Mo Sgéal Féin/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.
[ 185 ]
XXVII
TINEÓNTAITHE AGUS TIGHEARNAÍ

I gcaitheamh na h-aimsire a thugas i gCill Úird an uair sin bhíos ag faire ar an ngleic a bhí ar siúbhal idir na feirmeóiribh agus na tighearnaíbh talmhan, agus ba dheas an radharc é. Nuair a deintí droch ghníomhartha díoghaltais ar lucht na sainte, a thógadh talamh as a mbíodh tineóntaidhe éigin díbeartha, do h-innstí an sgéal ins na páipéaraibh thall i Sasana, agus do méaduightí é. Ansan do thagadh an fhearg ar mhuintir Shasana, agus do caithtí na smacht-dlighthe do chur i bhfeidhm. Ansan thagadh misneach do’n landlord agus tharaingeadh sé chuige an seana dhoithigheas. Do chomáineadh sé litir chun tineóntaidhe ag éileamh cíosa uaidh. Do taisbeántí dhom an leitir. Sidí an saghas cainte a bhíodh inti:

Carey,

“Come in here on Saturday and pay your rent. The next application will be a writ.

George Smith”.

Nuair a chonac leitir acu chómhairligheas do Charey dul agus an cíos do dhíol, le h-eagla go gcurfaí tuille cosdais air. D’imthigh sé isteach Dé Satharainn a bhí chúghainn. Tharaing sé lán a dhuirn d’ airgead as a phóca agus shín sé chun an agent é. Chómhairimh seisean é. Bhí raint pinginí i n-easnamh air. Thóg an t-agent suas an t-airgead ’n-a láimh agus do [ 186 ]steall sé anonn i gcoinnibh an fhalla é i dtreó gur ghluais na píosaí ag rinnce ar fuaid an úrláir.

“Pick it up now,” ar seisean, “and go and bring me in the full amount!”

Do phioc Carey suas an t-airgead agus chuir sé ’n-a phóca é, agus thug sé aghaidh ar an ndorus. Díreach agus é ag gabháil an dorus amach dúbhairt sé, “When I give it to you again you will keep it.”

Tháinig sé abhaile. Tháinig an writ. Má tháinig níor chuir Carey aon tsuim ann.

Fé cheann beagán aimsire tháinig atharughadh dlíghe. Bhí an cluiche i bhfabhar do’n tineóntaidhe agus i gcoinnibh an landlord. Do lean an sgéal mar sin ar feadh tamaill. Ansan tháinig leitir eile ó’n agent gcéadna ag triall ar Charey.

Dear Mr. Carey,

“I shall feel much obliged if you will come in next Saturday and let me have the rent. The amount you owe is———(gan aon trácht ar an ndeich agus dachad do’n writ).

“I remain,
“Yours sincerely,
G. Smith.”

Níor chuaidh Carey isteach, agus ní bhfuair Smith an t-airgead, an uair sin ná riamh ó shin.

Sin mar a bhíodh na tighearnaí, mín agus garbh, cneasta agus dothigheasach, gach re dturas, fé mar a ghluaisigheadh an cluiche leó nó ’n-a gcoinnibh, síos nó suas. Chuiridís i gcuimhne dhom rud a thuit amach i n-aice tíghe feirmeóra mórán blianta roimis sin. Bhí beirt bhacach sa n-áit. Bhí lámh le duine acu gan [ 187 ]aon lúth inti, agus bhí cos leis an duine eile crapaithe, chómh crapaithe sin gur dhóich le duine air nuair a bhíodh an fear bocht ag siúbhal gur ag cromadh agus ag eirighe a bhíodh sé. Do thárla go raibh an bheirt ag teacht i n-aonfheacht chun tíghe an fheirmeóra um thráthnóna, lá áirighthe. Ní raibh aon choinne acu le n-a chéile, agus go deimhin ní raibh aon fháilte acu d’á chéile. B’fhearr le gach duine acu gan an duine eile do theacht. Cheap fear na coise crapaithe go dtabharfadh sé priocadh beag géar do’n fhear eile.

“Nách leathlámhach an aimsir í seo againn, a Sheághain!” ar seisean. Bhí an aimsir ana bhriste.

Do phrioc an focal “leathlámhach” Seághan bocht, ach má phrioc thug sé priocadh chómh géar leis uaidh.

“Ach, ní’l inti ach síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó!” ar seisean.

Do thárla go raibh fear an tíghe ag éisteacht leis an gcaint. Do sgeart sé ar gháirí.

