Page:Mo sgeal fein.djvu/206

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

nuair a chuas ann agus nuair a bhíos a d’iaraidh fírinne an sgéil a dhéanamh amach eatartha.

D’eirigh an t-imreas, mar theastuigh ós na tineóntaithibh locáiste dh’fhághail sa chíos a bhí ortha, fé mar a bhí dh’á fhághail ag na tineóntaithibh ar gach aon estát eile sa dúthaigh. Ní thabharfadh Lord Doneraile aon locáiste uaidh. Tháinig na tineóntaithe go léir chúgham-sa agus d’iaradar orm an t-airgead do thógaint ar mo láimh féin, ’sé sin an cíos ach amháin an locáiste, agus é choimeád go dtí go dtoileóch’ an máighistir chun é ghlacadh gan an locáiste. Thógas an t-airgead agus chuireas isteach sa bhanc é. Thug lucht dlíghe an mháighistir iaracht ar gharnishee dhéanamh ar an airgead nuair a bhí sé sa bhanc. Do theip ortha. Ní dhéanfadh an banc rud ortha. Tháinig órdughadh ó Bhaile Átha Cliath ’ghá rádh leis na bancairíbh i nDún ar Aill an t-airgead do choimeád go dtí go dtabharfaidís thar n-ais dómh-sa é. D’fhan an sgéal ar an gcuma san ar feadh leath-bhliana. Bhí an máighistir ró ghasta dhúinn ámhthach. Níor chuir sé an dlígh ar aoinne des na tineóntaithibh. Nuair a fiafraightí dhé an dtabharfadh sé an locáiste uaidh ní bhíodh d’fhreagra choídhche aige ach ná raibh aon dithneas air féin leis an gcíos; go nglacfadh sé pé méid a tabharfaí dhó, pé uair ba mhaith le h-aon tineóntaidhe é thabhairt dó. Níor bh’ fhéidir aon rud a dhéanamh le fear de’n tsórd san. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne ag cuid des na tineóntaithibh. Thánadar chúgham agus dúbhradar nár bh’ aon mhaith bheith ag fágaint an sgéil mar a bhí sé. Go mb’ fhéidir go raibh cuid acu agus dá dtugtí dhóibh an locáiste féin ná béadh ar a gcumas an chuid eile de’n chíos a dhíol; go mb’ fhéidir gur lúgha a bhéadh le díol acu gan an locáiste dh’ fhághail ’ná dá bhfaighdís é.