Jump to content

Jimín Mháire Thaidhg/13

From Wikisource
172403Jimín Mháire Thaidhg — RÁS NA NAOṀÓG I gCUAN AN DUILISCPádraig Ó Siochfhradha
[ 83 ]

Caibidiol XIII

RÁS NA NAOṀÓG I gCUAN AN DUILISC

Nuair a ḃead-sa mór bead im’ ḟear naoṁóige agus bead ag rás agus ní ḃeiḋ aon naoṁóg i n-aon ċuan i gCiarraiġe a ṫiocfaiḋ i ngiorraċt scread asail dúinn agus beiḋ gaċ aonne ag liúiriġ agus ag ráḋ “Op Jimín!” agus ag ól ṗórtair fé ṫuairim mo ṡláinte, agus annsan cromfaid siad ar ḃruiġinn agus bainfid siad fuil as a ċéile, aċ ní ḃeiḋ focal asam-sa aċ mé ’á leigint orm ná raiḃ aon ġaisce déanta agam, cé go mbead ag éisteaċt leo ’á ráḋ le n-a ċéile—“Sin é Jimín Ṁáire Ṫaiḋg—sin é an fear do ḃuaiḋ an rás!”—agus iad am’ ṫaisbeáint dá ċéile. Sin mar ḃeiḋ nuair ḃead-sa mór.

A’ dtuigeann tú, sin é do ċuaiḋ im’ ċeann an lá do ḃí an rás mór naoṁóg i gCuan an Duilisc coigṫíos ó ṡin. Ana lá a b’eaḋ é, a ḋuine. Ċaiṫeas scilling is tuistiún ar ṁísleáin agus ar uḃla. Ḃí Micilín Eoin i n-éineaċt liom agus ní raiḃ aige aċ scilling. Ní fada le dul scilling is tuistiún nuair do ċaiṫfeá tuistiún do ṫaḃairt ar uḃall go mbeaḋ foċal ’na lár agus ní ċoimeádfaḋ scilling leaṫ-uair a ċloig ag cogaint ṫú nuair a ṫaḃarfá ar ṁísleáin i. Is damanta an earraḋ iad le daoire. Ḃí ḟios agam ar maidin a ġiorraċt a raġaḋ an t-airgead, aċ ní leigfeaḋ scannraḋ ḋom aon ṗingin d’iarraiḋ ar Ṁam, mar ḃeaḋ ḟios aici cá mbeinn ag dul, agus annsan do ḃeaḋ laingcis liom, mar ní maiṫ le Mam ráiseanna naoṁóg. Ċongaiḃ sí Daid sa ḃaile aċ d’éaluiġeas-sa uaiṫi. Duḃart le Daid éalú, leis, aċ is aṁlaiḋ do ḃain an fear boċt croṫaḋ as a ċeann agus d’ḟéaċ sé go heaglaċ i dtreo Ṁam. Nuair ná raiḃ sí ag féaċaint ṫug sé trí pingine ḋom i gan ḟios di. [ 84 ]Níl Daid boċt go holc dá mbeaḋ an coṫrom aige ċun maiṫeasa.

Doṁnaċ a b’eaḋ é, agus siúd liom féin agus le Micilín ṫar mám ar bogṡodar. D’ḟágamair na bróga fé ċoca féir i bpáirc le Micilín, mar ba ṁór linn mar ualaċ iad. I mbarra an ṁáma ḃuail asal linn agus ċuamair araon anáirde air aċ ní haon deaḃaḋ a ḋeineamair dá ḃrí sin, mar ní ḃainfeaḋ cogaḋ na bpléar aon tsiuḃal as, agus nuair a ḃíos ’á ṗriocaḋ le tairnge is aṁlaiḋ do luiġ sé fúinn agus ní éireoċaḋ sé gur lasamair scoṫán aitinn fé n-a ḃolg. D’éiriġ sé annsan de ṗreib, agus do raid sé agus siúd leis ar cosanáirde uainn agus é ag raide agus gaċ aon “hí-há” aige. Ċuir an scoṫán aitinn giodam ann.

