Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/93

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

RÁS NA NAOṀÓG I gCUAN AN DUILISC

a gcuid fear. Ḃídís go searḃ le n-a ċéile, a ḋuine, agus ba ḋóiġ leat gur scian gaċ aon ḟocal a scaoilidís amaċ as a mbéal. Ċaiṫeas tamall ag éisteaċt le cuid aca féaċaint caṫain a liúrfaidís a ċéile. Aċ an diaċ liúraḋ, a ḋuine. Ní haon ṁaiṫ na mná san aċ ċun cainnte.

Ḃí luċt uḃall a ḋíol ann agus mísleán agus crúibíní muc. Ḃí bean a’ duilisc ann leis, agus luċt aṁrán, agus fear go raiḃ trí cártaí aige agus é ag breiṫ scillingí ó ḋaoine ċoṁ tiuġ le tiul. Ṫaḃarfaḋ sé coróin den té aimseoċaḋ an t-aon muileat. Uair, ná raiḃ sé ag féaċaint ar na cártaí rug Donnċa Neans ar an aon muileat agus do lúb sé cúinne ḋe. Annsan ċuir Donnċa leaṫċoróin leis an ḃfear go n-aimseoċaḋ sé féin an t-aon muileat. Ṡuaiṫ an fear arís iad agus nuair a ḋ’iompuiġ Donnċa an cárta go raiḃ an cúinne cam air cad do ḃeaḋ aige aċ an deiċ triuṫ.

Ṫáinig néal ar Ḋonnċa Neans. “Ḋeinis iad do ḋaṫú, a ḋiail boy!” ar seisean, agus ḃuail sé flíp ar ḟear na gcártaí. Ṫóg seisean a ṁaide croise agus ḃuail sé Donnċa sa ḃaṫas. N’ḟeaca-sa den spórt aċ an méid sin mar ċuaiḋ a lán eile sa ġráscar. Do ḃíodar go léir i n-aon tranglam aṁáin ag tnáṫaḋ a ċéile agus b’éigean doṁ-sa cur díom.

Seo liom síos mar a raiḃ na naoṁóga. Sin é an áit a raiḃ an suaṫaḋ agus an siosma agus gaċ aonne ag molaḋ a ċriú féin agus ag cáineaḋ gaċ aon ċriú eile. D’imiġeaḋ naoṁóg ar sciúird léi féin an cuan siar.

“Ó hanamain scian!” adeireaḋ fear, “naċ deas iad,” agus ḃíoḋ rian an ṗórtair ar a smigín.

Laḃaraḋ fear eile ’á ḟreagairt:

“B’ḟéidir dá mbeaḋ naoṁóg eile suas le n-a gcliaṫán gur beag a’ teasbaċ ḟágfaḋ sí orṫa.”

“Ara, níor ċás dóiḃ—níl criú sa ċuan indiu a ḋéanfaḋ aon láṁ orṫa,” adeireaḋ fear a’ smigín smearṫa. “An iad muinntir Ċuas a’ Ṗortáin arú? Ṁuise, cúis ġáire ċuġainn! Cad a ḋeineadar riaṁ?”

85