Page:Mo sgeal fein.djvu/199

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
XXVII
TINEÓNTAITHE AGUS TIGHEARNAÍ

I gcaitheamh na h-aimsire a thugas i gCill Úird an uair sin bhíos ag faire ar an ngleic a bhí ar siúbhal idir na feirmeóiribh agus na tighearnaíbh talmhan, agus ba dheas an radharc é. Nuair a deintí droch ghníomhartha díoghaltais ar lucht na sainte, a thógadh talamh as a mbíodh tineóntaidhe éigin díbeartha, do h-innstí an sgéal ins na páipéaraibh thall i Sasana, agus do méaduightí é. Ansan do thagadh an fhearg ar mhuintir Shasana, agus do caithtí na smacht-dlighthe do chur i bhfeidhm. Ansan thagadh misneach do’n landlord agus tharaingeadh sé chuige an seana dhoithigheas. Do chomáineadh sé litir chun tineóntaidhe ag éileamh cíosa uaidh. Do taisbeántí dhom an leitir. Sidí an saghas cainte a bhíodh inti:

Carey,

“Come in here on Saturday and pay your rent. The next application will be a writ.

George Smith”.

Nuair a chonac leitir acu chómhairligheas do Charey dul agus an cíos do dhíol, le h-eagla go gcurfaí tuille cosdais air. D’imthigh sé isteach Dé Satharainn a bhí chúghainn. Tharaing sé lán a dhuirn d’ airgead as a phóca agus shín sé chun an agent é. Chómhairimh seisean é. Bhí raint pinginí i n-easnamh air. Thóg an t-agent suas an t-airgead ’n-a láimh agus do