Mo Sgéal Féin/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Mo Sgéal Féin
by Peadar Ua Laoghaire
Mo Sgéal Féin is the autobiography of Peadar Ua Laoghaire (1839–1920), published in 1915.

[ 193 ]

XXVIII
“MADAM ANNE”

Bhínn ag gabháil do’n Ghaeluinn an fhaid a bhíos i nDún ar Aill, ach ní mór fhéadainn a dhéanamh. Do labhrainn í le h-aoinne do labharadh liom í, agus do léighinn í as aon leabhar a castí orm n-a mbíodh aon tsaghas Gaeluinne ann. Bhíodh ainim na Gaeluinne [ 194 ]orm ar aon chuma, agus bhíodh ceisteana ag teacht chúgham le réidhteach anois a’s airís, tríd an bport.

Tháinig leitir chúgham lá ó mhnaoi uasail a bhí pósta ag mac, nó ag mac mic, do Dhómhnall ua Chonaill. Inghean ab eadh í do Bhianconi, an fear úd go mbíodh na cóistí go léir ar na bóithribh aige go dtí gur chuir na traenana deire leó. Dúbhairt sí liom sa leitir go raibh sgríbhinn aici a fuair sí thíos i gContae Luimníghe agus gur bh’ é sgríbhinn é ’ná an caoine úd a dhein Eibhlín ní Chonaill ar bhás Airt uí Laoghaire, nuair a lámhadh é ar Inse Charaig an Ime. Dúbhairt sí go raibh fear éigin thíos i Luimnigh ag casadh le Béarla chur ar an sgríbhinn di, agus go raibh eagal uirthi ná raibh eólus a dhóithin ar an nGaeluinn aige chun na h-oibre sin do dhéanamh mar ba cheart. D’fhiafraigh sí dhíom ar mhisde liom leigint di an sgríbhinn a chur chúgham-sa chun Béarla chur ar an gcaint. Do chuireas freagra chúichi láithreach ’ghá rádh léi nár mhisde, agus go ndéanfainn an obair dhi chómh maith agus d’fhéadfainn é. Chuir sí chúgham an sgríbhinn agus chuir sí leitir chúgham i n-aonfheacht leis an sgríbhinn ’ghá ínsint dom go raibh aon líne amháin ann agus gur theip glan ar an bhfear thíos a dhéanamh amach cad é an brígh a bhí leis an gcaint a bhí sa líne sin. Dúbhairt sí go raibh trácht sa líne ar “Madam Anne” éigin, agus ná féadfadh an fear thíos a dhéanamh amach ó thalamh an domhain cé r’ bh’í “Madam Anne.”

“Is léir,” ar sisi, “gurab ar an Madam Anne seo a bhí an milleán go léir ag Eibhlín i dtaobh bháis Airt. Ba mhaith liom a dh’fhághail amach, má’s féidir é, cé r’ bh’ í féin agus cad a dhein sí i gcoinnibh Airt, nó an amhlaidh a bhí éad ar Eibhlín mar gheall uirthi.”

Is i mBéarla do sgríbh sí an leitir, nídh nách [ 195 ]iongnadh, ach siné bunús na cainte a bhí sa leitir. D’inis sí dhom cá bhfaighinn an líne sa sgríbhinn. Chuardaigheas an sgríbhinn agus fuaras an líne agus fuaras an dá líne roimis an líne sin. Sidiad iad.

“Art ua Laoghaire
Atá anso traochta
Ó mhaidin anné agam.”

Admhuighim gur bhaineas leathadh as mo bhéal agus gur dheineas sgearta gáire, i dtreó gur airigheadh ins gach aon pháirt de’n tigh mé, nuair a chonac an cuirptheach mná, droch aigeanta, díoblaídhe, Madam Anne a bhí eirighthe chúgham, amach as an bhfocailín mbeag neamhthuairimeach san “Ó mhaidin anné”—“since yesterday morning”! Ní h-ar an mnaoi uasail a sgríbh an leitir chúgham a bhí aon mhilleán agam, nídh nách iongnadh, ach ar an bhfear thíos a bhí ’ghá leigint air gur thuig sé an Ghaeluinn.

Chuireas féin chúichi an brígh ceart, agus dúbhart léi nár airigheas féin riamh aon trácht ar aon éad a bheith ar Eibhlín ní Chonaill chun aon “Madam Anne,” ná chun aon tsaghas “Madam” eile.

Ansan do sgríobhas amach an caoine go léir i mBéarla, chómh cruinn agus d’fhéadas é, agus chuireas chúichi é. Nídh nách iongnadh, ní h-ar dheiseacht an Bhéarla a bhíos-sa ag cuimhneamh nuair a bhíos ag déanamh na h-oibre, ach ar dheiseacht na Gaeluinne, agus ar conus a thabharfainn liom sa Bhéarla deiseacht na Gaeluinne agus neart na Gaeluinne, agus fuinneamh na Gaeluinne, agus an dásacht agus an ghluaiseacht fola a chuireadh an Ghaeluinn sin am’ chroídhe féin nuair a labhrainn amach í go h-árd. Chuireas mo sgríbhinn Béarla ag triall ar an mnaoi [ 196 ]uasail i n-aonfheacht leis an sgríbhinn Gaeluinne a chuir sí chúgham. Ní dóich liom gur thaithn mo Bhéarla i n-aon chor léi. Do sgríbh sí féin Béarla eile, le congnamh an Bhéarla a thugas-sa dhi. Ach dar liom-sa do bhain sí deiseacht na Gaeluinne as an obair ar fad. Mar seo, féach. Sa n-áit ’n-a n-abradh Eibhlín “Mo ghrádh go daingean tu!” chuireadh an bhean uasal Béarla ar an gcaint mar seo:—“Beloved of my steadfast heart!” Ní fhéadfainn-se blas ná cuma ná crot fhághail air sin. Is dócha, ámhthach, go raibh sé go maith mar Bhéarla. D’airigheas daoine tuisgionacha ’ghá mholadh.

