Jimín Mháire Thaidhg/14

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
OIḊĊE IASCAIĠ
[ 91 ]

Caibidiol XIV

OIḊĊE IASCAIĠ

Tráṫnóna Dé hAoine ḃíos ṫíos sa Ċuas ag féaċaint orṫa ag cur na líonta ins na naoṁóga. Ḃí iasc sa ċuan, tá’s agat—mairciréil Fóṁair agus iad ag ráṫ’íoċt ar ḃarra an uisge le ḋá lá roiṁe sin agus ṁealladar muinntir an ḃaile ċun dul ’na ndiaiḋ. Tógaḋ anuas láiṫreaċ seanalíonta ḃí le bliain ar na loċtaí agus ar na maidí snaḋmṫa agus deisiġeaḋ na mogail ḃriste ionnta agus cuireaḋ braiġdeáin leo ċun na gcloċ a ċeangal dá mbun ċun iad a ṡúncáil. Mise ḃailiḃ na cloċa do Ṫaḋg Óg.

Trí naoṁóga atá sa ċuas so ’gainne, agus gaċ ceann aca páirteaċ idir ḃeirt nó triúr. Aṫair Ṁicilín atá páirteaċ le Taḋg Óg, agus ḃeireadar Donnċa Ṗeig leo ’na ṫríú duine. Ḃí an tráṫnóna go breá agus barra taoide ann nuair a ḃíomair ag bórdáil na líonta ṫíos age leac a’ ḃáid. Mise ḃí ag congáil na naoṁóige do ċriú Ṫaiḋg Óig faid a ḃíodar san ag réiḋteaċ an lín agus ag ceangal na gcloċ i ngiorraċt gaċ aon ċúpla feaḋ dá ċéile agus ’á socrú i dtóin na naoṁóige i dtreo ná beaḋ aon ḃaoġal go raġaḋ an líon i n-aċrann nuair a ḃeidís ’á ċur i ḃfairrge. Ní fada ḃíos ṫíos nuair ċuala Mam ag glaoḋaċ orm. D’ísliġeas-sa síos sa naoṁóig agus ní ṫugas aon tor’ uirṫi. Ḃí’os agam go maiṫ gur d’iarraiḋ na mbó ḃeaḋ sí am’ ċur. Táim marḃ age sna ba céadna siar ’s aniar gaċ aon lá. Ní ḟeacaiḋ Mam i n-ao’ ċor me agus b’éigean di Cáit a ċur ċun iad a ḃagairt aḃaile. B’ḟearr liom-sa gurḃ é Daid a ċuirfeaḋ sí ann mar ḃí’os agam ná féadfaḋ Cáit an ċloċ a ċur sa ḃeárnain ’na diaiḋ agus go mbeaḋ asail an ḃaile ag [ 92 ]dul ar ár gcuid-ne agus nár ḋóiċiġe rud eile ná go mbeaḋ Mam am’ ċur-sa ’na ndiaiḋ ċun iad a ruagairt. Aċ ní raiḃ Daid istiġ, is dóċa, ċun é ċur ann.

Ḃí Donnċa Ṗeig ag gaḃáil dom i dtaoḃ nea’ṫor’ a ṫaḃairt ar mo ṁáṫair.

“Mór an náire ḋuit é ná déanfaḋ rud ar do ṁáṫair, a ḃligeáird ṁaiṫ,” ar seisean.

“Níor iarr aonne ort-sa do ṡrón a ċur i n-ao’ ċor ann,” arsa mise.

Is dóċa go raḃas droċṁúinte, aċ cad ’na ṫaoḃ gur ṫug sé bligeárd orm.

D’ḟéaċ Donnċa Ṗeig go feargaċ orm. “Um, bó,” ar seisean, “a ḋroċḃreed! ar ḃiorán buiḋe ċaiṫfinn i ḃfairrge ṫu.”

“B’ḟearra ḋuit é ṫriail,” arsa mise agus rugas ar ṁaide ráṁa ċuige.

Do ġáir Taḋg Óg. “Ṁuise, mo ċroiḋe ṫu, a Jimín!” ar seisean. “Mairḃ ar fad an seanaċníopaire”; aċ níor ṁarḃuiġeas ’r a ṡon san.

