Jimín Mháire Thaidhg/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín Mháire Thaidhg by Pádraig Ó Siochfhradha
MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT
[ 102 ]

Caibidiol XV

MAR DO-ĊUAIḊ JIMÍN LE SAGARTÓIREAĊT

Ḃí Mam ar feaḋ coigṫíse agus ní ḟéadfainn a ḋéanaṁ amaċ cad a ḃí ag gaḃáil di. Ag maċtnaṁ a ḃíoḋ sí, tá’s agat, agus stadaḋ sí uaireannta i lár a cuid gnóṫa agus ḃíoḋ sí ag smaoineaṁ. Annsan uaireannta eile ċínn ag cainnt le Daid í aċ ní ḃíoḋ ’á ráḋ age Daid aċ—“Tá an ceart agat. Is agat-sa is fearr ḟios, a ċroiḋe.” D’iarras ar Ċáit faire a ḋéanaṁ ar Ṁam féaċaint cad a ḃí ar siuḃal aici aċ níl aon ṁaiṫ i gCáit ċun spiaireaċta agus b’éigean dom plean eile a ṫarrac ċuġam.

Nuair cuireaḋ a ċodla me oiḋċe ċuas isteaċ ’on leabaiḋ tamall, aċ annsan nuair a ḃí mo ṁáṫair agus Daid cois na teine sa ċistin d’éaluiġeas isteaċ i seomra na beirte aca agus ċuas laistiġ de ċlóca ṁór mo ṁáṫar a ḃí ar croċaḋ ar an ḃfalla agus d’ḟanas leo go dtagaidís ’on tseomra. Tá’s agat, bíonn siad go minic ag cainnt nuair a ṫéiġid siad ’on tseomra.

Aċ ar ṁ’anam go raiḃ feiṫeaṁ fada ar ċosa laga agam mar ċaiṫeadar an oiḋċe ag cadráil cois na teine, agus na glúine ag lúbarnaiġ agam-sa. Aċ fuaireas luaċ na foiḋne sa deire mar ċuir Daid an madra an doras amaċ agus ċuir sé an bollta sa doras agus ṫáinig sé féin agus Mam go dtí an seomra. Do leanadar den ċainnt a ḃí ar siuḃal ṫíos aca nuair ṫánadar ’on tseomra:

“Caillfimíd mála airgid leis aċ níl dul as is dóċa,” arsa Mam.

“Seaḋ, agus b’ḟéidir gur aḃaile arís ċuġainn a cuirfí é mar ná féadfaiḋ sé é féin d’úmpar,” arsa Daid.

[ 103 ]Níor ṫaiṫn san le Mam.

“Má tá droċ-úmpar ann ní ó n-a ṁáṫair a ṫug sé é,” ar sise.

Do ḃain m’aṫair croṫaḋ as a ċeann le mí-ṁisneaċ: “Oċ ṁuise,” ar seisean, “sé an seanṗort céadna i gcoṁnaiḋe agat é.”

Ṫuigeas féin ós na bréiṫre sin gur don mac so a ḃíṫeas ag tagairt. Sin é uair d’éiriġ an sot go léir orm ċun feasa ḋ’ḟaġáil cá raḃṫas am’ ċur agus conus a ḃíṫeas ċun an mála airgid sin a ċaiṫeaṁ liom. Tar éis tamaill ṫáinig an ḃeirt aca ċun bladair arís.

“Bainfiḋ sé deiċ mbliana ḋo sar a mbeiḋ sé ’na ṡagart,” arsa Mam.

Ní mor ná gur ṫuiteas féin i láṫair mo ċos nuair a ċuala an méid sin, a ḋuine. Mise im’ ṡagart! Ċuir an scéal mearaṫal orm agus ní mór ná gur scéiḋeas orm féin laistiar den ċlóca.

“Arú,” arsa m’aṫair, “b’ḟearr liom é ċur le céird éigin eile. Bíonn siad ’na seanduiní anois sara dtugtar paróiste ḋóiḃ.” Aċ ṫug Mam fé arís agus duḃairt sí naċ ċun airgid ná saiḋḃreasa a ḋéanfaḋ sí sagart d’á mac féin aċ ċun seirḃíse Dé. D’éist Daid tamall, am baic, tar éis an méid sin. Annsan ar seisean:

“Cé ḋéanfaiḋ an treaḃaḋ agus an fuirse nuair a ḃuailfiḋ an t-aos mise?”

