Jimín Mháire Thaidhg/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
PÚCA ḂEIT MÓIRE AR ṪÓIR JIMÍN
[ 78 ]

Caibidiol XII

PÚCA ḂEIT MÓIRE AR ṪÓIR JIMÍN

An cuiṁin leat Beit Ṁór go raḃas ag eaċtraiġe go minic uirṫi—í siúd a ḃí ’nár dtiġ-ne an oiḋċe fuarṫas mise sa ḃfeamnaiġ agus nár réiḋtiġ na mná eile le Máire Aindí i dtaoḃ ciaca le Mam nó le Daid ba ḋeá’rṫaċ me. Ḃuel, ní ḋéanfaiḋ sí spiorspear d’aon scéal eile. Tá a gnó déanta. Tá sí marḃ!

Ní ḟeadar ’n tsaoġal cad a ṁairḃ í. Ṁeasas go raiḃ sí ċoṁ láidir le capall. Ḃí, leis, agus nuair ṡuiḋeaḋ sí isteaċ i gcairt an asail ḃíoḋ lán na cairte innti, a ḋuine. Ní foláir nó is láidir an duine an bás agus taḃairt i n-ao’ ċor fé na leiṫéid.

Níor ċuiṁniġeas riaṁ i gceart ar an mbás gur leagaḋ Beit Ṁór leis. Am baic, a ṁic ó! ní me an duine céadna ó ṡin. Táim teanntaiṫe ag an mbás mallaiṫe sin de ló agus d’oiḋċe. Aon rud a ċím sa ló bíonn aḋḃar mo ḃáis ann. B’ḟéidir go mbuailfeaḋ an capall speaċ orm nó go leagfaḋ an t-asal me nó go mbeaḋ frídíní galair san uisce—bímíd marḃ ag an Máiġistir ag tráċt orṫa san; agus ó cailleaḋ Beit, an riaċ pioc díom a ċuaiḋ ṫar doras aon oiḋċe ar eagla go ḃfeicfinn a púca, a ḋuine. Bíonn scilimis im’ ċroiḋe roimis na púcaí sin. Mara mbeaḋ iad do ḃeinn ar aor a’ ṁaidrín ruaiḋ.

Is mór an éagcóir dos na daoine marḃa ná fanann socair dóiḃ féin is gan ḃeiṫ ag dul tiompall ins an oiḋċe ag cur eagla ar ḋaoine fé mar atá Beit Ṁór anois. Duḃairt Taḋg Óg liom go ḃfeaca sé ṫíos sa ḃóiṫrín í an oiḋċe fé ḋeire agus bairrlín bán ’na tiompall agus í ar lorg Jimín Ṁáire Ṫaiḋg agus Ṁicilín Eoin. Ḃí olc aici ċuġainn, aduḃairt Taḋg, i dtaoḃ an dosaon uḃ a [ 79 ]ġoideamair ón gcirc a ḃí ar gor aici. Ar ṁ’anam is ar mo ṡláinte gurab ṡin é aduḃairt Taḋg Óg, agus duḃairt sé rud eile—go raiḃ néal uirṫi i dtaoḃ gur ġoideamair oċt gcinn de ṗípeanna tórraiṁ an oiḋċe ḃí sí fé ċlár agus ná duḃramair paidir na cré le n-a hanam.

Ní hag cuiṁneaṁ ar a hanam a ḃíomair, a’ dtuigeann tu leat me, aċ sinn d’iarraiḋ na pípeanna ṫógaint i gan ḟios don scata ban a ḃí istiġ, agus ní raḃas féin go ró ṁaiṫ istiġ liom féin faid a ḃíomair ’á ḋéanaṁ, mar ċeapas gaċ ’ra nóimeat go bpreabfaḋ Beit féin aniar ċun me ġearán le Mam. B’in seanaḃéas aici riaṁ. Níor ṗreab an uair sin agus ṡaoileas gurḃ aṁlaiḋ ná feacaiḋ sí i n-ao’ ċor sinn. Aċ féaċ ná raġaḋ ’oiread uaiṫe!