Ṫug Donnċa Ṗeig aġaiḋ ar Ṫaḋg Óg annsan. “Is measa tusa tá ag séideaḋ fé. Níl sé droċṁúinte a ḋóṫain ċeana is dóċa,” arsa Donnċa.

Annsan d’imiġ Donnċa Ṗeig aḃaile d’iarraiḋ treaḃsair agus lón bíḋ i gcóir na hoiḋċe. Ċaiṫ Taḋg Óg an seól isteaċ i dtosaċ na naoṁóige agus tar éis an naoṁóg a ċeangal den ḃfáinne iarainn d’imiġ sé féin agus aṫair Ṁicilín aḃaile d’iarraiḋ culaiṫ iascaiġ agus lóin.

Ḃí sórt leisge orm féin dul suas, tá’s agat, ar eagla go ḃfeicfí sa ḃaile me agus go ḃfaġainn rud le déanaṁ ó Mam. Is maiṫ an sás ċuige sin í.

Ḃí an ġrian imiṫe síos agus daṫ an ċopair ar an spéir go léir ṫiar. Ḃí an ḟairrge ar nós ruda ḃeaḋ ’na suan agus a huaċtar mar a ḃeaḋ gloine le sleaṁaine. Ḃí gaċ aon rud ċoṁ ciúin sin go dtiocfaḋ saġas uaignis ort, aċ níorḃ aon uaigneas é gur ṁaiṫ leat dul uaiḋ, aċ is aṁlaiḋ d’ḟanfá id’ ṫost gan ċorraiġe. Níor ċorruiġeas féin go ceann i ḃfad aċ ḃíos ag iarraiḋ a’ [ 93 ]ḃfeicfinn Tír na nÓg ṫiar ar fad sa ḃfairrge, aċ ní ḟeaca. Taḋg Óg aduḃairt liom go ḃfuil sí ann agus gur ċaiṫ Oisín trí ċéad bliain innti gan aon lá aoise a ṫeaċt air. Duḃairt Niaṁ Cinn Óir leis gan dul ṫar n-ais go hÉirinn níos mó, aċ ṗrioc an míḟoirtiún é go dtiocfaḋ sé ag féaċaint na seanaṁuinntire, agus ní túisge ċuir sé a ċos ar ṫalaṁ na hÉireann ná ḋein seanduine ḋo agus cailleaḋ ’na ḋiaiḋ san é. Nárḃ é an t-amadán Oisín nár ḟan mar ḃí aige. Iomarca teaspaiġ, is dóċa.

“Hé, Jimín,” arsa Mam arís, agus í amuiċ ar an gclaiḋe am’ lorg. Ruaig sí sin Tír na nÓg as mo ċeann agus ċuas isteaċ fén seól sa naoṁóig ċun ná feiceaḋ sí me. Le n-a linn sin ċuala na hiascairí ag teaċt ċun dul ar an ḃfairrge. Ċualadar Mam ag glaoḋaċ orm.

“N’ḟeadar,” arsa Donnċa Ṗeig, “cá ḃfuil an diailín sin imiṫe. Ḃí sé annsan ó ċiainiḃ. Sid í a ṁáṫair fós ’á lorg.”

“I n-áit éigin ċun toirmisc, bíoḋ geall,” arsa aṫair Ṁicilín. “Níl a leiṫéid ar ḋá ċois.”

“Scaoil an téad san agus bímís ag bogaḋ linn siar,” arsa Taḋg Óg.

Faid a ḃíodar ag cainnt, a ḋuine, ṫáinig anaċuiṁneaṁ dom go raġainn féin ag iasgaċ leo an oiḋċe sin; agus ná raiḃ agam aċ fanúint socair mar a raḃas agus ná taḃarfaí fé ndeara me go mbeidís ró ḟada siar ċun filleaḋ aḃaile liom. Ṫáinig sé go léir im’ ċeann mar imeoċaḋ pléar as guna.

