Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Ḃíodar tamall maiṫ ag argóint im’ ṫaoḃ, agus sé an socrú a ḋeineadar sa deire ná me a ċoimeád sa naoṁóig n-éinḟeaċt leo go maidin, cé go raiḃ Donnċa Ṗeig ’á ráḋ ’feaḋ na haimsire gur ċeart me ċur aḃaile, mar dá n-imiġeaḋ aon ní orm go mbeaḋ mo ṁáṫair ’á dtaḃairt féin ċun cúntais.

Ġluaiseamair arís, agus i gceann leaṫ-uair an ċluig nó mar sin, ṫánamair go dtí áit an iascaiġ. D’éiriġ an ḃeirt ṫiar as an ráṁ’íoċt agus ċromadar ar an líon a ċaiṫeaṁ amaċ—duine aca ar na cuirc agus an fear eile ar na cloċa. Ḃí Donnċa Ṗeig ag ainnliú na naoṁóige agus mé féin ag féaċaint ar an obair. Ṁeasas nuair ḃí na líonta amuiċ go ḃfágfaí mar sin iad go maidin agus go ḃfanfaimís feaḋ na hoiḋċe os a gcionn; aċ ’na ionad san do tarraingeaḋ gaċ aon uair a’ ċluig iad, go dtí ’na cúig a ċlog ar maidin.

Is iongantaċ an rud an ḟairrge istoiḋċe. Ḃí an oiḋċe anaḋorċa againn, agus ní ḟeicfeá ḋen dtalaṁ aċ rud mór duḃ go gcloisfeá an tonn ag briseaḋ i gcoinniḃ na gcloċ ag á ḃun. Nuair a ḃíonn an dorċadas ann bíonn solus greannúr sa tsáile. Ċeapas go raiḃ an líon ar lasaḋ nuair ḃíodar ’á ṫarrac isteaċ. “Béirneáil” a ṫug Taḋg Óg ar an solus. Rugas air, féaċaint a’ raiḃ sé te, aċ ní raiḃ.

An ċéad uair a ṫarraingeamair na líonta ní raiḃ ionnta aċ tiompall leaṫċéad mairciréal. D’aistríomair go dtí áit eile annsan agus ṫugamair cor eile. An dara tarraing ní raiḃ aċ trí ṁairciréil ionnta agus madra éisc. Nuair ḃí an madra istiġ i dtóin na naoṁóige againn ḃí gaċ aon sceaṁ aige go dtaḃarfá an leaḃar gur gaḋar a ḃí ann. Ḃain aṫair Ṁicilín an t-eirball de le scian agus do ċaiṫ sé i ḃfairrge arís é.

“B’ḟéidir go múinfeaḋ san ciall do roinnt éigin aca gan teaċt ’ár ngoire,” ar seisean.

Go dtí a ceaṫair a ċlog ar maidin níor ḃuail aon ní fónta linn. Ḃíomair ag druidim leis an mbaile gcoṁnaiḋe. Ar a ceaṫair duḃradar go dtaḃarfaidís

96