Tamall beag ’n-a dhiaigh san do sgríbh an bhean uasal chéadna chúgham airís. Dúbhairt sí gur airigh sí blúire éigin Gaeluinne d’á labhairt; gur airigh sí daoine a thuig an chaint ag moladh na cainte go mór; gur sgríbh sí féin síos an chaint do réir fuaimeana na bhfocal, fé mar fhéad a cluasa greim fhághail ar na fuaimeanaibh; go raibh sí ag cur na sgríbhinne sin chúgham-sa, istigh sa leitir sin, féachaint an bhféadfainn brígh na cainte dhéanamh amach. D’fhéachas ar an bpáipéar ar ar dhein sí an sgríbhinn. Thugas iaracht ar fhocalaibh a dhéanamh as na leitireachaibh. Nuair a chuireas na focail i n-aice ’chéile ní raibh aon bhrígh leó. Thugas iaracht eile. Bhí na focail a tháinig an tarna h-uair bun os cionn ar fad leis na focalaibh a tháinig an chéad uair, agus ní raibh aon bhrígh leó ach chómh beag. Thugas an trímhadh h-iaracht. Tháinig na focail, an trímhadh h-uair, bun os cionn leis na focalaibh a tháinig an dá uair eile, agus theip orm airís aon bhrígh bhaint asta. Is dóich liom dá mbeinn ag gabháil dóibh ó shin gur b’ é an sgéal céadna bhéadh agam. Chuir an obair i gcuimhne dhom leabhar a léigheas mórán blianta roimis sin. [ 197 ]“Vathek” ab ainim do’n leabhar. Innstear sa leabhar conus mar a bhí rí uasal árd-chómhachtach sa domhan tsoir, agus gur bhuail chuige lá ceannaidhe éigin a bhí ag díol arm. Cheannaigh an rí claidheamh ana bhreagh uaidh. D’imthigh an ceannaidhe. Ar maidin amáireach a bhí chúghainn bhí an rí ag féachaint ar an gclaidheamh agus ag déanamh iongnadh dhé, bhí sé chómh breagh san. ’Gá iniúchadh dhó thug sé fé ndeara, ar a lann, sgríbhinn éigin. Thug sé iaracht ar an sgríbhinn do léigheadh. Do theip air. Chuir sé fios ar na sgoláiríbh móra a bhí ar a theaghlach. Do theip ortha aon bhrígh bhaint as an sgríbhinn. Bhí féasóg bhreagh mhór throm fhada ar gach aoinne acu. Cheap an rí na cinn a bhaint díobh, ach dúbhairt sé go ndéanfadh sé an gnó na féasóga do bhearradh dhíobh. Do bearradh an fhéasóg de gach aoinne acu. Tháinig sgoláirí móra ó gach aon pháirt de’n rígheacht, gach aoinne acu deimhnightheach go léighfeadh sé féin an sgríbhinn. Do baineadh an fhéasóg de ’n uile dhuine riamh acu. Fé dheire tháinig seanduine beag suarach dubh agus dronn air, agus féasóg air níba bhreaghtha go mór ’ná mar a bhí ar aoinne de’n chuid eile. Do léigh sé an sgríbhinn agus do nocht sé a bhrígh. “An claidheamh is fearr sa domhan do’n rí is fearr sa domhan,” nó rud éigin de’n tsórd san, iseadh adúbhairt an sgríbhinn. Bhí áthas mór ar an rí, agus do tugadh onóir ana mhór d’fhear na druinne. Ar maidin amáireach a bhí chúghainn dúbhairt an rí le fear na druinne an sgríbhinn do léigheadh airís dó. Chómh luath agus d’fhéach fear na druinne ar an lann tháinig tocht air.

“Léigh amach dom é!” arsa’n rí.

“Á, a rí,” arsa’n fear, “ní h-é an sgríbhinn céadna é a bhí indé ann!”

[198]“Léigh é, pé rud é!” arsa’n rí.

Seo mar a léigh sé amach:

“Is mairg do’n rígh a shanntuighean eólus atá os cionn a thuisgiona agus gníomh atá os cionn a chumais.”

“Baintear leath na féasóige dhé,” arsa’n rí, “agus imthigheadh sé as mo radharc!” Do baineadh, agus d’imthigh. ’N-a dhiaigh san bhíodh an rí féin ag casadh leis an sgríbhinn do léigheadh, ach do theipeadh air i gcómhnuighe. Chíodh sé, ámhthach, bíodh na féadadh sé an sgríbhinn do léigheadh, nár bh’ é an sgríbhinn céadna é aon dá lá as a chéile. B’shiné an údhálta agam-sa agus ag an sgríbhinn a fuaras ó’n mnaoi uasail úd. D’innseas an méid sin di sa leitir a chuireas chúichi. Is dócha gur mheas sí gur ag magadh fúithi a bhíos, mar níor sgríbh sí chúgham ó shin.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.