Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

Caibidiol XIV

OIḊĊE IASCAIĠ

Tráṫnóna Dé hAoine ḃíos ṫíos sa Ċuas ag féaċaint orṫa ag cur na líonta ins na naoṁóga. Ḃí iasc sa ċuan, tá’s agat—mairciréil Fóṁair agus iad ag ráṫ’íoċt ar ḃarra an uisge le ḋá lá roiṁe sin agus ṁealladar muinntir an ḃaile ċun dul ’na ndiaiḋ. Tógaḋ anuas láiṫreaċ seanalíonta ḃí le bliain ar na loċtaí agus ar na maidí snaḋmṫa agus deisiġeaḋ na mogail ḃriste ionnta agus cuireaḋ braiġdeáin leo ċun na gcloċ a ċeangal dá mbun ċun iad a ṡúncáil. Mise ḃailiḃ na cloċa do Ṫaḋg Óg.

Trí naoṁóga atá sa ċuas so ’gainne, agus gaċ ceann aca páirteaċ idir ḃeirt nó triúr. Aṫair Ṁicilín atá páirteaċ le Taḋg Óg, agus ḃeireadar Donnċa Ṗeig leo ’na ṫríú duine. Ḃí an tráṫnóna go breá agus barra taoide ann nuair a ḃíomair ag bórdáil na líonta ṫíos age leac a’ ḃáid. Mise ḃí ag congáil na naoṁóige do ċriú Ṫaiḋg Óig faid a ḃíodar san ag réiḋteaċ an lín agus ag ceangal na gcloċ i ngiorraċt gaċ aon ċúpla feaḋ dá ċéile agus ’á socrú i dtóin na naoṁóige i dtreo ná beaḋ aon ḃaoġal go raġaḋ an líon i n-aċrann nuair a ḃeidís ’á ċur i ḃfairrge. Ní fada ḃíos ṫíos nuair ċuala Mam ag glaoḋaċ orm. D’ísliġeas-sa síos sa naoṁóig agus ní ṫugas aon tor’ uirṫi. Ḃí’os agam go maiṫ gur d’iarraiḋ na mbó ḃeaḋ sí am’ ċur. Táim marḃ age sna ba céadna siar ’s aniar gaċ aon lá. Ní ḟeacaiḋ Mam i n-ao’ ċor me agus b’éigean di Cáit a ċur ċun iad a ḃagairt aḃaile. B’ḟearr liom-sa gurḃ é Daid a ċuirfeaḋ sí ann mar ḃí’os agam ná féadfaḋ Cáit an ċloċ a ċur sa ḃeárnain ’na diaiḋ agus go mbeaḋ asail an ḃaile ag

91