“Nár leigiḋ Dia go mbuailfeaḋ ṁuise, laige ná aos tusa, a ḋalṫa!” arsa Mam. Ón nglór a ḃí ’na guṫ ṫuigeas gur searḃas a ḃí ar siuḃal aici. “Aċ ná bíoḋ eagla ort,” ar sise, “ġeoḃad-sa cliain isteaċ duit-se a raġaiḋ i mbun seisriġe ḋuit.”

“Uf,” arsa Daid, agus d’umpuiġ sé ar a ċliaṫán agus ṫuit a ċodla air.

Ḃí Mam uair a ċluig sarar ṫuit aon néal uirṫi agus deirim-se leat go raiḃ na cosa fuar go maiṫ agam-sa sarar ḟéadas éalú as a’ tseomra.

Ar maidin nuair a ċonnac Cáit: “Bead-sa im’ ṡagart,” arsa mise.

[ 104 ]Do ġáir Cáit. “Ní ḃeir, a ṁuise,” ar sise, “aċ bead-sa im’ ṁnaoi rialta.”

“Cuir uait im baisce!” arsa mise, “fanfair-se sa tiġ seo agus taḃarfaiḋ Mam fámaire de ċliain isteaċ ċun tú ṗósaḋ agus ċun an treaḃaḋ a ḋéanaṁ do Ḋaid. Níl dul as agat—tá san socair id’ ċóṁair age Mam.”

Ċrom an óinsín ar ġol agus cé ċualaiḋ í aċ Mam.

“Cad é seo anois ort?” ar sise.

“Ḃu-hú!” arsa Cáit, “ní ṗósfad-sa aon ċliain isteaċ!”

D’ḟéaċ Mam uirṫi agus annsan d’ḟéaċ sí orm-sa. Ċeapas féin, am baisc, gurḃ ḟearr riṫ maiṫ ná droċ-ṡeasaṁ agus ċuireas díom suas go tiġ Ṁáire Aindí.

Máire agus Nell a ḃí istiġ.

“Ara, cad a ṫug ċoṁ luaṫ so ar maidin tu?” arsa Nell.

“Mam, dar fia! do ċuir an riṫ orm,” arsa mise, “i dtaoḃ gur innseas do Ċáit go raḃadar ċun cliain isteaċ a ḋ’ḟaġáil di.”

“Arú, a ḃligeáirdín, cad a ċuir é sin id’ ċeann?” arsa Máire Aindí.

Ċuir sé sin olc orm féin.

“Ní haon ḃligeárd me,” arsa mise, “aċ tá Mam ċun sagairt a ḋéanaṁ díom agus beiḋ siḃ go léir ag taḃairt “Father James” orm annsan agus b’ḟéidir ná taḃarfá bligeárd an uair sin orm.”

“Mo ġráḋ-sa Dia,” arsa Máire, “ag magaḋ fúm atánn tu.”

“Níl aon ḟocal éiṫiġ ann,” arsa mise, agus d’innseas di gaċ aon ní. Níor ḟágas aon ní istiġ nár scaoileas amaċ. Ní raiḃ leiġeas agam air—ní ḟanfaḋ an riaċ ruda istiġ. Sin é an loċt mór atá orm-sa, tá’s agat, me ḃeiṫ im’ béal ’leiṫ Éireann. Ní ċeilim faic ar aonne aċ ar Ṁam; aċ ġeiḃeann sí sin fios ar mo ġnóṫaí gan mise ’á n-innsint i n-ao’ ċor di.

Ní túisce ḃí mo ḃotún déanta agam-sa ná ḃí sé go léir innste ar fuaid an ḃaile. Ní raiḃ an oiḋċe ar fónaṁ ann nuair ġaiḃ Máire Aind isteaċ go dtí Mam. [ 105 ]“Ṁuise, go gcoṫuiġiḋ Dia ḋíḃ é, an scéal maiṫ,” ar sise.

