Page:Mo sgeal fein.djvu/204

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

n-aghaidh an lae, i dtreó go mbíodh a chroídhe briste ó bheith ag cuimhneamh air, agus a fhios aige ná béadh aon bhreith go deó aige ar an leabhar san do ghlanadh. Do shleamhnuigheadh an sgéal amach. Do bhíodh a fhios ag na cómharsain an t-airgead mór a bheith sa leabhar i gcoinnibh an fhir sin. Bhíodh duine des na cómharsain sin go mbíodh raint éigin airgid cruinnighthe aige, le gráséireacht b’ fhéidir. D’airigheadh sé sgéal na feirme úd. Thagadh sé chun cainte leis an agent.

“A leithéid seo, a dhuin’uasail,” adeireadh sé. “D’airigheas go raibh an fheirm úd Seághain uí Rudaidhe le cur, agus is amhlaidh mar atá an sgéal d’oireamhnfadh an áit mise go h-ana mhaith.”

“Ní’l an fheirm le cur fós,” adeireadh an t-agent, “ach tá an cíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha. Ní’l ó’n máighistir ach a chuid féin. Ní maith leis bheith dian ar Sheághan ua Rudaidhe bocht, ach ní mór do gach aoinne a chuid féin fhághail. Má dhíolan tusa an cheithre chéad púnt gheobhair an fheirm ar an gcíos gcéadna atá ar Sheághan ua Rudaidhe.”

“Tá go maith, a dhuin’uasail,” adeireadh fear an airgid, agus d’imthigheadh sé.

Chuireadh an t-agent fios ar Sheághan ua Rudaidhe. Thagadh Seághan ua Rudaidhe bocht agus crith chos a’s lámh air.

“A leithéid seo, a Sheághain,” adeireadh an t-agent. “Tá do chíos cheithre chéad púnt i ndiaigh lámha anso sa leabhar so.”

“Tá go macánta, a dhuin’uasail,” adeireadh Seághan.

“Is amhlaidh mar atá an sgéal, a Sheághain,” adeireadh an t-agent, “ní maith leis an máighistir bheith dian ort. D’fhéadfadh sé a bhfuil agat do thógaint le ceart dlíghe dá mba mhaith leis é, agus tú chur amach gan