Page:Jimín Mháire Thaidhg.djvu/112

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.

JIMÍN ṀÁIRE ṪAIḊG

Do ġáir Cáit. “Ní ḃeir, a ṁuise,” ar sise, “aċ bead-sa im’ ṁnaoi rialta.”

“Cuir uait im baisce!” arsa mise, “fanfair-se sa tiġ seo agus taḃarfaiḋ Mam fámaire de ċliain isteaċ ċun tú ṗósaḋ agus ċun an treaḃaḋ a ḋéanaṁ do Ḋaid. Níl dul as agat—tá san socair id’ ċóṁair age Mam.”

Ċrom an óinsín ar ġol agus cé ċualaiḋ í aċ Mam.

“Cad é seo anois ort?” ar sise.

“Ḃu-hú!” arsa Cáit, “ní ṗósfad-sa aon ċliain isteaċ!”

D’ḟéaċ Mam uirṫi agus annsan d’ḟéaċ sí orm-sa. Ċeapas féin, am baisc, gurḃ ḟearr riṫ maiṫ ná droċ-ṡeasaṁ agus ċuireas díom suas go tiġ Ṁáire Aindí.

Máire agus Nell a ḃí istiġ.

“Ara, cad a ṫug ċoṁ luaṫ so ar maidin tu?” arsa Nell.

“Mam, dar fia! do ċuir an riṫ orm,” arsa mise, “i dtaoḃ gur innseas do Ċáit go raḃadar ċun cliain isteaċ a ḋ’ḟaġáil di.”

“Arú, a ḃligeáirdín, cad a ċuir é sin id’ ċeann?” arsa Máire Aindí.

Ċuir sé sin olc orm féin.

“Ní haon ḃligeárd me,” arsa mise, “aċ tá Mam ċun sagairt a ḋéanaṁ díom agus beiḋ siḃ go léir ag taḃairt “Father James” orm annsan agus b’ḟéidir ná taḃarfá bligeárd an uair sin orm.”

“Mo ġráḋ-sa Dia,” arsa Máire, “ag magaḋ fúm atánn tu.”

“Níl aon ḟocal éiṫiġ ann,” arsa mise, agus d’innseas di gaċ aon ní. Níor ḟágas aon ní istiġ nár scaoileas amaċ. Ní raiḃ leiġeas agam air—ní ḟanfaḋ an riaċ ruda istiġ. Sin é an loċt mór atá orm-sa, tá’s agat, me ḃeiṫ im’ béal ’leiṫ Éireann. Ní ċeilim faic ar aonne aċ ar Ṁam; aċ ġeiḃeann sí sin fios ar mo ġnóṫaí gan mise ’á n-innsint i n-ao’ ċor di.

Ní túisce ḃí mo ḃotún déanta agam-sa ná ḃí sé go léir innste ar fuaid an ḃaile. Ní raiḃ an oiḋċe ar fónaṁ ann nuair ġaiḃ Máire Aind isteaċ go dtí Mam.

104