Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/85

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN IS AN ṀEIṪEALL AG BAINT NA MÓNA

“’Jimín,” ar seisean, “féaċ a’ ḃfuil an t-uisce beiriṫe.” Ba ṁór an ḟuascailt í. D’imiġeas agus sé céad rud a ḋeineas mo ḋá láiṁ a ċur síos fé uisce i bpoll móna. Ba ḃreá an t-ionuaraḋ é. Ní ḟuaireas a leiṫéid de ṡásaṁ as aon rud riaṁ.

Insa ċiteal a deineaḋ an té. Caiṫeaḋ té agus bainne agus siúicre isteaċ ann i dteannta ċéile. Níor ḃlaiseas riaṁ aon té ċoṁ deas leis. Gearraḋ an t-arán go reaṁar agus cuireaḋ an t-im go reaṁar anuas air agus sinn suiḋte ar ḃlocanna giúise agus ar fóda móna ag iṫe agus na fir ar fad ag cainnt i dtaoḃ laeṫeannta móna agus gaisce le sleán. Ḃíodar ag cur barr-ḟód agus bun-ḟód agus méiṫ-ṁóin agus spairt tré n-a ċéile; aċ ní hag éisteaċt leo a ḃíos-sa aċ d’iarraiḋ gal a ċaiṫeaṁ as ṗíp Ṫaiḋg Óig i gan ḟios dom’ aṫair.

Ḋeineamair té arís tráṫnóna tiompall a cúig a ċlog agus d’óladar an ċuid deiriḋ den bpórtar an uair sin, leis. Ṡluigeadar an braon deirinneaċ de, mar ní raiḃ diúir ann nuair a ċuas-sa ag lorg na heascún a ċuireas isteaċ ann ar maidin. N’ḟeadar ón dtalaṁ cad é an ċríċ a ḋ’imiġ ar an eascúin mboiċt. Ḃí sórt uaignis orm nuair ná fuaireas a tuairisc ó aonne. N’ḟeadar cá ḃfuil sí anois.

Ḃailiġeas le ċéile mo ċuid giúirléidí ar fad tar éis aimsire an té agus rugas ar an asal agus ḃíos ag cur díom aḃaile agus me ag aṁrán. Ṫugas lán an ċléiḃ de ġiúis tirm go dtí Mam agus ṫugas arc luaċra liom istiġ i bpáipéar go dtí Cáit. Duḃairt Mam “maiṫ an buaċaill,” aċ nuair a ṫairrigíos an t-arc luaċra beag do Ċáit do scréaċ sí. Bíd na cailíní an-ait. Duḃairt sí an “sníoṁaiḋe snáṁaiḋe” ruda san a ċaiṫeaṁ as a raḋarc. Fan go mbeiread-sa aon rud arís ċúiċe.

77