“Cad é an scéal?” arsa Mam.

“Jimín beag a ḃeiṫ ag dul le sagartóireaċt, bail ó Ḋia air,” do ráiḋ Máire.

Baineaḋ anaṗreab as Mam boċt. Níor ḟan focal aici. D’ḟéaċ sí anall orm-sa agus ṁeasas nár ḟan oiread luiċe ionnam leis an scannraḋ. Ċonnac go raiḃ sí go cráite dóite toisc an scéal a ḋul amaċ roimré. Níor ṁaiṫ liom í ḃeiṫ ag féaċaint orm agus d’imiġeas liom go maolċluasaċ go dtí an leabaiḋ agus gan é aċ a leaṫuair tar éis a seaċt. Deirim-se leat ná raḃas buiḋeaċ dem’ ṫeangain, mar ċeapas siúrálta go ḃfaġainn búrdáil ṁaiṫ an oiḋċe sin. Aċ ní ḟuaireas, a ḋuine. Nuair a ḃí Mam ag dul a ċodla ṫáinig sí le coinnill mar a raḃas-sa agus d’ḟéaċ sí orm. Ḃíos im’ ċnap ċodlata, a ṁic ó, agus ná hoscloċainn súil liom ar ṁíle púnt.

“Hum,” ar sise, “codla an traḋna ċuġat-sa, a ḃuaċaill,” agus ṫuigeas go raiḃ droċaṁras aici ar an suan a ḃí orm. D’imiġ sí, áfaċ, agus ṫugas mo ḃuiḋeaċas do Ḋia a ṫug saor an uair sin me.

Ḃí baḃta bruiġne agam féin is ag Micilín Eoin lá’r na ṁáireaċ. Nuair a ċonnaic sé ċuige me, “Ara, féaċ aníos ‘Father James’!” ar seisean. Ṫáinig beiriṫean uilc orm ċuige agus leanas suas ’on ṗáirc é agus ċuireas fuilṡrón leis. B’ḟéidir go múinfeaḋ san béasa ḋo. Aċ níor stop san an ċuid eile den mbaile, mar ḃíoḋ an ainm ar siuḃal aca go léir orm—mór mór ag na sciṫirí gearrċaillí. Ḃíos cráite aca, aċ me féin fé ndeara é a scaoil lem’ ṫeangain i láṫair Ṁáire Aindí.

Ar feaḋ trí seaċtaine ’na ḋiaiḋ sin níor ċuaiḋ stad ar Ṁam aċ ag ullṁú rudaí ḋom. Ṫug sí trúnc nua ón nDaingean ċuġam agus ḃí seóḋ rudaí istiġ ann. Ḃí léinteaċa ann agus tuḃáilí agus cíor dom’ ċuid gruaige agus máilín beag ċun mo léine oiḋċe a ċur isteaċ ann, a ḋuine. Ḃí hainceasúirí póca, leis, ann, agus stocaí, [ 106 ]agus ḋein an táiliúir ḋá ċulaiṫ éadaiġ dom. Fuaireas ḋá ḟeiḋre gleoite bróg ná raiḃ aon tairnge ionnta aċ iad ag gíoscán nuair a ṡiuḃluiġinn.

Ḃíos ag gaḃáil an bóṫairín síos lá nuair a ġlaoiḋ Taḋg Óg ṫar n-ais orm. “Cogar i leiṫ, a Jimín,” ar seisean, “cad tá an dá ḃróig sin a ráḋ le ċéile?”

“Tin t’ḟiarṫaiṫe ar do ṡeanaṁáṫair!” arsa mise. Ḃíos cráite aige aċ níor ḋein sé aċ gáirí fúm. Is dóiġ leis go ḃfuil sé anasmeartálṫa.