“Dar fiadh,” ar seisean, “ach do thugabhair d’á chéile é chómh deas agus d’airigheas ’á dhéanamh riamh é! ‘Leathlámhach,’ agus ‘síos agus suas’!”

Chuir sé fhéachaint ar an mbeirt dul isteach agus bheith síothchánta le n-a chéile. Ach sin mar a bhí na landlordaí agus na h-agentí i gcaitheamh na h-aimsire sin, “síos agus suas, síos agus suas, a mhic ó,” lá mín agus lá garbh, lá síbhialta agus lá doithigheasach, lá béasach agus lá droch mhúinte, fé mar a bhíodh an cluiche ag gabháil leó nó ag gabháil ’n-a gcoinnibh.

Ba ró dheacair i n-aon chor a dh’áiteamh ortha nár bh’ éagcóir ana throm ortha gan leigint dóibh dlígh d’imirt ’n-a lán neart ar na feirmeóiribh, agus an cíos d’fhásgadh asta dá bhfáisgtí an t-anam asta i n-aonfheacht leis. Bhíos lá ar dínnear i dtigh duin’uasail [ 188 ]sa n-áit. Bhí tighearna talmhan ag an mbórd. Bhí focal anois a’s airís aige ’á sgaoileadh amach i dtaobh na h-éagcóra a bhí ’á dhéanamh ar na tighearnaíbh bochta. Ní rabhas-sa ’ghá leigint orm gur thuigeas cad a bhí ar siúbhal aige. Fear bocht fóghanta ab eadh é ar gach aon chuma eile, agus níor theastuigh uaim bheith ’ghá ghríosadh. Bhí duin’uasal eile ag an mbórd agus bhí fhios agam gur leis na tighearnaíbh talmhan a bhí a bháidh go léir, agus níor mhisde liom clabhtóg a bhualadh air dá dtugadh sé an chúis agus an chaoi dhom. Dochtúir ab eadh é. Do thug. Do ghluais caint i dtaobh cé’cu ag na feirmeóiribh a bhí an ceart nó ag na máighistríbh, agus ansan i dtaobh conus ba cheart cosg do chur leis na gníomharthaibh díoghaltais. Ní raibh aon fhocal agam-sa d’á rádh. Fé dheire do labhair an dochtúir liom lom díreach.

“Inis an méid seo dhom, a Athair,” ar seisean. “Cad ’tá uaibh?”

Cheap sé go dtabharfainn caoi dhó ar a radh gur bh’ é rud a bhí uainn ’ná talamh gan chíos a thabhairt dos na feirmeóiribh, agus go raobhfadh san an seachtmhadh aithne, ná raibh ann ach cuid na cómharsan do thógaint go h-aindleaghthach.

“Neósfad-sa dhuit, a Dhochtúir,” arsa mise, “cad ’tá uainn. Sidé atá uainn; gan a bheith ar chumas duine cuid duine eile do bhreith leis agus do choimeád. An t-é a dheinean saothar is leis toradh an tsaothair. An t-é a bhainfidh de’n duine sin toradh an tsaothair sin déanfaidh sé éagcóir. Isé rud atá uainn ’ná cosg do chur leis an éagcóir sin le dlígh.”

Níor chuir an dochtúir an tarna ceist chúgham.

Ní rabhas ach dhá bhliain sa pharóiste nuair ab é toil Dé glaodhach ar an seana shagart. Dúbhairt gach [ 189 ]aoinne gur bh’ é mo cheart-sa an pharóiste dh’fhághail ansan. Ní bhfuaras í, ámhthach. Dúbhairt an t-Easbog go raibh sé ar aigne an pharóiste thabhairt dom dá maireadh an seana shagart cúpla bliain nó trí eile, ach ná féadfadh sé í thabhairt dom an uair sin mar go raibh mórán sagart eile aige a bhí abhfad níba shia sa n-obair ’ná mar a bhíos-sa, agus gur bh’ éagcóir ortha san an pharóiste thabhairt dómh-sa an uair sin. Dá labhrainn-se d’fhiafróchainn dé cad ’n-a thaobh nách duine acu san a cuireadh ag déanamh oibre na paróiste nuair a cuireadh mise ’á dhéanamh. Ach níor labhras. Ní dúbhart aon fhocal. Thugas dhá bliain eile sa pharóiste ansan fé’n sagart paróiste a tháinig, ag taisbeáint na mbóithre dhó agus ag cur aithne aige féin agus ag na daoine ar a chéile. Ní raibh aon fhocal Gaeluinne aige bíodh gur i sráid Maghchromtha a tógadh é.