Ní raiḃ gíog asam agus iad ag teaċt sa naoṁóig. Ḃraiṫeas ag cur na maidí amaċ iad, agus níorḃ ḟada gur ḃraiṫeas siuḃal ag teaċt fén naoṁóig. Nuair ḃog sí amaċ as an gcuas ḃraiṫeas í ag tuitim ’s ag éiriġe le suaṫaḋ na fairrge.

Ḃí míḟoiḋne orm teaċt amaċ ón seol agus preab a ḃaint asta; aċ ḃí eagla orm dá ndeininn ró luaṫ é go ḃfillfidís agus go gcuirfidís i dtír arís me. Ba ṡia liom gaċ neomat ná uair a’ ċluig ag feiṫeaṁ. Níor [ 94 ]laḃair aon duine den triúr go ceann i ḃfad aċ iad ag tarrac leo go fada breá réiḋ. Annsan ċonnaic aṫair Ṁicilín rud éigin sa ḃfairrge.

“Ab’in tóiṫín laistiġ dínn?” ar seisean. Do stad an ráṁ’íoċt. I gcionn tamaill laḃair Taḋg Óg.

“Tá scol aca ann. Soir atáid siad ag gaḃailt. Ní haon droċċóṁarṫa ar iasc iad a ḃeiṫ ann.”

Ṫaḃarfainn an saoġal ar ċead a ḃeiṫ agam éiriġe ċun na muca mara ḋ’ḟeiscint, aċ ċeapas, am baic! go mb’ḟearr mo ċeann a ċoimeád go híseal tamall eile.

Ḃíodar annsan ag cainnt ar an ndíoḃáil a ḋeinid na muca mara agus na cránta mara dos na líontaí agus an tslí iṫid na madraí éisc agus na cailleaċa breaca an t-iasc as an líon. Duḃairt aṫair Ṁicilín go raiḃ trí ṁíle gaḃar insna líonta aca maidin aṁáin agus go raiḃ greim bainte as gaċ aon ċeann riaṁ aca age sna madraí. Ní dóċa gur ṫugadar féin fé ndeara i n-ao’ ċor é, aċ ní raiḃ aon ċainnt aca aċ ar ċoileaċa breaca agus ar ġaḃraiḃ agus ar ṁucaiḃ agus ar ainṁiḋṫe eile. Naċ ait go ḃfuil gaċ aon ainṁiḋe riaṁ aca sa ḃfairrge.

Ḃíos faid gaċ ’nḟaid fén seól agus sa deire ní ḟéadfainn foiḋneaṁ a ṫuille agus ċuireas amaċ mo ċeann. Ḃí sé naċ mór dorċa. Ḃí drom an trír liom agus b’é Donnċa Ṗeig ba ġiorra ḋom. Ḃíodar ag tarrac leo ’s ag cainnt. Aṫair Ṁicilín a ḃí ’á innsint conus mar ḃí Taḋg Mór ar meisge oiḋċe aonaiġ agus ḋíriġ sé ar ṁuinntir a ṫiġe a léasaḋ. Do ṫeiċ a ḃean agus is i dtiġ a máṫar a ċaiṫ sí an oiḋċe. “Agus an d——l, a’ dtuigeann tú leat me? ḃí muinntir na mná ar buile agus ṫeastuiġ uaṫa ná raġaḋ sí ṫar n-ais ċuige, aċ ṫáinig sé leasmuiċ de ḋoras aca le píce agus d’ḟógair sé ḋóiḃ a ḃean a ċur amaċ ċuige, agus ċuireadar—uṁal go leór!”

“Ṁuise mo ġraiḋn í, an ḃean ḃoċt!” arsa Donnċa. “Ní maoiḋte a saoġal uirṫi nuair a ḃíonn aon ḃraon istiġ ag an ḃfear mór.” Ṫarraing Donnċa cúig ḃuille eile sarar laḃair sé arís. Annsan: “Ní ḟeicim-se aon [ 95 ]ḃean a ḃeaḋ maiṫ a ḋóṫain do-súd aċ Máire Ṫaiḋg. Sé an scrupall naċ í atá pósta leis. Deirim-se leat go ndíreoċaḋ sí sin Taḋg.”

