Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/92

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Níl Daid boċt go holc dá mbeaḋ an coṫrom aige ċun maiṫeasa.

Doṁnaċ a b’eaḋ é, agus siúd liom féin agus le Micilín ṫar mám ar bogṡodar. D’ḟágamair na bróga fé ċoca féir i bpáirc le Micilín, mar ba ṁór linn mar ualaċ iad. I mbarra an ṁáma ḃuail asal linn agus ċuamair araon anáirde air aċ ní haon deaḃaḋ a ḋeineamair dá ḃrí sin, mar ní ḃainfeaḋ cogaḋ na bpléar aon tsiuḃal as, agus nuair a ḃíos ’á ṗriocaḋ le tairnge is aṁlaiḋ do luiġ sé fúinn agus ní éireoċaḋ sé gur lasamair scoṫán aitinn fé n-a ḃolg. D’éiriġ sé annsan de ṗreib, agus do raid sé agus siúd leis ar cosanáirde uainn agus é ag raide agus gaċ aon “hí-há” aige. Ċuir an scoṫán aitinn giodam ann.

Ḃí an saoġal go léir ag féaċaint ar an ras—fir agus mná agus daoine beaga. Ní ċuala riaṁ oiread geónaċ, ná oiread cainnte, ná oiread argóna, ná n’ḟeaca riaṁ oiread tarta ar ḋaoine agus a ḃí; aċ má ḃí tart orṫa ḃí sás a ṁúċta ann go tiuġ, mar ċonnac a lán bairrlí ar fuaid na háite go léir agus daoine ag ól asta le sáspain. Ġeoḃṫá taoscán den stuif duḃ do ḃí ins na bairrlí ar scilling. Ḃíos ag faire ar ċuid des na daoine agus ní ḃídís ċoiḋċe sásta le haon tsáspan aṁáin a ṡlugaḋ. Líontaí na sáspain go léir arís dóiḃ agus ḃídís ’á ḋiúgaḋ agus sobal ar a bpusa uaiḋ agus a súile ag leaṫaḋ orṫa agus a gcuid cainnte ag dul i ndíṫ céille le gaċ sáspan d’á n-ólaidís. Ṫíos fé ḃun na haille ḃí cuid des na scríbíní agus ins na páirceanna tiompall na tráġa, agus ċonnac beirt go raiḃ bairrlí istiġ i gcairt asail aca agus iad soir, siar ar feaḋ an ḃóṫair ar lorg daoine boċta go raiḃ tart gan múċaḋ orṫa. Ḃí sruṫán mór uisce ann, aċ ní raiḃ aoinne ag ól aon ḃraon as san.

Ḃí mná ann, flúirseaċ, aċ ní ḃídís sin i n-ao’ ċor tiompall na mbairrlí. Aċ má seaḋ níor ḟág san balḃ iad ná go mbídís ag cainnt—mná Ċuas a’ Ṗortáin agus mná Béal Cairrge ag áiteaṁ ar a ċéile agus ag molaḋ

84