Ní gáḋ ḋi, ar nós an scéil, ḃeiṫ ċoṁ danarṫa i dtaoḃ na seanaṗípeanna. Nuair ċualamair go raiḃ sí sa ṁullaċ orainn mar ġeall ar an slí ṫógamair iad duḃramair paidir ar son gaċ píp riaṁ aca agus d’iarramair ar Ḋia an suaineas síorraiḋe a ṫaḃairt d’á hanam.

Aċ ṫug Dia an ċluas ḃoḋar dúinn, mar ċonnaic Taḋg Óg an oiḋċe ’na ḋiaiḋ san arís í agus ní haon ṁaolú a ḃí tagaiṫe ar an ḃfeirg aici. Duḃairt sí leis ná sásoċaḋ aon ní í aċ sinn a ċur na bpípeanna i bpoll an ċlaiḋe fé’n dtor sa ḃóiṫrín.

Do ċuir san me féin is Micilín i bponnc. A’ dtuigeann tú, ḃí cuid den dtobac a ḃí ionnta caiṫte agus ḃíomair tar éis ceann aca a ḋíol le Taiḋgín Neillí ar ḋá ṗinginn. B’éigean dúinn Taiḋgín a leagaḋ ċun na pípe ḃaint de—ḃí na pingní caiṫte ’gainn ar ṁísleáin, tá’s agat. Ċuireamair brúscar móna i dtóin gaċ pípe aca a ḃí ólta againn agus cuid den tobac as na ceannaiḃ eile anuas ar a ḃarra. Ṁeasamair, tá’s agat, ná taḃarfaḋ púca Ḃeit Móire fé ndeara an deifir.

Ċuireamair na pípeanna sa ṗoll, leis an lá. Ní raiḃ oiread leisce orm ag scarúint le haon rud riaṁ—pípeanna breáṫa ’á gcur i bpoll claiḋe don bpúca agus an t-uisce ó sna fiacla againn féin le dúil sa tobac!

[ 80 ]Maidin lae ar na ṁáireaċ ċuas ós íseal go dtí an poll d’ḟéaċaint an dtáinig Beit d’iarraiḋ na bpípeanna. Dar fia, ḃí gaċ aon ċeann riaṁ aca imiṫe! Ṁeasas go dtuitfinn leis an bpreab a baineaḋ asam. Ḃí an lá gléigeal ann, aċ mar sin féin ṫaḃarfainn an leaḃar go ḃfuaireas bolaiṫ an ṗúca san áit. Ṫáinig fuaṫ agam don dtor agus don mbóiṫrín agus fuaṫ speisialta do ṗúca Ḃeit Móire agus í ag imeaċt ar fuaid na dúṫaiġe i lár na hoiḋċe agus oċt gcinn de ṗípeanna tobac ar lasaḋ i n-éineaċt aici agus gal deataiġ ag éirġe as a béal.

Ní leigeaḋ an smaoineaṁ san dom aon néal ċolata a ḋéanaṁ ó d’innis Taḋg Óg dom gur mar sin a ḃí sí oiḋċe a ḃuail sí leis féin. Ḃí sí sásta go leor, duḃairt sé, go dtáinig sí go dtí an brúscar móna fén dtobac agus gur ḋóiġ san an carbal aici. Ḃí sí ag casaċtaiġ annsan agus ag eascainí agus duḃairt sí, am baisce! ná maiṫfeaḋ sí ḋúinn i n-ao’ ċor nó go gcuirfimís ċúiċe an dosaon uḃ a ṫógamair ón gcirc ġuir. Léan uirṫi! naċ maiṫ do ċuiṁniġ sí orṫa.

Ḃíomair teanntaiṫe ar fad age sna huiḃe. Ḋíolamair iad-san fad ó riaṁ le bean a’ Tobair i gcóṁair na caide agus ní fios cad é an ċríċ a ḃí imiṫe orṫa—droċċríċ is dóċa mar ḃí sicíní ionnta nuair a ḋíolamair iad. Ar feaḋ trí n-oiḋċe níor ċodail aonne de ḃeirt againn aon néal aċ ’á ċeapaḋ gaċ aon nóimeat go mbeaḋ an púca ċuġainn ag éileaṁ na n-uḃ agus ní ṫaḃarfá trí leafiní orainn ḃíomair ċoṁ suaiṫte sin.