“Ní ḟeadar an ndéanfaḋ,” arsa Taḋg Óg.

“Um, bó, sí ḋéanfaḋ,” arsa Donnċa agus do ṫarraing sé cúpla buille láidir. “Níl aon teora léi sin, a ḋuine. An feairín boċt láġaċ san atá aici—ná fuil a ċroiḋe ’s a ṁisneaċ briste sa duine boċt.”

Ṫáinig olc orm féin ón gcainnt sin. Pé rud a ṫuitfeaḋ amaċ eadrainn féin sa ḃaile ní leigfinn d’aonne Mam ná Daid do ċáineaḋ. D’éiriġeas amaċ ón seól.

“Ó ’ra, naċ fada go dtaċtann a’ t-éiṫeaċ tu!” arsa mis’. “Tá Daid . . . .”

Ḃíos ċun a ráḋ go raiḃ Daid gan aon ḃeann aige ar mo ṁáṫair, aċ, a ṁic ó! níor ċríoċnuiġeas an ċainnt ó ṡin. Ḃuel! mara mbeaḋ agat aċ aon ġáire aṁáin ċaiṫfeá é ḋéanaṁ fé Ḋonnċa Ṗeig. Ṫuit an dá ṁaide ráṁa uaiḋ agus ċuir sé béic as.

“I gcúntas Dé na ḃfeart!” ar seisean, agus annsan ċaiṫ sé é féin ar ḃior a ċinn siar fén dtoċta go raiḃ aṫair Ṁicilín ’na ṡuiḋe uirṫi. Stad an ḃeirt eile, leis, den ráṁ’íoċt. Ḃain aṫair Ṁicilín fíor na croise ḋe féin, agus d’éiriġ Taḋg Óg i ndeire na naoṁóige agus d’iompuiġ aniar féaċaint cad é an murdal a ḃí ar siuḃal i dtosaċ na naoṁóige. Nuair a ċonnaic sé mise ċuir sé sgarta gáire as. “Seaḋ, go ḃfaġad bás den dtart,” ar seisean, “marab é Jimín féin atá ann.”

Ċaiṫ aṫair Ṁicilín a hata i dtóin na naoṁóige.

“Ḃuel, d’imiġ a’ dial ar sin!” ar seisean.

Ara, a ḋuine, ḃí anaspórt againn agus an naoṁóg ’na stad amuiċ i lár na fairrge. Ḃí Donnċa Ṗeig anaḋúr, agus nuair a ḃíodar ag déanaṁ coṁairle le ċéile féaċaint cad ab’ ḟearr a ḋéanaṁ liom duḃairt sé gur ṁór an suaiṁneas ar ḋaoine é dá ndeintí cloċ a ċur lem’ ṁuineál agus me ċaiṫeaṁ go tóin puill, mar go raiḃ an diaḃal am’ ṗriocaḋ gaċ aon lá ḋen mbliain. Duḃairt aṫair Ṁicilín ná bainfeaḋ Aristeaitil aon ċeart díom.

[ 96 ]Ḃíodar tamall maiṫ ag argóint im’ ṫaoḃ, agus sé an socrú a ḋeineadar sa deire ná me a ċoimeád sa naoṁóig n-éinḟeaċt leo go maidin, cé go raiḃ Donnċa Ṗeig ’á ráḋ ’feaḋ na haimsire gur ċeart me ċur aḃaile, mar dá n-imiġeaḋ aon ní orm go mbeaḋ mo ṁáṫair ’á dtaḃairt féin ċun cúntais.

Ġluaiseamair arís, agus i gceann leaṫ-uair an ċluig nó mar sin, ṫánamair go dtí áit an iascaiġ. D’éiriġ an ḃeirt ṫiar as an ráṁ’íoċt agus ċromadar ar an líon a ċaiṫeaṁ amaċ—duine aca ar na cuirc agus an fear eile ar na cloċa. Ḃí Donnċa Ṗeig ag ainnliú na naoṁóige agus mé féin ag féaċaint ar an obair. Ṁeasas nuair ḃí na líonta amuiċ go ḃfágfaí mar sin iad go maidin agus go ḃfanfaimís feaḋ na hoiḋċe os a gcionn; aċ ’na ionad san do tarraingeaḋ gaċ aon uair a’ ċluig iad, go dtí ’na cúig a ċlog ar maidin.

