” arsa mise leis, “má tá sé agat.”

“Tá sé agam, a Athair,” ar seisean. “Sa droch shaoghal ab eadh é,” ar seisean, “agus bhí an t-ocras ar gach aoinne. Bhí duine bocht gur bh’ ainim dó Seághan Ó Gríobhtha ’n-a chómhnuighe thuaidh ansan ar Cathair Druinne, agus duine bocht ná raibh ró ghasta ann féin ab eadh é. Bhí sé pósta, agus ní raibh aon ghastacht mhór sa mhnaoi ach chómh beag leis féin. Bhí inghean acu agus ba lúgha an ghastacht a bhí sa n-inghín ’ná mar a bhí i n-aoinne de’n bheirt. Théigheadh Barry the Rake go dtí an tigh go minic, agus bhí aithne mhaith aige ortha. Gheibheadh sé bheith istigh uatha uaireanta, agus béile bhídh. Bhí sagart paróiste thuaidh i mBaile Mhistéala an uair sin, agus is dócha gur cuimhin leat é, a Athair. Murchadh ua Briain ab ainim dó.”

“Is cuimhin liom é go maith,” arsa mise, “agus bhí aithne mhaith agam air.”

“Bhail,” ar seisean, “bhí an t-ocras i sráid Bhaile Mhistéala chómh dian agus bhí sé i n-aon bhall, mar bhí a lán daoine bochta ann agus bhíodar ana dhealbh. Bhí an sgéal chómh h-olc san acu go raibh an t-Athair Murchadh ag ceannach mine agus ’ghá raint ortha i dtreó [ 181 ]ná faighdís bás do’n ghorta. D’airigh an Barrach go raibh an mhin d’á tabhairt amach i mBaile Mhistéala. Cheap sé, nídh nár bh’ iongnadh, go raibh Seághan ua Gríobhtha bocht ag fághail na mine, agus go bhfaghadh sé féin béile de’n mhin le n-ithe ach dul ó-thuaidh go Cathair Druinne. Siúd ó-thuaidh é agus an t-ocras air. Chuaidh sé isteach.

“‘An bhfuil aon rud anso a dh’íosfadh fear ocrais?’ ar seisean.

Ní raibh aon bhlúire bídh fé dhíon ’tighe!

“‘Mheasas go mbéadh cuid de’n mhin agaibh,’ arsa’n Barrach.

“‘Cad í an mhin?’ arsa Seághan.

“‘An mhin seo atá d’á tabhairt amach thuaidh ansan i mBaile Mhistéala,’ arsa’n Barrach.

“’Níor airigheas focal ’n-a taobh,’ arsa Seághan.

“‘Greadadh chúghat,’ arsa’n Barrach, ‘imthigh ó-thuaidh láithreach agus tabhair chúghainn cuid dí!’

“‘Ní’l aon airgead agam,’ arsa Seághan.

“‘Tá an sagart paróiste ag tabhairt na mine úd amach gan aon airgead. Tá sé ’ghá bronnadh ar na daoine bochta. Imthigh láithreach agus tabhair chúghainn cuid di. Fanfad-sa anso go dtagair. Táim ag dul i laige leis an ocras!’

“D’imthigh Seághan ó-thuaidh. Tar éis raint mhaith aimsire tháinig sé.

“‘Ar thugais leat an mhin?’ arsa’n Barrach.

“‘Níor thugas,’ arsa Seághan.

“‘Cad ’n-a thaobh?’ arsa’n Barrach.

“‘Mar ní bhfuaras í,’ arsa Seághan.

“‘Cad ’dúbhradh leat?’ arsa’n Barrach.

“‘Do fiafraigheadh díom an raibh ocras orm,’ arsa Seághan.

[182]“‘Agus cad dúbhrais leó?’ arsa’n Barrach.

“‘Dúbhart ná raibh,” arsa Seághan.

“‘Airiú, greadadh chúghat, cad ’n-a thaobh nár innsis an fhírinne dhóibh?’ arsa’n Barrach.

“‘Ní thabharfainn le rádh dhóibh é,’ arsa Seághan.

“‘Ó mhaise, Dia linn! Dia linn a’s Muire!’ arsa’n Barrach.

“Tharaing sé peann agus dubh agus blúire páipéir as a phóca. Bhídís aige chun bheith ag sgrí’ na filidheachta. Shuig sé agus do sgríbh sé síos an bhéarsa so:

A Athair Murchadh atá go gunta líomhtha,
Tabhair-se cuid de’n mhin seo do Sheághan ua Ghríobhtha.
Tá a bhean ’n-a h-óinsigh, agus a inghean chríona.
Tá sé féin ’n-a bhreall, agus beidh sé amhlaidh choídhce!