Thugas dhá bhliain i gCill Úird i dteannta an tsagairt paróiste sin, agus ansan do cuireadh ó-thuaidh mé go Dún ar Aill. Ní fada bhíos sa n-áit sin nuair eirigh ana choímheasgar idir an tighearna talmhan ba mhó a bhí ann agus a thineóntaithe. Lord Doneraile an teidiol a bhí aige. Bhíodh sé ’ghá mhaoídheamh nár chuir sé féin aon tineóntaidhe amach riamh. Théighdís amach, ámhthach. Seo mar a dheineadh sé a ghnó. Bhí na feirmeacha go léir curtha ana dhaor aige. Nuair a thagadh tineóntaidhe ag díol chíosa do glactí uaidh, go breagh réidh, pé méid a bhíodh aige le tabhairt uaidh, agus do curtí an chuid eile síos ’n-a choinnibh i leabhar an chúntais. Do dhíoladh sé i gcómhnuighe an méid ba mhó a fhéadadh sé dhíol; ’sé sin le rádh do dhíoladh sé breis agus an méid ba mhó ba cheart a bheith mar chíos air. Ach bhíodh an cúntas ’n-a choinnibh ag méadughadh i [ 190 ]n-aghaidh an lae, i dtreó go mbíodh a chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh air, agus a fhios aige ná béadh aon bhreith go deó aige ar an leabhar san do ghlanadh. Do shleamhnuigheadh an sgéal amach. Do bhíodh a fhios ag na cómharsain an t-airgead mór a bheith sa leabhar i gcoinnibh an fhir sin. Bhíodh duine des na cómharsain sin go mbíodh raint éigin airgid cruinnighthe aige, le gráséireacht b’ fhéidir. D’airigheadh sé sgéal na feirme úd. Thagadh sé chun cainte leis an agent.

“A leithéid seo, a dhuin’uasail,” adeireadh sé. “D’airigheas go raibh an fheirm úd Seághain uí Rudaidhe le cur, agus is amhlaidh mar atá an sgéal d’oireamhnfadh an áit mise go h-ana mhaith.”

“Ní’l an fheirm le cur fós,” adeireadh an t-agent, “ach tá an cíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha. Ní’l ó’n máighistir ach a chuid féin. Ní maith leis bheith dian ar Sheághan ua Rudaidhe bocht, ach ní mór do gach aoinne a chuid féin fhághail. Má dhíolan tusa an cheithre chéad púnt gheobhair an fheirm ar an gcíos gcéadna atá ar Sheághan ua Rudaidhe.”

“Tá go maith, a dhuin’uasail,” adeireadh fear an airgid, agus d’imthigheadh sé.

Chuireadh an t-agent fios ar Sheághan ua Rudaidhe. Thagadh Seághan ua Rudaidhe bocht agus crith chos a’s lámh air.

“A leithéid seo, a Sheághain,” adeireadh an t-agent. “Tá do chíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha anso sa leabhar so.”

“Tá go macánta, a dhuin’uasail,” adeireadh Seághan.

“Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Sheághain,” adeireadh an t-agent, “ní maith leis an máighistir bheith dian ort. D’fhéadfadh sé a bhfuil agat do thógaint le ceart dlíghe dá mba mhaith leis é, agus tú chur amach gan [ 191 ]feóirling. Ní maith leis é sin a dhéanamh ort féin agus ar do mhnaoi agus ar do chlainn. Bhéadh sé sásta dá n-imthightheá as an áit agus a bhfuil agat do thógaint leat. Tá láir agus trí cínn de bhuaibh agat agus cúpla caoire. D’fhéadfadh sé iad san a bhaint díot le dlígh dá mba mhaith leis é, ach bhéadh sé sásta dá dtógthá leat iad agus an tseilbh a thabhairt dó. Ach tá fhios agat féin dá dtéigheadh an sgéal chun dlíghe go gcaithfí a bhfuil sa n-áit a thógaint.”

Thuigeadh Seághan ua Rudaidhe cad é an brígh a bhíodh leis an gcaint sin. Thugadh sé uaidh an tseilbh agus thógadh sé leis pé éifeachtaí beaga a bhíodh aige, agus do “maithtí” an cheithre chéad púnt dó! Agus dar nóin ba “mhórchroídheach” an fear an máighistir tar éis an cheithre chéad púnt san do “mhaitheamh”! Do gheibheadh fear an airgid an fheirm, agus do gheibheadh an máighistir an cheithre chéad púnt úd a “maitheadh” do Sheághan ua Rudaidhe.

