Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/89

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

PÚCA ḂEIT MÓIRE AR ṪÓIR JIMÍN

agus duḃairt Taḋg Óg go raiḃ an goṁ ag teaċt ar an bpúca ċuġainn toisc gan na huiḃe ḃeiṫ faċta againn di. Go marḃ’íd siad í, gan olc dúinn!

Ḋeineas féin agus Micilín coṁairle annsan dosaon uḃ a ġoid agus iad a ċur ċúiċe agus litir ’na dteannta. Scríoḃamair an litir:

Go dtí Púca Ḃeit Móire.

A Ṗúca, a ġráḋ ḋil,

Seo ḋuit dosaon uḃ. Ní hiad na huiḃe céadna ḃí féd’ ċirc-se iad mar d’imíodar san ’n Daingean. Tá siad gan gor, leis, aċ b’ḟéidir go mbeaḋ cearc agat féin a ḋéanfaḋ duit é; agus má’s é do ṫoil é, a ṗúca ḋeas, ná bí dian orainn mar táimíd óg, agus ná bí ’ár ndiaiḋ insa ḃóiṫrín aon oiḋċe eile.

Mise Jimín agus

Mise Micilín Eoin.

Ċuireas Cáit go dtí an tor sa ḃóiṫrín agus ċuir sí na huiḃe sa ṗoll agus an litir ar a mbarra. Níor ċodluiġeas néal an oiḋċe sin aċ ’á ċeapaḋ gaċ aon nóimeat go ḃfeicfinn an aṁailt isteaċ tré ṗoll na heoċraċ ċuġam. Aċ am baite! ní ṫáinig sí i n-ao’ ċor agus ní me ná raiḃ buiḋeaċ!

Ar maidin go moċ ċuaiḋ Cáit arís go dtí an poll. Ní raiḃ uḃ ná litir ann. I gcoinniḃ a cos a ċuaiḋ sí go dtí an poll i n-ao’ ċor, aċ ar ṁ’anam, a ṁic ó, gur ḃain sí as na cosa go maiṫ é ag teaċt aḃaile arís, agus ḃí sí ag dul i laigí le heagla an ṗúca; agus ċun na fírinne a ráḋ, ní raḃas féin istiġ liom féin.


∗             ∗

Ó scríoḃas an méid sin tá scéal tuitiṫe amaċ annso. Is suaraċ an scraiste Taḋg Óg. Táim tuitiṫe amaċ leis. Ċuala aréir é istiġ i dtiġ Ṁáire Aindí ’á innsint

H
81