Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

OIḊĊE IASCAIĠ

cor eile, agus go n-éireóċaidís as annsan. Ḃí an lá ann an uair ċéadna. An ċéad líon a tugaḋ isteaċ ḃí foṫ ḃreac ann. Ḃíodar ag dul i dtiuġa amaċ go dtí n-a ḋeire. Fé mar ḃí an líon ag teaċt isteaċ ḃíodar ag piocaḋ an éisc as, aċ, dar fia, nuair a ṫáinig an tarna líon níor ḃacamair le haon ṗiocaḋ aċ líon agus iasc agus uile a ċaiṫeaṁ isteaċ sa naoṁóig. I n-áiteanna den líon ḃí mairciréil ar gaċ aon ṁogal, dar leat. Ḃí oiread san éisc ann gur ṡúncáil na líonta síos agus ḃí saoṫar ar na fearaiḃ d’iarraiḋ iad a ṫarrang aníos agus leaṫċeann ar an naoṁóig. Ó! ḃí obair ṁór orainn, aċ, ráinig linn sa deire iad go léir a ṫógaint isteaċ. Ḃí ualaċ sa naoṁóig, adeirim leat, agus ḃí a faoḃar síos i ngiorraċt sé n-órlaċ den uisge.

Ḃí iasc agus líonta ó n-a tosaċ go dtí n-a deire agus anáirde ar na toċtaí agus sinne ’nár suiḋe anuas orṫa. Duḃairt Taḋg Óg gur dóċa go raiḃ trí ṁíle éisc againn. Ḃí Donnċa Ṗeig féin sásta, agus ḋein sé gáire —an ċéad ġáire ón uair a ḃaineas-sa an ṗreab as. Aċ dá ḟeaḃas a ḃí an sgéal ní ḟéadfaḋ sé gan cnáiṁseán éigin a ḋéanaṁ. Ḃíoḋ sé ag eascainí ar na madraí nuair a ċíoḋ sé aon ṁairciréal agus greim bainte as a ḋrom ag ceann aca. Ní ḟéadfaḋ duine é ḋéanaṁ n b’ḟearr le sciain.

Ṫugamair aġaiḋ ar an mbaile annsan agus gan aon anaṡiuḃal fúinn toisc méid an ualaiġ. Ba ṁaiṫ an scéal go raiḃ an uain ċoṁ breá is a ḃí. Dá mbeaḋ aon ḃorraḋ ann ḃeimís báiṫte, aċ ḃíomair ag cur dínn, agus i gcionn tamaill ṁaiṫ ḃaineamair ár gcuas féin amaċ, fé ḃun na dtiġṫe.

Aċ fan bog, áfaċ, go ’neosaiḋ mé conus a ḃí an scéal sa ḃaile im’ ḋiaiḋ ar feaḋ na hoiḋċe. Cáit d’innis doṁ-sa é faid a ḃí Mam ag crú na mbó an tráṫnóna san agus mise fé ġlas ins an tseomra im’ ṗríosúnaċ. Trí ṗoll na heoċraċ a ḃí Cáit ag cainnt liom.

Do réir deá’raiṁ nuair a ḃí Mam ag glaoḋaċ orm-sa ċun dul d’iarraiḋ na mbó agus ná fuair sí aon tor’ ní

H
97