sa n-áit. Bhí tighearna talmhan ag an mbórd. Bhí focal anois a’s airís aige ’á sgaoileadh amach i dtaobh na h-éagcóra a bhí ’á dhéanamh ar na tighearnaíbh bochta. Ní rabhas-sa ’ghá leigint orm gur thuigeas cad a bhí ar siúbhal aige. Fear bocht fóghanta ab eadh é ar gach aon chuma eile, agus níor theastuigh uaim bheith ’ghá ghríosadh. Bhí duin’uasal eile ag an mbórd agus bhí fhios agam gur leis na tighearnaíbh talmhan a bhí a bháidh go léir, agus níor mhisde liom clabhtóg a bhualadh air dá dtugadh sé an chúis agus an chaoi dhom. Dochtúir ab eadh é. Do thug. Do ghluais caint i dtaobh cé’cu ag na feirmeóiribh a bhí an ceart nó ag na máighistríbh, agus ansan i dtaobh conus ba cheart cosg do chur leis na gníomharthaibh díoghaltais. Ní raibh aon fhocal agam-sa d’á rádh. Fé dheire do labhair an dochtúir liom lom díreach.
“Inis an méid seo dhom, a Athair,” ar seisean. “Cad ’tá uaibh?”
Cheap sé go dtabharfainn caoi dhó ar a radh gur bh’ é rud a bhí uainn ’ná talamh gan chíos a thabhairt dos na feirmeóiribh, agus go raobhfadh san an seachtmhadh aithne, ná raibh ann ach cuid na cómharsan do thógaint go h-aindleaghthach.
“Neósfad-sa dhuit, a Dhochtúir,” arsa mise, “cad ’tá uainn. Sidé atá uainn; gan a bheith ar chumas duine cuid duine eile do bhreith leis agus do choimeád. An t-é a dheinean saothar is leis toradh an tsaothair. An t-é a bhainfidh de’n duine sin toradh an tsaothair sin déanfaidh sé éagcóir. Isé rud atá uainn ’ná cosg do chur leis an éagcóir sin le dlígh.”
Níor chuir an dochtúir an tarna ceist chúgham.
Ní rabhas ach dhá bhliain sa pharóiste nuair ab é toil Dé glaodhach ar an seana shagart. Dúbhairt gach