Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

RÁS NA NAOṀÓG I gCUAN AN DUILISC

“Ó faire go deó,” arsa na daoine, aċ ċuireadar go léir liú molta asta nuair ṫairrig sé ċuige maide nua. “Fear diail,” aduḃradar.

Mar sin dóiḃ ar feaḋ ḋá ṁíle go dtánadar go dtí an tarna polla ċun casaḋ aḃaile. Ag gaḃáil tiompall ar an bpolla ḋóiḃ ní ḟágfaḋ aon ċeann aca slí dá ċéile, agus slán mar a n-innstir é, ċuaiḋ an dá naoṁóig i n-aċrann ’na ċéile. D’éiriġ Maiḋc Mór agus d’árduiġ sé maide ráṁa agus ḃuail sé fear sa naoṁóig eile leis. Annsan rug an dá ċriú ar a ċéile ċun a ċéile a ḃáṫ’. Níor ḃáṫadar, áfaċ, mar ḃailiḃ na naoṁóga eile isteaċ orṫa agus stopadar iad. Aċ ḃí deire leis an rás.

Nuair a ṫáinig Maiḋc Mór isteaċ duḃairt sé gurḃ iad an ṁuinntir eile a ḋein an feall. Duḃairt luċt na naoṁóige eile gur d’aon ġnó do ċuaiḋ muinntir Ṁaiḋc ceangailte ionnta féin nuair a ḃíodar “béiteálta” aca. Ċreid gaċ dream istiġ a muinntir féin agus ba ġearr go raiḃ an sluaġ go léir ag áiteaṁ ar a ċéile.

“Op Maiḋc Mór!” arsa plubaire amadáin a ḃí ar bogṁeisce.

“Nárab eaḋ,” arsa gligín eile go raiḃ na cosa ag imeaċt uaiḋ, “aċ op Cuas a’ Ṗortáin!”

Ḃain an plubaire mór a ċasóg de.

“Má tá meas fir agat ort féin,” ar seisean, “anois an t-am agat.”

Ṫug an ḃeirt aca fé n-a ċéile, aċ ní ḃuailfeaḋ aonne aca taoḃ tiġe, mar ḃíodar ar meisce. Riṫ gaċ aonne mar a raiḃ an gleo, agus ná raiḃ ḟios ag a leaṫ cad ċuige ḃí an leaṫ eile ag riṫ. Is ait an rud an duine mar sin—ar nós na gcaoraċ díreaċ.

Má ḃí argóint ann roimis an rás níorḃ aon ní é seaċas an gíotam a ḃí ar siuḃal ’na ḋiaiḋ. Ḃí na mná féin corraiṫe go mór agus ba ḋóiġ leat ar an gcainnt a ḃí aca gurḃ é a gcúram riaṁ ḃeiṫ ag tarrac naoṁóige—gaċ bean aca ag loċtú buillí ráṁa na ḃfear i naoṁóig an té ḃíoḋ ag cainnt léi agus í ċoṁ húdarásaċ ’na cuid feasa agus a ḃeaḋ Seana-Ḋiarmaid Buiḋe a ċaiṫ trí fiċid

89