Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

dul ar ár gcuid-ne agus nár ḋóiċiġe rud eile ná go mbeaḋ Mam am’ ċur-sa ’na ndiaiḋ ċun iad a ruagairt. Aċ ní raiḃ Daid istiġ, is dóċa, ċun é ċur ann.

Ḃí Donnċa Ṗeig ag gaḃáil dom i dtaoḃ nea’ṫor’ a ṫaḃairt ar mo ṁáṫair.

“Mór an náire ḋuit é ná déanfaḋ rud ar do ṁáṫair, a ḃligeáird ṁaiṫ,” ar seisean.

“Níor iarr aonne ort-sa do ṡrón a ċur i n-ao’ ċor ann,” arsa mise.

Is dóċa go raḃas droċṁúinte, aċ cad ’na ṫaoḃ gur ṫug sé bligeárd orm.

D’ḟéaċ Donnċa Ṗeig go feargaċ orm. “Um, bó,” ar seisean, “a ḋroċḃreed! ar ḃiorán buiḋe ċaiṫfinn i ḃfairrge ṫu.”

“B’ḟearra ḋuit é ṫriail,” arsa mise agus rugas ar ṁaide ráṁa ċuige.

Do ġáir Taḋg Óg. “Ṁuise, mo ċroiḋe ṫu, a Jimín!” ar seisean. “Mairḃ ar fad an seanaċníopaire”; aċ níor ṁarḃuiġeas ’r a ṡon san.

Ṫug Donnċa Ṗeig aġaiḋ ar Ṫaḋg Óg annsan. “Is measa tusa tá ag séideaḋ fé. Níl sé droċṁúinte a ḋóṫain ċeana is dóċa,” arsa Donnċa.

Annsan d’imiġ Donnċa Ṗeig aḃaile d’iarraiḋ treaḃsair agus lón bíḋ i gcóir na hoiḋċe. Ċaiṫ Taḋg Óg an seól isteaċ i dtosaċ na naoṁóige agus tar éis an naoṁóg a ċeangal den ḃfáinne iarainn d’imiġ sé féin agus aṫair Ṁicilín aḃaile d’iarraiḋ culaiṫ iascaiġ agus lóin.

Ḃí sórt leisge orm féin dul suas, tá’s agat, ar eagla go ḃfeicfí sa ḃaile me agus go ḃfaġainn rud le déanaṁ ó Mam. Is maiṫ an sás ċuige sin í.

Ḃí an ġrian imiṫe síos agus daṫ an ċopair ar an spéir go léir ṫiar. Ḃí an ḟairrge ar nós ruda ḃeaḋ ’na suan agus a huaċtar mar a ḃeaḋ gloine le sleaṁaine. Ḃí gaċ aon rud ċoṁ ciúin sin go dtiocfaḋ saġas uaignis ort, aċ níorḃ aon uaigneas é gur ṁaiṫ leat dul uaiḋ, aċ is aṁlaiḋ d’ḟanfá id’ ṫost gan ċorraiġe. Níor ċorruiġeas féin go ceann i ḃfad aċ ḃíos ag iarraiḋ a’

92