Ḃíomair i ngalar na gcás d’iarraiḋ uiḃe guir a ṡoláṫar. Boṫán cearc níor ḟágamair ar fuaid an ṗaróiste gan cuardaċ aċ ní raiḃ oiread agus aon ċearc aṁáin ar gor ionnta. Fuaireamair dosaon uḃ saoráideaċ go leor agus má ċuireamair cearc aṁáin do ċuireamair cearc is fiċe ’na suiḋe orṫa; aċ an riaċ gor a ḋéanfaḋ aon ċeann aca! Ċeanglíomair ceann aca ar ċois sa nid, aċ nuair a ḃí sí tuirseaċ de ḃeiṫ ’na suiḋe do léim sí agus do ṫairrig sí an baile uirṫi leis an ngleo a ḋein sí agus rug Máire Aindí na huiḃe léi. Ḃíomair cráite, [ 81 ]agus duḃairt Taḋg Óg go raiḃ an goṁ ag teaċt ar an bpúca ċuġainn toisc gan na huiḃe ḃeiṫ faċta againn di. Go marḃ’íd siad í, gan olc dúinn!

Ḋeineas féin agus Micilín coṁairle annsan dosaon uḃ a ġoid agus iad a ċur ċúiċe agus litir ’na dteannta. Scríoḃamair an litir:

Go dtí Púca Ḃeit Móire.

A Ṗúca, a ġráḋ ḋil,

Seo ḋuit dosaon uḃ. Ní hiad na huiḃe céadna ḃí féd’ ċirc-se iad mar d’imíodar san ’n Daingean. Tá siad gan gor, leis, aċ b’ḟéidir go mbeaḋ cearc agat féin a ḋéanfaḋ duit é; agus má’s é do ṫoil é, a ṗúca ḋeas, ná bí dian orainn mar táimíd óg, agus ná bí ’ár ndiaiḋ insa ḃóiṫrín aon oiḋċe eile.

Mise Jimín agus

Mise Micilín Eoin.

Ċuireas Cáit go dtí an tor sa ḃóiṫrín agus ċuir sí na huiḃe sa ṗoll agus an litir ar a mbarra. Níor ċodluiġeas néal an oiḋċe sin aċ ’á ċeapaḋ gaċ aon nóimeat go ḃfeicfinn an aṁailt isteaċ tré ṗoll na heoċraċ ċuġam. Aċ am baite! ní ṫáinig sí i n-ao’ ċor agus ní me ná raiḃ buiḋeaċ!

Ar maidin go moċ ċuaiḋ Cáit arís go dtí an poll. Ní raiḃ uḃ ná litir ann. I gcoinniḃ a cos a ċuaiḋ sí go dtí an poll i n-ao’ ċor, aċ ar ṁ’anam, a ṁic ó, gur ḃain sí as na cosa go maiṫ é ag teaċt aḃaile arís, agus ḃí sí ag dul i laigí le heagla an ṗúca; agus ċun na fírinne a ráḋ, ní raḃas féin istiġ liom féin.


∗             ∗

Ó scríoḃas an méid sin tá scéal tuitiṫe amaċ annso. Is suaraċ an scraiste Taḋg Óg. Táim tuitiṫe amaċ leis. Ċuala aréir é istiġ i dtiġ Ṁáire Aindí ’á innsint [ 82 ]dóiḃ i dtaoḃ an sceiṁle fuaireas-sa ó Ṗúca Ḃeit Móire agus mar a ḋein sé féin smíste ’madáin díom nuair duḃairt sé liom na pípeanna agus na huiḃe a ċur sa ṗoll i gcóir an ṗúca; agus duḃairt sé le Máire gur uaiṫe féin a ġoideas na huiḃe. Ní raiḃ oiread náire riaṁ orm. Bead-sa suas le Taḋg ar ṡlí éigin—bead san. Ní ḋéanfaḋ sé mar sin liom é an oiḋċe ḃriseas an cleaṁnas le Peats Teaimí do féin is do Nell. Léan uaiḋ, ní maiṫ an díol air aon ḃean a ṡoláṫar do—ní maiṫ san.