Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/109

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

OIḊĊE IASCAIĠ

seisean, “agus ní fearr leo díoṁaoin í, roġa aca ceart nó míċeart a ḃeiṫ aca. Aċ bíoḋ a dial agat!” ar seisean, “níl aon ḃeann agam-sa ort.”

D’iompuiġ Mam ṫar n-ais air. D’ḟéaċ sí air ó n-a hata síos agus annsan ó n-a ḃróga suas. Ḃí droċṁeas agus déistin sa ḃféaċaint sin agus sa ġáire ḋein sí ’na diaiḋ. Ní mór aduḃairt sí. “Seaḋ ndoṁaintí!” ar sise. “Donnċa na h-aindeise is gan aon ḃeann aige ar aonne!” agus do ḃain sí croṫaḋ as a ceann agus do ġaiḃ suas aḃaile agus mise roimpi amaċ agus mo stropa éisc agam agus iad ag bualaḋ i gcoinniḃ mo ċolpaí, agus mo ċroiḋe im’ béal.

Ní ’neosad an ċuid eile de scéal na maidne sin duit—ba ṡearḃ liom tráċt air; aċ nuair a ḃí sé go léir i leaṫtaoiḃ ḃí sé socair im’ aigne agam-sa nár ṁaiṫ an ċiall dom dul ag iascaċ arís gan a innsint do Ṁam roim ré. Ciall ċeannaiġ a ḃí agam. Aċ sin é an dálṫa agam-sa i gcoṁnaiḋe é. Ní ḃíonn ciall roim ré ċoiḋċe agam.

101