Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/106

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

mór an naṫ a ċuir sí ann. Ba ṁinic, slán beó sinn, ná faġaḋ sí tor’ uaim-se. Ġlaoiḋ sí cúpla uair eile, leis, orm, aċ ní raḃas-sa i mbun freagarṫa. Ní ṫáinig aon ana-imṡníoṁ uirṫi go dtí n-a deiċ a ċlog nuair ba ċeart doṁ-sa ḃeiṫ sa ḃaile nó am ċodla. Nuair ná raḃas tagaiṫe ċuir sí mo ṫuairisc ar Ċáit agus ar Ḋaid, aċ ḃíodar-san dall ar cá raḃas. Ċuir sí Daid go tiġ Ṁáire Aindí féaċaint an annsan a ḃeinn. Nuair a ṫáinig sé gan me ċuadar araon go dtí gaċ aon tiġ ar an mbaile, agus nuair ná fuair sí mo ṫuairisc i n-aon áit d’éiriġ a croiḋe uirṫi. Ruaigeaḋ as an leabaiḋ gaċ aon ḃuaċaill ar an mbaile agus ceistiġeaḋ iad. Cuarduiġeaḋ tiġṫe bó agus stáblaí agus ioṫalaintí ar mo lorg; aċ an riaċ pioc de ṫuairisc Jimín a ḃí i n-aon áit. Tiomáineaḋ Daid leis an gcapall go tiġ m’aintín cúig míle ó ḃaile, féaċaint le h-aon tseans gur annsan a ḃeinn imiṫe. Ḃailiḃ mná an ḃaile tiompall ar Ṁam agus ḃíodar a ráḋ léi gan aon ḃuairt a ḃeiṫ uirṫi, náċ aon droċrud a ḃí imiṫe orm, agus go mbeinn ċúiċi lá’r na ṁáireaċ go seaḃraċ. Gaċ ’ra toċt uaignis agus feirge ṫagaḋ ar Ṁam. Ḃí sí ’á ráḋ gur dóċa go raiḃ deire le n-a buaċaillín boċt gan ċiall an boḃta so, agus gur dóċa gurḃ é críċ a ḃí i ndán do é, mar ón lá ṫáinig siuḃal na slí ann nár scar an míáḋ riaṁ leis ná an t-imṡníoṁ léi féin. Duḃairt Cáit ná feaca sí riaṁ oiread droċ-ṁisniġ ar Ṁam.

D’imiġeaḋ an toċt sin de Ṁam i gcionn tamaill agus ṫagaḋ toċt eile uirṫi. Deireaḋ sí go raiḃ a croiḋe scólta agam agus nuair a ġeoḃaḋ sí greim orm go ndíolfainn as. Cad é an crann a ḃí uirṫi féin anuas go mbeaḋ a leiṫéid de ṁac aici ná raiḃ fé mar ḃeaḋ aon ḃuaċaill eile ar an mbaile? Níorḃ aon rud léi garsún a ḃeiṫ crostálṫa uair umá seaċ, aċ naċ mar sin a ḃí ag a mac féin aċ ná rug aon lá gréine riaṁ air ná beaḋ a croiḋe ’na béal aici, nó náire uirṫi i láṫair na gcoṁarsan, ag cuirbṫeaċt nó ag dí céille éigin a ḃeaḋ ar siuḃal agam. Aċ fan go ḃfaġaḋ sí féin fé n-a hiongain arís me . . . . !

98