Is iongantaċ an rud an ḟairrge istoiḋċe. Ḃí an oiḋċe anaḋorċa againn, agus ní ḟeicfeá ḋen dtalaṁ aċ rud mór duḃ go gcloisfeá an tonn ag briseaḋ i gcoinniḃ na gcloċ ag á ḃun. Nuair a ḃíonn an dorċadas ann bíonn solus greannúr sa tsáile. Ċeapas go raiḃ an líon ar lasaḋ nuair ḃíodar ’á ṫarrac isteaċ. “Béirneáil” a ṫug Taḋg Óg ar an solus. Rugas air, féaċaint a’ raiḃ sé te, aċ ní raiḃ.

An ċéad uair a ṫarraingeamair na líonta ní raiḃ ionnta aċ tiompall leaṫċéad mairciréal. D’aistríomair go dtí áit eile annsan agus ṫugamair cor eile. An dara tarraing ní raiḃ aċ trí ṁairciréil ionnta agus madra éisc. Nuair ḃí an madra istiġ i dtóin na naoṁóige againn ḃí gaċ aon sceaṁ aige go dtaḃarfá an leaḃar gur gaḋar a ḃí ann. Ḃain aṫair Ṁicilín an t-eirball de le scian agus do ċaiṫ sé i ḃfairrge arís é.

“B’ḟéidir go múinfeaḋ san ciall do roinnt éigin aca gan teaċt ’ár ngoire,” ar seisean.

Go dtí a ceaṫair a ċlog ar maidin níor ḃuail aon ní fónta linn. Ḃíomair ag druidim leis an mbaile gcoṁnaiḋe. Ar a ceaṫair duḃradar go dtaḃarfaidís [ 97 ]cor eile, agus go n-éireóċaidís as annsan. Ḃí an lá ann an uair ċéadna. An ċéad líon a tugaḋ isteaċ ḃí foṫ ḃreac ann. Ḃíodar ag dul i dtiuġa amaċ go dtí n-a ḋeire. Fé mar ḃí an líon ag teaċt isteaċ ḃíodar ag piocaḋ an éisc as, aċ, dar fia, nuair a ṫáinig an tarna líon níor ḃacamair le haon ṗiocaḋ aċ líon agus iasc agus uile a ċaiṫeaṁ isteaċ sa naoṁóig. I n-áiteanna den líon ḃí mairciréil ar gaċ aon ṁogal, dar leat. Ḃí oiread san éisc ann gur ṡúncáil na líonta síos agus ḃí saoṫar ar na fearaiḃ d’iarraiḋ iad a ṫarrang aníos agus leaṫċeann ar an naoṁóig. Ó! ḃí obair ṁór orainn, aċ, ráinig linn sa deire iad go léir a ṫógaint isteaċ. Ḃí ualaċ sa naoṁóig, adeirim leat, agus ḃí a faoḃar síos i ngiorraċt sé n-órlaċ den uisge.

Ḃí iasc agus líonta ó n-a tosaċ go dtí n-a deire agus anáirde ar na toċtaí agus sinne ’nár suiḋe anuas orṫa. Duḃairt Taḋg Óg gur dóċa go raiḃ trí ṁíle éisc againn. Ḃí Donnċa Ṗeig féin sásta, agus ḋein sé gáire —an ċéad ġáire ón uair a ḃaineas-sa an ṗreab as. Aċ dá ḟeaḃas a ḃí an sgéal ní ḟéadfaḋ sé gan cnáiṁseán éigin a ḋéanaṁ. Ḃíoḋ sé ag eascainí ar na madraí nuair a ċíoḋ sé aon ṁairciréal agus greim bainte as a ḋrom ag ceann aca. Ní ḟéadfaḋ duine é ḋéanaṁ n b’ḟearr le sciain.