Ḃí an saoġal go léir ag féaċaint ar an ras—fir agus mná agus daoine beaga. Ní ċuala riaṁ oiread geónaċ, ná oiread cainnte, ná oiread argóna, ná n’ḟeaca riaṁ oiread tarta ar ḋaoine agus a ḃí; aċ má ḃí tart orṫa ḃí sás a ṁúċta ann go tiuġ, mar ċonnac a lán bairrlí ar fuaid na háite go léir agus daoine ag ól asta le sáspain. Ġeoḃṫá taoscán den stuif duḃ do ḃí ins na bairrlí ar scilling. Ḃíos ag faire ar ċuid des na daoine agus ní ḃídís ċoiḋċe sásta le haon tsáspan aṁáin a ṡlugaḋ. Líontaí na sáspain go léir arís dóiḃ agus ḃídís ’á ḋiúgaḋ agus sobal ar a bpusa uaiḋ agus a súile ag leaṫaḋ orṫa agus a gcuid cainnte ag dul i ndíṫ céille le gaċ sáspan d’á n-ólaidís. Ṫíos fé ḃun na haille ḃí cuid des na scríbíní agus ins na páirceanna tiompall na tráġa, agus ċonnac beirt go raiḃ bairrlí istiġ i gcairt asail aca agus iad soir, siar ar feaḋ an ḃóṫair ar lorg daoine boċta go raiḃ tart gan múċaḋ orṫa. Ḃí sruṫán mór uisce ann, aċ ní raiḃ aoinne ag ól aon ḃraon as san.

Ḃí mná ann, flúirseaċ, aċ ní ḃídís sin i n-ao’ ċor tiompall na mbairrlí. Aċ má seaḋ níor ḟág san balḃ iad ná go mbídís ag cainnt—mná Ċuas a’ Ṗortáin agus mná Béal Cairrge ag áiteaṁ ar a ċéile agus ag molaḋ [ 85 ]a gcuid fear. Ḃídís go searḃ le n-a ċéile, a ḋuine, agus ba ḋóiġ leat gur scian gaċ aon ḟocal a scaoilidís amaċ as a mbéal. Ċaiṫeas tamall ag éisteaċt le cuid aca féaċaint caṫain a liúrfaidís a ċéile. Aċ an diaċ liúraḋ, a ḋuine. Ní haon ṁaiṫ na mná san aċ ċun cainnte.

Ḃí luċt uḃall a ḋíol ann agus mísleán agus crúibíní muc. Ḃí bean a’ duilisc ann leis, agus luċt aṁrán, agus fear go raiḃ trí cártaí aige agus é ag breiṫ scillingí ó ḋaoine ċoṁ tiuġ le tiul. Ṫaḃarfaḋ sé coróin den té aimseoċaḋ an t-aon muileat. Uair, ná raiḃ sé ag féaċaint ar na cártaí rug Donnċa Neans ar an aon muileat agus do lúb sé cúinne ḋe. Annsan ċuir Donnċa leaṫċoróin leis an ḃfear go n-aimseoċaḋ sé féin an t-aon muileat. Ṡuaiṫ an fear arís iad agus nuair a ḋ’iompuiġ Donnċa an cárta go raiḃ an cúinne cam air cad do ḃeaḋ aige aċ an deiċ triuṫ.

Ṫáinig néal ar Ḋonnċa Neans. “Ḋeinis iad do ḋaṫú, a ḋiail boy!” ar seisean, agus ḃuail sé flíp ar ḟear na gcártaí. Ṫóg seisean a ṁaide croise agus ḃuail sé Donnċa sa ḃaṫas. N’ḟeaca-sa den spórt aċ an méid sin mar ċuaiḋ a lán eile sa ġráscar. Do ḃíodar go léir i n-aon tranglam aṁáin ag tnáṫaḋ a ċéile agus b’éigean doṁ-sa cur díom.

Seo liom síos mar a raiḃ na naoṁóga. Sin é an áit a raiḃ an suaṫaḋ agus an siosma agus gaċ aonne ag molaḋ a ċriú féin agus ag cáineaḋ gaċ aon ċriú eile. D’imiġeaḋ naoṁóg ar sciúird léi féin an cuan siar.