Beiḋ mé ag imeaċt amáireaċ agus do réir mar a ċloisim ní ró ṁór an aga a ḃeiḋ agam ċun a ṫuille cúntaisí mar seo a scríoḃ. Is dóċa go ḃfuil an cruatan róṁam. Deir Mam liom go gcuirfear urċall annsúd liom agus srian agus go mbead ag gol fós i ndiaiḋ mo ṁáṫar agus an tsaoġail ḃreá a ḃí agam uaiṫe. Dar fia! má ḃíonn siad níos cruaiḋe orm ná mar ḃí Mam tá an riaċ buiḋe go léir orṫa. Ní ró ṁaiṫ atáim i n-ao’ ċor istiġ liom féin na laeṫeannta so agus ar ḋá ḃiorán ní raġainn i n-ao’ ċor ann. Táim idir fonn is faitċíos, a ḋuine; aċ tá beartaiṫe agam má ḃíonn an scéal ró ḋian orm sa Ċoláiste ná fanfad aca, dar fia!

Ṫáinig Máire Aindí araer agus ṫug sí dá ḟeiḋre stocaí ḋom. Ṫug Taḋg Óg is Nell bille púint dom. Ṫáinig Micilín Eoin ċuġam ó ċiainiḃ agus ḃí saġas náire air agus ní duḃairt sé aon ní go ceann tamaill. Annsan ṫairrig sé scian as a ṗóca agus ċuir sé im’ aice ar an mbórd í agus deora ó n-a ṡúile. Ṫug sé iarraċt ar rud éigin a ráḋ aċ ní ḟéadfaḋ leis an dtoċt ġuil. Annsan riṫ sé an doras amaċ uaim ag gol. Deir Cáit go raiḃ Micilín anaċeanúil orm-sa. Ṫugas an ṗíp aḋmaid a ḃí i ḃfolaċ sa stáca agam do Ċáit ċun é ṫaḃairt do Ṁicilín amáireaċ.

Tá mo ṫrúnc pacálta sa ċistin. An rud deireannaċ a ċuir Mam ann ná císte mór aráin go raiḃ rísíní ann. Tá na coṁarsain ar fad sa ċistin—is dóċa gur mar ġeall orm-sa é. Ṫug a lán aca scillingí agus leaṫ-ċorónaċa ḋom agus ḃíodar go léir am’ ċoṁairliú agus [ 107 ]am’ ṁolaḋ. Tá Cáit ag gol ó ṫáinig an tráṫnóna agus níl focal as Daid. Nílim féin ar mo ċúilín tseaḃraċ aċ ċoṁ beag le duine. Níl aonne go ceart aċ Mam. Ní ċorroċaḋ an saoġal í sin.


∗             ∗

Táid siad go léir imiṫe aḃaile agus duḃairt Mam liom-sa dul a ċodla. Nuair ṫána ’on tseomra lean sí me agus ḃí sí i ḃfad am’ ċoṁairliú. Annsan rug sí barróg orm agus ṗóg sí me agus ċonnac deora ’na súile nuair d’imiġ sí.

Ní mór go ḃfeicim féin an páipéar so go ḃfuilim ag scríoḃ air le gaċ ’ra raċt guil agus uaignis.

Caiṫfiḋ mé stad is dóċa agus an peann a leigint ar lár. Aon rud dár scríoḃas mar ġeall orm féin go dtí so níor ċuireas ann aċ an ḟírinne ġlan. Tá’s agaiḃ anois cad é an saġas mé. Dá mbeinn ar nós a lán dem’ aiṫne ní ḃeinn ċoṁ béalscaoilteaċ i dtaoḃ mo loċtaí féin, agus ċeapfaḋ siḃ annsan gur buaċaill maiṫ me. Aċ is cruaiḋ an scéal ar ḃuaċaill a ḃeiṫ go maiṫ—ṁarḃoċaḋ sé é tar éis aon tseaċtaine aṁáin. Ḋeininn-se mo ḋíċeall uaireannta me féin d’úmpar aċ ċaiṫinn briseaḋ amaċ arís gan ḃuiḋeaċas dom. Tá gaċ aonne ċoṁ holc liom. Ní ḟeicim-se aonne go ceart aċ Mam.

Caiṫfead dul a ċodla. Beannaċt Dé agaiḃ go léir agus má’s fiú liḃ orm é iarraiḋ ar Ḋia go gcuirfeaḋ Sé Jimín Ṁáire Ṫaiḋg ar a leas.

FINIS