Ṫugamair aġaiḋ ar an mbaile annsan agus gan aon anaṡiuḃal fúinn toisc méid an ualaiġ. Ba ṁaiṫ an scéal go raiḃ an uain ċoṁ breá is a ḃí. Dá mbeaḋ aon ḃorraḋ ann ḃeimís báiṫte, aċ ḃíomair ag cur dínn, agus i gcionn tamaill ṁaiṫ ḃaineamair ár gcuas féin amaċ, fé ḃun na dtiġṫe.

Aċ fan bog, áfaċ, go ’neosaiḋ mé conus a ḃí an scéal sa ḃaile im’ ḋiaiḋ ar feaḋ na hoiḋċe. Cáit d’innis doṁ-sa é faid a ḃí Mam ag crú na mbó an tráṫnóna san agus mise fé ġlas ins an tseomra im’ ṗríosúnaċ. Trí ṗoll na heoċraċ a ḃí Cáit ag cainnt liom.

Do réir deá’raiṁ nuair a ḃí Mam ag glaoḋaċ orm-sa ċun dul d’iarraiḋ na mbó agus ná fuair sí aon tor’ ní [ 98 ]mór an naṫ a ċuir sí ann. Ba ṁinic, slán beó sinn, ná faġaḋ sí tor’ uaim-se. Ġlaoiḋ sí cúpla uair eile, leis, orm, aċ ní raḃas-sa i mbun freagarṫa. Ní ṫáinig aon ana-imṡníoṁ uirṫi go dtí n-a deiċ a ċlog nuair ba ċeart doṁ-sa ḃeiṫ sa ḃaile nó am ċodla. Nuair ná raḃas tagaiṫe ċuir sí mo ṫuairisc ar Ċáit agus ar Ḋaid, aċ ḃíodar-san dall ar cá raḃas. Ċuir sí Daid go tiġ Ṁáire Aindí féaċaint an annsan a ḃeinn. Nuair a ṫáinig sé gan me ċuadar araon go dtí gaċ aon tiġ ar an mbaile, agus nuair ná fuair sí mo ṫuairisc i n-aon áit d’éiriġ a croiḋe uirṫi. Ruaigeaḋ as an leabaiḋ gaċ aon ḃuaċaill ar an mbaile agus ceistiġeaḋ iad. Cuarduiġeaḋ tiġṫe bó agus stáblaí agus ioṫalaintí ar mo lorg; aċ an riaċ pioc de ṫuairisc Jimín a ḃí i n-aon áit. Tiomáineaḋ Daid leis an gcapall go tiġ m’aintín cúig míle ó ḃaile, féaċaint le h-aon tseans gur annsan a ḃeinn imiṫe. Ḃailiḃ mná an ḃaile tiompall ar Ṁam agus ḃíodar a ráḋ léi gan aon ḃuairt a ḃeiṫ uirṫi, náċ aon droċrud a ḃí imiṫe orm, agus go mbeinn ċúiċi lá’r na ṁáireaċ go seaḃraċ. Gaċ ’ra toċt uaignis agus feirge ṫagaḋ ar Ṁam. Ḃí sí ’á ráḋ gur dóċa go raiḃ deire le n-a buaċaillín boċt gan ċiall an boḃta so, agus gur dóċa gurḃ é críċ a ḃí i ndán do é, mar ón lá ṫáinig siuḃal na slí ann nár scar an míáḋ riaṁ leis ná an t-imṡníoṁ léi féin. Duḃairt Cáit ná feaca sí riaṁ oiread droċ-ṁisniġ ar Ṁam.

D’imiġeaḋ an toċt sin de Ṁam i gcionn tamaill agus ṫagaḋ toċt eile uirṫi. Deireaḋ sí go raiḃ a croiḋe scólta agam agus nuair a ġeoḃaḋ sí greim orm go ndíolfainn as. Cad é an crann a ḃí uirṫi féin anuas go mbeaḋ a leiṫéid de ṁac aici ná raiḃ fé mar ḃeaḋ aon ḃuaċaill eile ar an mbaile? Níorḃ aon rud léi garsún a ḃeiṫ crostálṫa uair umá seaċ, aċ naċ mar sin a ḃí ag a mac féin aċ ná rug aon lá gréine riaṁ air ná beaḋ a croiḋe ’na béal aici, nó náire uirṫi i láṫair na gcoṁarsan, ag cuirbṫeaċt nó ag dí céille éigin a ḃeaḋ ar siuḃal agam. Aċ fan go ḃfaġaḋ sí féin fé n-a hiongain arís me . . . . !

