Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/II

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
AN LOCH DEOR
[ 13 ]

CAIBIDIL A II

AN LOĊ DEOR

“Iongantas, agus níos iongantasaí!” arsaiġ Eiḃlís (cuireaḋ a leiṫéid sin d’iongantas uirre gur ṫeip uirre an ċaint ċeart a ṫaḃairt léi), “táim ag síneaḋ amaċ ċoṁ fada leis an ngloine fad-raḋarc is sia a ċonnaic aoinne riaṁ! Slán beo liḃ-se, a ċoisíní!” (nuair d’ḟeuċ sí síos ar a cosa ḃíodar fad a raḋarc uaiṫe.) “Oċ! mo ċoisíní boċta! ní ḟeadar cé ċuirfiḋ ḃúr mbróga agus ḃúr stocaí anois oraiḃ? Tá a ḟios agam go maiṫ ná bead-sa i n-iuil air! Beiḋ mé ró ḟada ó ḃaile uaiḃ ċum cuiṁneaṁ in aon ċor oraiḃ: caiṫfe siḃ an gnó a ḋeunaṁ ċoṁ maiṫ is a ḟeudfa siḃ díḃ féin.

“Mar sin féin, caiṫfe mé a ḃeiṫ cineálta leo,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “mar béidir gur aṁlaiḋ d’éireóċaidís im’ ċoinne agus ná iomċuróċaidís mé an bóṫar díreaċ! ’Seaḋ; cuirfe mé péiḋre bróg nua orra gaċ aon Nodlaig.”

Lean sí uirre mar sin ag cur agus cúiteaṁ dí féin conus a ḋeunfaḋ sí an gnó. “’Sé an caréire a ṫaḃarfaiḋ leis iad,” ar sí sin, léi féin; “agus naċ ait a ḟeuċfaiḋ sé, duine ag cur féirín ag triall ar a ċosa féin! Feuċfaiḋ an seolaḋ go hait leis!

Do Ċois Ḋeis Eiḃlís,
tá ar Lic an Teinteáin
Gairid don Ċosantóir
(Le buaiḋ agus beannaċt ó Eiḃlís).

[ 14 ]"Ó, a ċiallaċ! naċ dícéille an ċaint atá ar siuḃal agam.”

Le n-a linn sin ḃuail barr a cinn in áirde i gcoinne fraiġṫeaċa an tiġe: ḃí ós cionn naoi dtroiġṫe ar aoirde anois innte, agus níor ḋein sí aon ṁoill aċt an eoċairín óir d’árdaċ léi agus cur dí ċoṁ mear agus ḃí aici go dtí dorus an ġáirdín.


Ṡuiḋ sí síos agus ċrom sí ag gol arís

An t-aingciseoir boċt! Ċuir sé ċum a díċill agus í sínte ar a cliaṫán feuċaint isteaċ ’sa ngáirdín le n-a leaṫ-ṡúil, aċt a ráḋ go ḃfuiġeaḋ sí dul isteaċ! Adeirim-se “dul isteaċ” leat! Ṡuiḋ sí síos agus ċrom sí ag gol arís.

“Ba ċeart náire ḃeiṫ ort,” arsaiġ sí léi féin, “cailín breáġ mar tú” (agus is breáġ a ḃí sí), “a ḃeiṫ ag gol mar seo! Stad ar an nómant dearg anois é, adeirim leat! Mar sin féin, lean sí uirre ag sileaḋ na ndeor in a ngalúin go raiḃ ċeiṫre órdlaċ [ 15 ]d’uisce in a loċ ṁór ṫimċeall ar an áit a raiḃ sí ’na seasaṁ agus síos leaṫ an halla.

I gcionn tamall d’airiġ sí na coisíní beaga ag lapadáil tamall uaiṫe, ṫiormaiġ sí a súile, agus d’ḟeuċ sí cé ḃí ag teaċt. Cad a ḃeaḋ ann aċt an Coinín Gléigeal ag casaḋ ṫar n-ais agus culaiṫ ḃreáġ eudaiġ air, mitíní bána de ċroiceann mionáin in láiṁ leis agus gaoṫaċán ’sa láiṁ eile: ḃí sé ag teaċt ag sodar agus féirsce fé, agus é ag caint leis féin: “An ḃaintiġearna! an ḃaintiġearna! naċ í ḃeiḋ ar buile má ḃíonn sí ag fuireaċ liom.” Ḃí Eiḃlís ḃoċt ċoṁ mór sin tré n-a ċéile go raġaḋ sí in aṫċuinġe ar aoinne teaċt i gcaḃair uirre, agus nuair a ṫáinig an Coinín gairid dí ṫosnuiġ sí: “Má’s é do ṫoil é, a ḋuine uasail …” Baineaḋ preab uaṫḃásaċ as an gCoinín, ṫuit na mitíní bána uaiḋ agus an gaoṫaċán, agus as go bráṫ leis ċoṁ mear agus ab’ ḟéidir leis talaṁ a ḃualaḋ gur imṫiġ sé as a raḋarc.

