Jimín Mháire Thaidhg/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
JIMÍN IS AN ṀEIṪEALL AG BAINT NA MÓNA
[ 73 ]

Caibidiol XI

JIMÍN IS AN ṀEIṪEALL AG BAINT NA MÓNA

Tá cluig ar mo láṁa agus me buiḋe ón ngréin agus an croiceann dóiġte ag imeaċt dem’ ṡróin mar ḃeaḋ croiceann práta ḃeaḋ ró ḃeiriṫe. Agus tá mo ċnáṁa ċoṁ tinn sin naċ maiṫ liom cor a ċur díom. Ar meiṫill na móna d’imiġ sé seo ar fad orm. Dar muige! má tá gaċ aonne ḃí ar an meiṫill ċoṁ tuirseaċ agus táim-se—ní foláir nó táid siad ag mallaċtú an té ċeap móin ar dtúis. Léan air, nár ċeap slí éigin eile ċun teine ḋéanaṁ.

Againne ḃí an ṁeiṫeall, agus coimeádaḋ mise sa ḃaile ón scoil ċun an t-asal a ṫiomáint go dtí an portaċ leis an mbia. Ar feaḋ trí lá roime lá na móna ḃíomair ag ullṁú. Ḃí Mam ag déanaṁ cístí aráin, agus ċongaiḃ sí ċeiṫre púint ime ar leiṫiliġ agus ċuir sí mise go tiġ Ḃeit Móire agus Ṁáire Aindí ċun an crúsca mór cré ḋ’ḟaġáil ó Ḃeit agus crúsca mór stáin ó Ṁáire. Ḃí glór breá ag an gceann stáin nuair a ḃíos ’á ḃualaḋ le smut de ṁaide; agus leis an nglór ní ċuala Mam ’á ráḋ liom stad go dtáinig sí ar mo ċúl agus ṫug sí failp sa ċluais dom.

Mise a cuireaḋ, leis, ar fuaid an ḃaile ar lorg sleánta. Ṫugas Micilín Eoin liom agus níor ḟágamair aon tiġ i ngiorraċt míle ḋinn nár loirgíomair sleán ann do Ṁam. B’ṡin tar éis scéal an ċeaintín, tá’s agat, agus ḃíos beartaiṫe mo ḋíċeall a ḋéanaṁ ag soláṫar sleán di ċun í ṡásaṁ. Fuaireamair naoi gcinn aca ḋi.

B’é ár ndíċeall iad d’iompar aḃaile. Ḃí ár dteanga amuiċ againn agus ḃíoḋ sleán ag tuitim uainn anois is arís. Aċ níorḃ aon táċt é sin seaċas Mam nuair a [ 74 ]ċonnaic sí an t-ualaċ sleán an buaile aníos ċúiċe. Ṁeasas go dtairriceoċ’ sí an baile orm leis an néal a ḃí uirṫi. Ṫug sí “amadáinín” is fiċe orm. B’ṡin é mo ḃuiḋeaċas tar éis mo ḋíċill. Tá Mam gan aon réasún agus is dóċa gurab é sin fé ndeara doṁsa ḃeiṫ im’ amadáinín.

[I dtaoḃ na sleán san, tá aċrann mór ar siuḃal. Níor ċuiṁin liom-sa cad é an tiġ go ḃfuaireas aon ċeann aca agus nuair cuireaḋ aḃaile iad ní raiḃ a ċeann féin ag aonne. Ní raiḃ aon leiġeas agam-sa air sin, aċ aonne ḋeineaḋ gearán nárḃ é a ṡleán féin a cuireaḋ aḃaile ċuige—mise ḋíolaḋ as. Léan orṫa mar sleánta!]

Ar maidin sé céad rud a ċuala ná mo ṁáṫair ag glaoḋaċ go hárd is go géar ar Ḋaid. Duḃairt sí go raiḃ an ṁaidean caiṫte. Ċeapas, am baic! ón gcainnt a ḃí aici, go raiḃ sé tar éis a deiċ nó mar sin. Ṗreabas síos ’on ċistin aċ ní raiḃ sé aċ leaṫuair tar éis a cúig! Ṫiomáin sí Daid d’iarraiḋ an ċapaill agus me féin d’iarraiḋ na mbó. Ḃí an citeal beiriṫe nuair a ṫána, agus ḃí cuid de ṁuinntir an ḃaile ag teaċt. Ṫáinig Taḋg Óg, leis. Ḃí pící aca ar fad. Ċeangail m’aṫair na pící ar fad agus trí sleána treasna ar ṡáilíní na cairte agus ċuir sé beart d’ḟéar ġlas as an móinéar isteaċ innti. D’iṫeadar go léir bricfeast—ní raiḃ slí tiompall an ḃúird i n-ao’ ċor dóiḃ. Gaḃaḋ an capall annsan agus as go bráṫ leo agus iad caiṫte i dtoll a ċéile sa ċairt agus na pící agus na sleánta ag gliogarnaiġ.

