Caibidiol XI
JIMÍN IS AN ṀEIṪEALL AG BAINT NA MÓNA
Tá cluig ar mo láṁa agus me buiḋe ón ngréin agus an croiceann dóiġte ag imeaċt dem’ ṡróin mar ḃeaḋ croiceann práta ḃeaḋ ró ḃeiriṫe. Agus tá mo ċnáṁa ċoṁ tinn sin naċ maiṫ liom cor a ċur díom. Ar meiṫill na móna d’imiġ sé seo ar fad orm. Dar muige! má tá gaċ aonne ḃí ar an meiṫill ċoṁ tuirseaċ agus táim-se—ní foláir nó táid siad ag mallaċtú an té ċeap móin ar dtúis. Léan air, nár ċeap slí éigin eile ċun teine ḋéanaṁ.
Againne ḃí an ṁeiṫeall, agus coimeádaḋ mise sa ḃaile ón scoil ċun an t-asal a ṫiomáint go dtí an portaċ leis an mbia. Ar feaḋ trí lá roime lá na móna ḃíomair ag ullṁú. Ḃí Mam ag déanaṁ cístí aráin, agus ċongaiḃ sí ċeiṫre púint ime ar leiṫiliġ agus ċuir sí mise go tiġ Ḃeit Móire agus Ṁáire Aindí ċun an crúsca mór cré ḋ’ḟaġáil ó Ḃeit agus crúsca mór stáin ó Ṁáire. Ḃí glór breá ag an gceann stáin nuair a ḃíos ’á ḃualaḋ le smut de ṁaide; agus leis an nglór ní ċuala Mam ’á ráḋ liom stad go dtáinig sí ar mo ċúl agus ṫug sí failp sa ċluais dom.
Mise a cuireaḋ, leis, ar fuaid an ḃaile ar lorg sleánta. Ṫugas Micilín Eoin liom agus níor ḟágamair aon tiġ i ngiorraċt míle ḋinn nár loirgíomair sleán ann do Ṁam. B’ṡin tar éis scéal an ċeaintín, tá’s agat, agus ḃíos beartaiṫe mo ḋíċeall a ḋéanaṁ ag soláṫar sleán di ċun í ṡásaṁ. Fuaireamair naoi gcinn aca ḋi.
B’é ár ndíċeall iad d’iompar aḃaile. Ḃí ár dteanga amuiċ againn agus ḃíoḋ sleán ag tuitim uainn anois is arís. Aċ níorḃ aon táċt é sin seaċas Mam nuair a
73