[ 99 ]Ḃí Máire Aindí agus máṫair Ṁicilín ’á cóṁairliú teaċt ar an dtaoḃ socair den scéal agus gan a ḃeiṫ ’á cur féin ċun tinnis im’ ṫaoḃ. “Ḃíomair go léir óg ’s gan ċiall,” arsa Máire Aindí, “agus cé mór do Jimín boċt tamall a ḃaint as. Ní beag do a luaiṫe a ṁúinfiḋ an saoġal do gur ċun cruatain a rugaḋ sinn.”

Le n-a linn sin ṫáinig Daid ó ṫiġ m’aintín agus allus ar an gcapall aige. Nuair a ċualadar ná raḃas i dtiġ m’aintín ṫuit an lug ar a’ lag aca. Níor ḟan aon ċainnt ag na mnáiḃ a ḃí fara Mam. Is aṁlaiḋ a ḃídís as san amaċ, ’na ngasraí ag cogarnaiġ ag bínn a’ tiġe nó i dtiġṫiḃ na gcoṁarsan. Nuair a ḃí an lá ag breacaḋ ċuadar ’na dtriúraiḃ ’s ’na gceaṫraraiḃ am’ lorg ar fuaid na bpáirceanna agus cois na gclaḋṫaċ. Ċuadar barra na ḃfaillte siar, leis, agus iad ag iniuċaḋ síos agus eagla orṫa go ḃfeicfidís Jimín boċt smiodarṫa ṫíos ar na cloċa. Ṫánadar ar ḃarra an ċuasa agus ḃíodar ag féaċaint síos tríd an uisge go ḃfeicidís mo ċorp ameasc na feamnaiġe ṫíos ar an ngainniṁ. Ní ḟeacadar, ar ndó.

Níor ḟan aon ċainnt ag aonne ar an mbaile ’na ḋiaiḋ san. Ḃí gaċ aonne ag imṫeaċt go ciúin agus aonne a laḃraḋ is ag cogarnaiġ a ḃíoḋ sé. Ṫáinig Mam isteaċ aḃaile agus ṡuiḋ sí ar an raca agus ní ḟéadfaḋ aonne focal a ḃaint aisti.

Mar sin a ḃí go dtí ag déanaṁ amaċ ar a leaṫ-uair tar éis a cúig. Ḃí Taḋg Mór ar an gclaiḋe agus ráinig leis naoṁóg d’ḟeiscint ag déanaṁ ar an gcuas. Ní mór an tsuim a ċuir sé sa scéal ar dtús go dtí gur tugaḋ casaḋ éigin den naoṁóig. Annsan ṫug Taḋg léim as a ċorp agus do ġlaoiḋ sé ar an gcuid eile.

“Féaċaiḋ an naoṁóg san,” ar seisean. “Tá duine farra n-a ceart innti.” Aċ, toisc go raiḃ an naoṁóg díriṫe ar an gcuas arís, ḃíodar i ḃfad go raiḃ deiṁniú scéil Ṫaiḋg Ṁóir aca. Annsan baineaḋ casaḋ eile as an naoṁóig agus ċonnacadar go léir an ceaṫrar. Sin é an uair a ṫáinig a gcainnt dóiḃ—gaċ aonne ag cainnt [ 100 ]agus gan aonne ag éisteaċt leis an dtarna duine aċ ’á ċur i n-iúl go raiḃ ’ios aca féin go maiṫ cá raḃas aċ nár ṁaiṫ leo aonní a ráḋ.

Riṫ duin’ éigin isteaċ go dtí Mam agus d’innis an scéal di. Am briaṫar go dtáinig sí ċúiċi féin, a ḃuaċaill. Siúd léi amaċ go dtí an claiḋe, agus níor ċorruiġ sí ná níor ḃog a súil den naoṁóig gur ġaiḃ sí béal an ċuasa isteaċ. Annsan ġluais sí síos go dtí leac a’ ḃáid agus faḋairt ’na súil. Do lean an baile go léir í.