“‘Seo,’ ar seisean le Seághan. ‘Beir leat an páipéirín sin, agus eirigh go dtí tigh an tsagairt féin agus tabhair dhó é, isteach ’n-a láimh féin, agus gheóbhair an mhin. Imthigh anois agus ná bí abhfad.’

“D’imthigh Seághan agus do rug sé leis an páipéirín. Tháinig sé go dorus tíghe an tsagairt.

“‘Cad ’tá uait-se?’ arsa’n bhean-tíghe.

“‘Dúbhradh liom an páipéar so thabhairt isteach ’n-a láimh féin do’n tsagart paróiste,’ arsa Seághan.

“Do shnap sí an páipéar as a láimh agus d’imthigh sí isteach.

“‘Seo, a Athair,’ ar sise, ‘agus deir an teachtaire é thabhairt isteach ad’ lámh féin duit.’

“Do léigh sé a raibh ar an bpáipéar. Do léim sé as an gcathaoir.

[ 183 ]“‘Cé thug duit é seo?” ar seisean.

“‘Duine bocht atá amuich ag an ndorus, a Athair,’ ar sise.

“‘Cuir chúgham anso isteach é,’ ar seisean.

“Do cuireadh isteach Seághan.

“‘Cé thug an páipéar so dhuit?’ arsa’n sagart.

“D’inis Seághan a sgéal dó chómh maith agus d’fhéad sé é.

“‘Agus an tusa Seághan ua Gríobhtha?’ arsa’n sagart.

“‘Is mé, a Athair,’ arsa Seághan.

“‘Tuigim,’ arsa’n sagart. Do baineadh an t-ocras de Sheághan, agus do tugadh oiread mine dhó agus d’fhéad sé a bhreith leis.

“‘Agus,’ arsa’n sagart leis, ‘abair leis an bhfear a thug an páipéar so dhuit teacht chúgham anso ar maidin, go bhfuil gnó agam dé.’

“Amáireach a bhí chúghainn d’imthigh an file ó-thuaidh go Baile Mhistéala, agus do tugadh a dhóithin le n-ithe dhó, agus nuair a bhí a dhóithin ithte aige do tugadh culaith éadaigh dó, agus dúbhradh leis teacht airís nuair a bhéadh gádh aige le biadh nó le h-éadach.”

Aoinne do léighfidh le h-aireachas an blúire filidheachta san a sgríbh an Barrach chífidh sé nídh is fiú dhó a thabhairt fé ndeara. Chífidh sé ná fuil sa bhéarsa ach fíor bheagán cainte ach go bhfuil oiread ráidhte sa bheagán cainte sin agus ná déarfaí as Béarla le n-a sheacht n-oiread cainte.

Tá fabhar ag an bhfile le h-iaraidh ar an Athair Murchadh. Molan sé a “ghuntacht” agus a “líomhthacht.” Níor mhór caint fhada sa Bhéarla chun an dá mholadh san do dhéanamh, agus ní dhéanfadh an chaint fhada Bhéarla an dá mholadh leath chómh deas agus [ 184 ]dheinean an dá fhocal sa Ghaeluinn iad. Ansan, ní mór do’n fhile truagh do Sheághan ua Ghríobhtha do mhúisgilt i gcroídhe an Athar Murchadh. Agus cá bhfuil an fear san ’n-a bheathaidh is mó de thruagh ’ná an fear atá pósta le h-óinsigh mná? Dá mbéadh aon chiall ag an inghín b’ fhéidir gur bh’ fhusaide é, ach bhí dúbailt mífhortíúin ar an bhfear mbocht nuair a bhí an inghean ’n-a h-óinsigh chómh maith leis an máthair. Ansan, donas an sgéil ar fad, “É féin ’n-a bhreall,” agus mar bhara ar an ndonas san féin—“Beidh sé amhlaidh choídhche!” Ní h-aon iongnadh gur léim an t-Athair Murchadh as an gcathaoir nuair a léigh sé an páipéar.

Tá aithne agam ar a lán filidheachta Béarla, agus ar a lán d’fhilidheacht na Gréige agus d’fhilidheacht na Rómha. Ní h-eól dom i n-aon fhilidheacht dár cúmadh riamh i n-aon teangain acu, beó ná marbh, aon cheithre líne chómh maith leis na cheithre líntibh sin a chúm Barry the Rake an uair sin agus an t-ocras air! “Brevis esse certo,” arsa Horatius, “et obscurus fio.” Tá caint an Bharraigh sa bhéarsa so chómh “brevis” agus do b’ fhéidir í bheith, níos cruinnighthe go mór ’ná mar ab fhéidir í bheith i n-aon teangain eile, agus i n-inead aon “obscuritas” a theacht de’n chruinnightheacht is breis soluis a thagan d’á druim. Is amhlaidh a glantar agus do neartuighthear an solus ar an machtnamh.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.