“Ó hanamain scian!” adeireaḋ fear, “naċ deas iad,” agus ḃíoḋ rian an ṗórtair ar a smigín.

Laḃaraḋ fear eile ’á ḟreagairt:

“B’ḟéidir dá mbeaḋ naoṁóg eile suas le n-a gcliaṫán gur beag a’ teasbaċ ḟágfaḋ sí orṫa.”

“Ara, níor ċás dóiḃ—níl criú sa ċuan indiu a ḋéanfaḋ aon láṁ orṫa,” adeireaḋ fear a’ smigín smearṫa. “An iad muinntir Ċuas a’ Ṗortáin arú? Ṁuise, cúis ġáire ċuġainn! Cad a ḋeineadar riaṁ?”

[ 86 ]“Ḋeineadar, an rud a ḋéanfaiḋ siad indiu aris—an suae a ḃreiṫ leo ó Ḃéal Cairrge.”

“Cuirfiḋ mé cúig ṗúint leat ná déanfaid.”

“Cuirfiḋ mé, agus fiċe púnt,” arsa fear an ṗórtair agus ċuir sé láṁ ’na ṗóca. Ní dóiġ liom go raiḃ fiċe scilling ag an ḃfear céadna, mar ċonnac ’na ḋiaiḋ sin é, agus é a d’iarraiḋ leaṫċoróin a ḃaint d’á ṁnaoi ċun dul ag ól.

Ḃí luċt na naoṁóg ag baint díoḃ—níor ḟágadar caipín ná casóg ná ḃest orṫa ná treaḃsar. Ḃí gaċ aonne ag liúiriġ orṫa agus ’á molaḋ agus ’á gcoṁairliú agus ’á ngríosaḋ. Ċífeá fear agus sáspan pórtair ’na láiṁ aige agus é ag béiciġ ar naoṁóig aca. “Dar hanamain t’aṫar, a Ṁaiḋc, ná scaoil go bráṫ le Cuas a’ Ṗortáin é;” agus an uair ċéadna ḃíoḋ streall den ṗórtar ag imeaċt mar seo agus streall mar siúd as an sáspan i dtreo go mbíoḋ a urṁór imiṫe uaiḋ nuair ċuireaḋ sé ċun a ḃéil é. Annsan deireaḋ sé le fear an scríbín: “I n-ainm na maoṫaile tr’om taoscán eile ḋo san.”

Ní fada gur imiġ an dá naoṁóig agus cuḃrán bán fé n-a dtosaċ agus an dá ċeaṫrar ag iomraḋ ar a ndíċeall báis, siar ’s aniar, siar ’s aniar, gan stad, gan staonaḋ, agus na hoċt maidí ar ċoṁimeaċt. Ḃí na daoine i dtír ag dul ar mire agus iad ag riṫ feaḋ na tráġa agus ag liúiriġ agus ag bagairt a láṁ agus a ndorn ar na naoṁóga agus ag taḃairt órdaiṫe ḋóiḃ agus ag ráḋ “Ṁuise mo ċeol siḃ!” agus gan luċt na naoṁóg ’á gclos i n-ao’ ċor, aċ iad ag tarrac gur ḋóiġ leat go mbrisfeaḋ a gcroiḋe.

Annsan ḃris Maiḋc Mór dula.

“Ó, an dial!” arsa gaċ aonne mar ċeapadar go raiḃ an rás caillte ’á ḋeascaiḃ. Aċ ċuir Maiḋc dula nua isteaċ agus ṫosnuiġ sé arís ar ḃuillí móra ráṁa.

“Ó my! is tréan an fear é,” arsa gaċ aonne. Annsan do ḃris an fear tosaiġ sa naoṁóig eile maide ráṁa.

[ 87 ]

Rás na Naoṁóg

[ 89 ]“Ó faire go deó,” arsa na daoine, aċ ċuireadar go léir liú molta asta nuair ṫairrig sé ċuige maide nua. “Fear diail,” aduḃradar.

