Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/205

From Wikisource
This page has been proofread.

feóirling. Ní maith leis é sin a dhéanamh ort féin agus ar do mhnaoi agus ar do chlainn. Bhéadh sé sásta dá n-imthightheá as an áit agus a bhfuil agat do thógaint leat. Tá láir agus trí cínn de bhuaibh agat agus cúpla caoire. D’fhéadfadh sé iad san a bhaint díot le dlígh dá mba mhaith leis é, ach bhéadh sé sásta dá dtógthá leat iad agus an tseilbh a thabhairt dó. Ach tá fhios agat féin dá dtéigheadh an sgéal chun dlíghe go gcaithfí a bhfuil sa n-áit a thógaint.”

Thuigeadh Seághan ua Rudaidhe cad é an brígh a bhíodh leis an gcaint sin. Thugadh sé uaidh an tseilbh agus thógadh sé leis pé éifeachtaí beaga a bhíodh aige, agus do “maithtí” an cheithre chéad púnt dó! Agus dar nóin ba “mhórchroídheach” an fear an máighistir tar éis an cheithre chéad púnt san do “mhaitheamh”! Do gheibheadh fear an airgid an fheirm, agus do gheibheadh an máighistir an cheithre chéad púnt úd a “maitheadh” do Sheághan ua Rudaidhe.

Ní bhíodh ag fear an airgid, b’fhéidir, ach trí chéad. Thógadh sé an céad eile ar iasacht as an mbanc. Chuireadh san sé púint sa mbliain de bhreis ar an gcíos dó, cíos a bhí ró árd ar fad cheana. Chomáineadh sé leis ag briseadh a chroídhe ag obair ar an bhfeirm go dtí go mbíodh, b’fhéidir, naoi nó deich de bhlianaibh curtha dhé aige. Ní bhítí ró dhian choídhche air i dtaobh cíosa. Ach nuair a bhíodh raint blianta caithte aige sa n-áit bhíodh, i n-aimhdeóin a dhíchil bháis agus bheatha, cheithre chéad púnt eile sa leabhar ’n-a choinnibh.

Do h-imirtí an cluiche céadna díreach airís, ar an gcuma gcéadna. Do “maithtí” an cheithre chéad púnt airís d’fhear an airgid nuair a gheibhtí é ó fhear airgid eile. Mar sin dóibh ag teacht agus ag imtheacht i ndiaigh chéile. Sin mar a h-innseadh an sgéal dómh-sa