Nuair a ḃíodar imiṫe do ċuir Mam faoḃar uirṫi féin. B’éigean dom cliaḃ d’ḟaġáil di agus féar. Ċuir sí crúsca mór cré Ḃeit Móire síos sa ċliaḃ agus féar fé agus tiompall air. Ḃí sé lán go smig de ṗórtar. Ḃlaiseas é, tá’s agat, nuair a ḃí Mam d’iarraiḋ an ime. Ḃí blas gránna air agus scaoileas as mo ḃéal isteaċ sa teine é.

Ċuir mo Ṁam an citeal isteaċ i mbosca, agus stán an ġleoiḋ Ṁáire Aindí agus é lán de leaṁnaċt, agus an t-im agus sceana agus cúpla spiúnóg agus oċt gcinn [ 75 ]de ṡáspain, agus púnt de ṫé agus laḋar siúicre; agus ṫug sí ḋom oċt n-únsaí tobac do sna fearaiḃ a ḃí sa ṁeiṫill. Ċuir sí an t-arán go léir i mála agus do ḃuail isteaċ sa trucaill é.

“Seaḋ’ ’nois,” ar sise, “ná bíoḋ sé den riaċ ort aon rud a ċailliúint ar an mbóṫar; agus ná caiṫ an lá ar an mbóṫar nó marḃoċaiḋ na fir tu. Seaḋ, suiḋ isteaċ anois.”

Ṡuiḋeas. Ḃuaileas flíp ar an asal. Ṫug sé léim, agus, ar ṁ’anam! siúd lem’ ċuid sáspan amaċ ar an mbóṫar. Ċuaiḋ an t-asal i ḃfad sarar ḟéadas é stop. Sin cleas aige. Ḃeaḋ sé ag imeaċt leis agus tusa ag tarrac air agus lúb ’na ṁuineál aige agus a ṗus ċoṁ fada siar le n-a eirball aige leis an straiḋn agus ní stadfaḋ Éire é go mbuailfeaḋ sé i gcoinniḃ claiḋe nó rud éigin. Níorḃ aon ṁaiṫ “ḃaoi” a ráḋ leis.

Ṫáinig Mam suas liom leis na sáspain agus duḃairt sí liom go raiḃ ḟios aici go maiṫ go gcaillfinn na sáspain. Sin é deir sí le gaċ rud—go raiḃ ḟios aici féin go maiṫ é. Tá Mam anasmeartálṫa.

B’áil le Dia gur ḃaineas amaċ an portaċ gan aon óspairt eile. Nuair a ṫána ann ḃíodar ag gaḃáil díom i dtaoḃ a ḃeiṫ fada ag teaċt. Ní raḃas fada ag teaċt, aċ is aṁlaiḋ a ḃí an iomad den dúil aca féin insa rud duḃ a ḃí sa ṗróca mór cré. Ní túisce ḃíos tagaiṫe ná ṫógadar as an gcliaḃ é agus fuair gaċ duine aca taoscán sáspain de, aċ Taḋg Óg. Ní ólfaḋ Taḋg Óg i n-ao’ ċor é. Duḃradar go léir gurḃ olc an rud, leis, ḃeiṫ ag ól agus go mbeaḋ daoine ċoṁ maiṫ gan é ḃac; agus do ġuiḋeadar go ḃfágfaḋ Dia Taḋg i ḃfad gan dúil san ól aige; agus annsan ċuiridís féin an sáspan pórtar ar a gceann arís agus d’ólaidís go dríodar é.

Ṫugas fé ndeara na daoine is mó d’ól an pórtar go mbrisidís a lán des na fóid. Ḃris Daid cuid ṁaiṫ fód. Ḃí Taḋg Óg ar an sleán an lá go léir agus ceaṫrar ag píceáil ’na ḋiaiḋ agus iad ag caiṫeaṁ na ḃfód ó ḋuine go duine.

[ 76 ]Mise ba ċócaire. Ḃailiġeas cipíní giúise agus caḋráin trioma agus d’aduiġeas teine i lár an ṗortaiġ. Líonas an citeal as poll uisce ḃí i n-aice liom aċ is láidir nár ṁarḃíodar me mar ġeall air. B’éigean dom é ċaiṫeaṁ as arís agus dul go dtí sruṫán i ḃfad suas ċun uisce d’ḟáġáil.

Duḃradar liom an ceaintín bainne ċur síos i bpoll móna ċun ná géaruiġeaḋ sé leis an dteas. Rugas ar eascúin ṁóir ḟada ḃí sa ṗoll agus ar ċeann des na froganna ḃí, leis, ann. Ḃí an frog im’ póca agam agus nuair a ḃí Taḋg Mór ag ól sáspain pórtair ċuireas an frog isteaċ ann i gan ḟios do. ’Á ṁeas a ḃíos go sloigfeaḋ sé an frog, mar ba ṁaiṫ liom Taḋg a ḋ’ḟeiscint nuair a ḃeaḋ an frog ag léimriġ istiġ ann. Aċ nuair a ċuir sé an sáspan ar a ċeann ṫáinig an frog aníos ċuige agus ċuir Taḋg béic as agus ċaiṫ sé uaiḋ an sáspan.