Mar sin dóiḃ ar feaḋ ḋá ṁíle go dtánadar go dtí an tarna polla ċun casaḋ aḃaile. Ag gaḃáil tiompall ar an bpolla ḋóiḃ ní ḟágfaḋ aon ċeann aca slí dá ċéile, agus slán mar a n-innstir é, ċuaiḋ an dá naoṁóig i n-aċrann ’na ċéile. D’éiriġ Maiḋc Mór agus d’árduiġ sé maide ráṁa agus ḃuail sé fear sa naoṁóig eile leis. Annsan rug an dá ċriú ar a ċéile ċun a ċéile a ḃáṫ’. Níor ḃáṫadar, áfaċ, mar ḃailiḃ na naoṁóga eile isteaċ orṫa agus stopadar iad. Aċ ḃí deire leis an rás.

Nuair a ṫáinig Maiḋc Mór isteaċ duḃairt sé gurḃ iad an ṁuinntir eile a ḋein an feall. Duḃairt luċt na naoṁóige eile gur d’aon ġnó do ċuaiḋ muinntir Ṁaiḋc ceangailte ionnta féin nuair a ḃíodar “béiteálta” aca. Ċreid gaċ dream istiġ a muinntir féin agus ba ġearr go raiḃ an sluaġ go léir ag áiteaṁ ar a ċéile.

“Op Maiḋc Mór!” arsa plubaire amadáin a ḃí ar bogṁeisce.

“Nárab eaḋ,” arsa gligín eile go raiḃ na cosa ag imeaċt uaiḋ, “aċ op Cuas a’ Ṗortáin!”

Ḃain an plubaire mór a ċasóg de.

“Má tá meas fir agat ort féin,” ar seisean, “anois an t-am agat.”

Ṫug an ḃeirt aca fé n-a ċéile, aċ ní ḃuailfeaḋ aonne aca taoḃ tiġe, mar ḃíodar ar meisce. Riṫ gaċ aonne mar a raiḃ an gleo, agus ná raiḃ ḟios ag a leaṫ cad ċuige ḃí an leaṫ eile ag riṫ. Is ait an rud an duine mar sin—ar nós na gcaoraċ díreaċ.

Má ḃí argóint ann roimis an rás níorḃ aon ní é seaċas an gíotam a ḃí ar siuḃal ’na ḋiaiḋ. Ḃí na mná féin corraiṫe go mór agus ba ḋóiġ leat ar an gcainnt a ḃí aca gurḃ é a gcúram riaṁ ḃeiṫ ag tarrac naoṁóige—gaċ bean aca ag loċtú buillí ráṁa na ḃfear i naoṁóig an té ḃíoḋ ag cainnt léi agus í ċoṁ húdarásaċ ’na cuid feasa agus a ḃeaḋ Seana-Ḋiarmaid Buiḋe a ċaiṫ trí fiċid [ 90 ]bliain dá ṡaoġal i dtóin naoṁóige. Sin é dálṫa na mban ċoiḋċe. Nuair a ḃíoḋ fir a’ dul dian ar a ċéile san argóint d’éiriġidís as an gcainnt agus ḃainidís sásaṁ as a ċéile leis na dóirne.

N’ḟeadar an mbead-sa mar sin nuair a ḃead mór—ag ól ṗórtair mar do ḃeaḋ gaṁain agus annsan ag cainnt agus gan d’éifeaċt ins a’ ċainnt aċ mar a ḃeaḋ i ngéimriġ bó.

Ca’ na ṫaoḃ go mbíonn daoine go hait? Ca’ na ṫaoḃ gur ċuaiḋ an dá naoṁóig ceangailte ’na ċéile? Ca’ na ṫaoḃ gur ḃuail Maiḋc Mór an fear eile leis an maide ráṁa? Cad é an paor a ḃí age Dia ar an nduine nár ṫug Sé ciall do mar ṫug Sé do ċapaill agus d’asail?

Dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin agus mé i rás ní ḟeadar an mar sin do ḃeinn?