Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

bliain dá ṡaoġal i dtóin naoṁóige. Sin é dálṫa na mban ċoiḋċe. Nuair a ḃíoḋ fir a’ dul dian ar a ċéile san argóint d’éiriġidís as an gcainnt agus ḃainidís sásaṁ as a ċéile leis na dóirne.

N’ḟeadar an mbead-sa mar sin nuair a ḃead mór—ag ól ṗórtair mar do ḃeaḋ gaṁain agus annsan ag cainnt agus gan d’éifeaċt ins a’ ċainnt aċ mar a ḃeaḋ i ngéimriġ bó.

Ca’ na ṫaoḃ go mbíonn daoine go hait? Ca’ na ṫaoḃ gur ċuaiḋ an dá naoṁóig ceangailte ’na ċéile? Ca’ na ṫaoḃ gur ḃuail Maiḋc Mór an fear eile leis an maide ráṁa? Cad é an paor a ḃí age Dia ar an nduine nár ṫug Sé ciall do mar ṫug Sé do ċapaill agus d’asail?

Dá mbeinn-se mór aon uair aṁáin agus mé i rás ní ḟeadar an mar sin do ḃeinn?

90