Ċaiṫ sé aṁras láiṫreaċ ar Ḋoinniċín Eoin—gurḃ é ċuir an frog ċuige—agus ḃí sé ċun é ṡáṫ’ le píce mara mbeaḋ go rug Taḋg Óg air. Ḃí aiġneas mór ar feaḋ tamaill ann mar ḃí néal buille ar Ṫaḋg Ṁór agus ní éisteoċaḋ sé le haon réasún go ceann i ḃfad. Ḃíos féin ag breiṫ ċuġam, am baic! agus d’imiġ an frog de léim den bport síos i bpoll eile. I gcionn tamaill ċromadar go léir ar obair arís agus gan focal asta; aċ anois is arís ḃriseaḋ a ġáíre amaċ ar ḋuine éigin agus ḃídís ag sciṫiríl ċúċa féin. Ḃí Taḋg Mór anaḋúr an ċuid eile den ló.

Níor ṁór dom féin dul ag píceáil. Ḃí sé deas go leór ar feaḋ tamaill, aċ annsan ċuaiḋ na fóid i dtruime, ṁeasas, agus ṫáinig teas ar mo ḃaisíní agus d’imiġ an spórt as an scéal dom. N’ḟéadfainn stad, mar ḃí na fóid ag teaċt ró ṫiuġ orm agus ċeanglíoḋ cuid aca ar an bpíce agus ní mór ná go leagaidís me. Ḃíos cráite scólta aca agus mo ḋá ḋearnain ar lasaḋ, agus gan faeseaṁ le faġáil aċ na fóid ṁí-áiḋ ’á gcaiṫeaṁ ar fuaid na gcos agam. B’é toil Dé gur ċuiṁniġ Taḋg Óg ar an gciteal.

[ 77 ]“’Jimín,” ar seisean, “féaċ a’ ḃfuil an t-uisce beiriṫe.” Ba ṁór an ḟuascailt í. D’imiġeas agus sé céad rud a ḋeineas mo ḋá láiṁ a ċur síos fé uisce i bpoll móna. Ba ḃreá an t-ionuaraḋ é. Ní ḟuaireas a leiṫéid de ṡásaṁ as aon rud riaṁ.

Insa ċiteal a deineaḋ an té. Caiṫeaḋ té agus bainne agus siúicre isteaċ ann i dteannta ċéile. Níor ḃlaiseas riaṁ aon té ċoṁ deas leis. Gearraḋ an t-arán go reaṁar agus cuireaḋ an t-im go reaṁar anuas air agus sinn suiḋte ar ḃlocanna giúise agus ar fóda móna ag iṫe agus na fir ar fad ag cainnt i dtaoḃ laeṫeannta móna agus gaisce le sleán. Ḃíodar ag cur barr-ḟód agus bun-ḟód agus méiṫ-ṁóin agus spairt tré n-a ċéile; aċ ní hag éisteaċt leo a ḃíos-sa aċ d’iarraiḋ gal a ċaiṫeaṁ as ṗíp Ṫaiḋg Óig i gan ḟios dom’ aṫair.

Ḋeineamair té arís tráṫnóna tiompall a cúig a ċlog agus d’óladar an ċuid deiriḋ den bpórtar an uair sin, leis. Ṡluigeadar an braon deirinneaċ de, mar ní raiḃ diúir ann nuair a ċuas-sa ag lorg na heascún a ċuireas isteaċ ann ar maidin. N’ḟeadar ón dtalaṁ cad é an ċríċ a ḋ’imiġ ar an eascúin mboiċt. Ḃí sórt uaignis orm nuair ná fuaireas a tuairisc ó aonne. N’ḟeadar cá ḃfuil sí anois.

Ḃailiġeas le ċéile mo ċuid giúirléidí ar fad tar éis aimsire an té agus rugas ar an asal agus ḃíos ag cur díom aḃaile agus me ag aṁrán. Ṫugas lán an ċléiḃ de ġiúis tirm go dtí Mam agus ṫugas arc luaċra liom istiġ i bpáipéar go dtí Cáit. Duḃairt Mam “maiṫ an buaċaill,” aċ nuair a ṫairrigíos an t-arc luaċra beag do Ċáit do scréaċ sí. Bíd na cailíní an-ait. Duḃairt sí an “sníoṁaiḋe snáṁaiḋe” ruda san a ċaiṫeaṁ as a raḋarc. Fan go mbeiread-sa aon rud arís ċúiċe.