Ní bhíodh ag fear an airgid, b’fhéidir, ach trí chéad. Thógadh sé an céad eile ar iasacht as an mbanc. Chuireadh san sé púint sa mbliain de bhreis ar an gcíos dó, cíos a bhí ró árd ar fad cheana. Chomáineadh sé leis ag briseadh a chroídhe ag obair ar an bhfeirm go dtí go mbíodh, b’fhéidir, naoi nó deich de bhlianaibh curtha dhé aige. Ní bhítí ró dhian choídhche air i dtaobh cíosa. Ach nuair a bhíodh raint blianta caithte aige sa n-áit bhíodh, i n-aimhdeóin a dhíchil bháis agus bheatha, cheithre chéad púnt eile sa leabhar ’n-a choinnibh.

Do h-imirtí an cluiche céadna díreach airís, ar an gcuma gcéadna. Do “maithtí” an cheithre chéad púnt airís d’fhear an airgid nuair a gheibhtí é ó fhear airgid eile. Mar sin dóibh ag teacht agus ag imtheacht i ndiaigh chéile. Sin mar a h-innseadh an sgéal dómh-sa [ 192 ]nuair a chuas ann agus nuair a bhíos a d’iaraidh fírinne an sgéil a dhéanamh amach eatartha.

D’eirigh an t-imreas, mar theastuigh ós na tineóntaithibh locáiste dh’fhághail sa chíos a bhí ortha, fé mar a bhí dh’á fhághail ag na tineóntaithibh ar gach aon estát eile sa dúthaigh. Ní thabharfadh Lord Doneraile aon locáiste uaidh. Tháinig na tineóntaithe go léir chúgham-sa agus d’iaradar orm an t-airgead do thógaint ar mo láimh féin, ’sé sin an cíos ach amháin an locáiste, agus é choimeád go dtí go dtoileóch’ an máighistir chun é ghlacadh gan an locáiste. Thógas an t-airgead agus chuireas isteach sa bhanc é. Thug lucht dlíghe an mháighistir iaracht ar gharnishee dhéanamh ar an airgead nuair a bhí sé sa bhanc. Do theip ortha. Ní dhéanfadh an banc rud ortha. Tháinig órdughadh ó Bhaile Átha Cliath ’ghá rádh leis na bancairíbh i nDún ar Aill an t-airgead do choimeád go dtí go dtabharfaidís thar n-ais dómh-sa é. D’fhan an sgéal ar an gcuma san ar feadh leath-bhliana. Bhí an máighistir ró ghasta dhúinn ámhthach. Níor chuir sé an dlígh ar aoinne des na tineóntaithibh. Nuair a fiafraightí dhé an dtabharfadh sé an locáiste uaidh ní bhíodh d’fhreagra choídhche aige ach ná raibh aon dithneas air féin leis an gcíos; go nglacfadh sé pé méid a tabharfaí dhó, pé uair ba mhaith le h-aon tineóntaidhe é thabhairt dó. Níor bh’ fhéidir aon rud a dhéanamh le fear de’n tsórd san. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag cuid des na tineóntaithibh. Thánadar chúgham agus dúbhradar nár bh’ aon mhaith bheith ag fágaint an sgéil mar a bhí sé. Go mb’ fhéidir go raibh cuid acu agus dá dtugtí dhóibh an locáiste féin ná béadh ar a gcumas an chuid eile de’n chíos a dhíol; go mb’ fhéidir gur lúgha a bhéadh le díol acu gan an locáiste dh’ fhághail ’ná dá bhfaighdís é. [ 193 ]Chonac cad é an fuadar a bhí fútha agus chaitheas chúcha an t-airgead. Is dóich liom go bhfuaradar go léir níos mó búntáiste ’ná mar a gheóbhaidís dá ngeartí amach an locáiste dhóibh agus an chuid eile d’éileamh ortha go léir sa tímpal. Bhí a lán acu lasmuich de pharóiste Dhún ar Aill agus d’á bhrígh sin níor bh’ fhuiriste iad a choimeád dlúithte le chéile ar aon aigne ar feadh aon fhaid mhór aimsire. Tháinig aon toradh amháin fóghanta ó’n obair. Do cuireadh deire leis an gcleas úd a déintí ar “Sheághan ua Rudaidhe” agus ar “fhear an airgid.” B’éigean d’ “fhear an airgid,” feasta, úsáid éigin eile sholáthar do’n airgead i n-éaghmuis é chur isteach i bhfeirm “Sheághain uí Rudaidhe.” Dá ndeineadh sé an úsáid sin de’n airgead do liúghfaí “Grabber!” ’n-a dhiaigh. B’fhearra dhó teitheadh as an ndúthaigh ’ná an liúgh san do dhul amach air. B’ éigean dó a leas do dhéanamh bíodh gur d’á aimhdheóin é.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.