Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/91

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol XIII

RÁS NA NAOṀÓG I gCUAN AN DUILISC

Nuair a ḃead-sa mór bead im’ ḟear naoṁóige agus bead ag rás agus ní ḃeiḋ aon naoṁóg i n-aon ċuan i gCiarraiġe a ṫiocfaiḋ i ngiorraċt scread asail dúinn agus beiḋ gaċ aonne ag liúiriġ agus ag ráḋ “Op Jimín!” agus ag ól ṗórtair fé ṫuairim mo ṡláinte, agus annsan cromfaid siad ar ḃruiġinn agus bainfid siad fuil as a ċéile, aċ ní ḃeiḋ focal asam-sa aċ mé ’á leigint orm ná raiḃ aon ġaisce déanta agam, cé go mbead ag éisteaċt leo ’á ráḋ le n-a ċéile—“Sin é Jimín Ṁáire Ṫaiḋg—sin é an fear do ḃuaiḋ an rás!”—agus iad am’ ṫaisbeáint dá ċéile. Sin mar ḃeiḋ nuair ḃead-sa mór.

A’ dtuigeann tú, sin é do ċuaiḋ im’ ċeann an lá do ḃí an rás mór naoṁóg i gCuan an Duilisc coigṫíos ó ṡin. Ana lá a b’eaḋ é, a ḋuine. Ċaiṫeas scilling is tuistiún ar ṁísleáin agus ar uḃla. Ḃí Micilín Eoin i n-éineaċt liom agus ní raiḃ aige aċ scilling. Ní fada le dul scilling is tuistiún nuair do ċaiṫfeá tuistiún do ṫaḃairt ar uḃall go mbeaḋ foċal ’na lár agus ní ċoimeádfaḋ scilling leaṫ-uair a ċloig ag cogaint ṫú nuair a ṫaḃarfá ar ṁísleáin i. Is damanta an earraḋ iad le daoire. Ḃí ḟios agam ar maidin a ġiorraċt a raġaḋ an t-airgead, aċ ní leigfeaḋ scannraḋ ḋom aon ṗingin d’iarraiḋ ar Ṁam, mar ḃeaḋ ḟios aici cá mbeinn ag dul, agus annsan do ḃeaḋ laingcis liom, mar ní maiṫ le Mam ráiseanna naoṁóg. Ċongaiḃ sí Daid sa ḃaile aċ d’éaluiġeas-sa uaiṫi. Duḃart le Daid éalú, leis, aċ is aṁlaiḋ do ḃain an fear boċt croṫaḋ as a ċeann agus d’ḟéaċ sé go heaglaċ i dtreo Ṁam. Nuair ná raiḃ sí ag féaċaint ṫug sé trí pingine ḋom i gan ḟios di.

83