Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/90

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

dóiḃ i dtaoḃ an sceiṁle fuaireas-sa ó Ṗúca Ḃeit Móire agus mar a ḋein sé féin smíste ’madáin díom nuair duḃairt sé liom na pípeanna agus na huiḃe a ċur sa ṗoll i gcóir an ṗúca; agus duḃairt sé le Máire gur uaiṫe féin a ġoideas na huiḃe. Ní raiḃ oiread náire riaṁ orm. Bead-sa suas le Taḋg ar ṡlí éigin—bead san. Ní ḋéanfaḋ sé mar sin liom é an oiḋċe ḃriseas an cleaṁnas le Peats Teaimí do féin is do Nell. Léan uaiḋ, ní maiṫ an díol air aon ḃean a ṡoláṫar do—ní maiṫ san.

82