Do ċoṁairliġ Taḋg Óg doṁ-sa, sara dtánamair ’on ċuas, dosaon de stracairí agus de ṁairciréil slána do ċur ar ċórda agus iad a ḃreiṫ go dtí Mam mar ḃreab síoċána. Ṫuigeas gur ṁaiṫ an ċoṁairle í agus ḃí mo stropa ullaṁ agam nuair a ḃuaileamair taoḃ na lice. Nuair a ċonnacamair an baile go léir roṁainn sa ċuas ḃí iongantas orainn cad a ṫug ann iad; aċ nuair a ċonnac féin Mam ’na seasaṁ ar an lic ṫuigeas go maiṫ cad a ṫug í. Níor ṫaiṫn a scéiṁ liom, agus ba ḃeag liom mar ċosaint na stracairí. Ḃíos ag cur uaim, a ḋuine, aċ ṗreabas as an naoṁóig agus ċuas fé n-a déin. Do ṡíneas ċúiċi an stropa éisc agus me ar criṫ.

“Ċuġat féin a ṫugas iad, a Ṁaimí,” arsa mise; aċ, a ṁic ó, oiread agus féaċaint ní ṫug sí orm aċ ċoṁ beag agus ná beaḋ ionam aċ partán tráġa. Ṁeasas go raġainn síos tríd an dtalaṁ le náire mar ḃí an baile go léir ag féaċaint orm. I n-ionad aon tor’ a ṫaḃairt orm-sa ḋíríġ Mam ar luċt na naoṁóige.

“Beó saṁlófar siḃ, a ḟeara,” ar sise. “Is tuisceannaċ agus is nádúrṫa na coṁarsain siḃ. Is maiṫ an aire a ṫugaḃair go mbeaḋ m’aigne-se ar a suaineas feaḋ na hoiḋċe aréir. Táim buiḋeaċ díḃ, a ḟeara,” ar sise, “agus gan a ḟaid sin de luiġċán na bliana oraiḃ.”

D’iompuiġ sí de sguaib ċun dul aḃaile annsan.

Ṫáinig néal ar Ḋonnċa Ṗeig toisc ḃeiṫ ’á ḋaoraḋ is gan é cionntaċ, agus ṗreab sé. Dá mbeaḋ oiread aiṫne aige ar Ṁam agus ḃí agam-sa d’ḟanfaḋ sé ’na ṫost. “Tá scláḃaiḋe maiṫ teangan age daoine áiriṫe” ar [ 101 ]seisean, “agus ní fearr leo díoṁaoin í, roġa aca ceart nó míċeart a ḃeiṫ aca. Aċ bíoḋ a dial agat!” ar seisean, “níl aon ḃeann agam-sa ort.”

D’iompuiġ Mam ṫar n-ais air. D’ḟéaċ sí air ó n-a hata síos agus annsan ó n-a ḃróga suas. Ḃí droċṁeas agus déistin sa ḃféaċaint sin agus sa ġáire ḋein sí ’na diaiḋ. Ní mór aduḃairt sí. “Seaḋ ndoṁaintí!” ar sise. “Donnċa na h-aindeise is gan aon ḃeann aige ar aonne!” agus do ḃain sí croṫaḋ as a ceann agus do ġaiḃ suas aḃaile agus mise roimpi amaċ agus mo stropa éisc agam agus iad ag bualaḋ i gcoinniḃ mo ċolpaí, agus mo ċroiḋe im’ béal.

Ní ’neosad an ċuid eile de scéal na maidne sin duit—ba ṡearḃ liom tráċt air; aċ nuair a ḃí sé go léir i leaṫtaoiḃ ḃí sé socair im’ aigne agam-sa nár ṁaiṫ an ċiall dom dul ag iascaċ arís gan a innsint do Ṁam roim ré. Ciall ċeannaiġ a ḃí agam. Aċ sin é an dálṫa agam-sa i gcoṁnaiḋe é. Ní ḃíonn ciall roim ré ċoiḋċe agam.