Ṫóg Eiḃlís suas na mitíní agus an gaoṫaċán, agus ós rud é go raiḃ an halla ċoṁ broṫallaċ sin ḃí sí dá fionnḟuaraḋ féin agus ag caint léi féin! “Dia lem’ anam! Dia lem’ anam! naċ ait atá gaċ aon rud ag iompó amaċ indiu! Indé ḃí gaċ aon rud mar ba ġnáṫ. Ní ḟeadar an insan oiḋċe d’aṫaruiġeaḋ mé. Fan leat: An mar seo ḃí mé ag éiriġe ḋom ar maidin? Ba ḋóiġ liom naċ mar seo ḃraiṫ mé me féin. Aċt maran mé an duine ceudna cé hé me, má is eaḋ? Sin í an ḟaḋb!” Agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ agus ag maranna ar na leanḃaí go léir a raiḃ aiṫne aici orra, a coṁ-aois féin, feuċaint an aoinne aca í.

[ 16 ]"Ní mé Íde, pé sceul é,” arsaiġ sí, “mar ceann cuaċaċ tá uirre sin, agus mise, ní ḟuil aon ċuaċ agam; agus ní me Briġid; tá fios gaċ aon rud agam-sa, aċt í sin! ní ḟuil fios dada aici! Rud eile, dar ndóiġ, naċ mise mé féin, agus naċ í sin í sin—Ó, Dia linn a’s Muire, naċ iongantaċ tré n-a ċéile tá gaċ aon rud ag teaċt! Fan leat, go ḃfeicfe mé an ḃfuil fios gaċ aon rud agam mar a ḃíoḋ. A cúig fó ċeaṫair sin a dó-ḋeug, a sé fó ċeaṫair sin a trí deug, agus a seaċt fó ċeaṫair sin—Ó, Dia lem’ anam, is fada go mbuailfe mé an fiċe ar an gcuma so! ’Seaḋ, aċt is cuma é dar ndóiġ i dtaoḃ Réim an Ṁeudaiġṫe, bainimís iarraċt as an Ġeografa. Londuin, sin í príoṁ-ċaṫair an Ṗáiris, Páiris príoṁ-ċaṫair na Róiṁe, agus an Róiṁ—cad é seo tá mé a’ ráḋ? Tá an ċaint seo go léir bun ós cionn! Is mé Briġid nó tá mé meallta. Fan go ndeurfa mé an raṁán so”—agus ṡocruiġ sí a ḋá láiṁín ar a binn díreaċ mar a ḃeaḋ sí ag ráḋ a ceaċta agus ṫosnuiġ sí ag cur dá croiḋe—guṫ garḃ neaṁ-ċoitċionta ḃí aici agus níor ṫáinig na focail mar ba ġnáṫ leo teaċt:—

’Sí an cuimín deas i mbróig í
A’s a coisín suiḋte córaċ.

“Tá mé ċoṁ siúrálta anois agus atá mé annso naċ iad so na focail ċearta,” arsaiġ Eiḃlís ḃoċt léi féin, agus ṫáinig na deoraċa le n-a súile, “IS mé Briġid gan aon agó agus caiṫfe mé dul ċum coṁnuiġṫe ’sa ṗuicidí beag tiġe sin atá aca; ní ḃeiḋ breugáin ná dada agam aċt lán a ṁála de ċeaċtanna agam le foġluim! Má’s mise Briġid annso ṫíos a [ 17 ]ḟanfa mé, tá an méid sin socair agam pé ar ’sa doṁan de. Ní ḃeiḋ aon ṁaiṫ ḋóiḃ a ḃeiṫ ag sáṫaḋ a gcinn anuas agus ag ráḋ liom teaċt aníos. Fiaḟróċa me an ċeud uair díoḃ cé hé mé, agus annsin má ṫaiṫniġeann liom an té adeurfaiḋ siad raġa mé suas agus mara dtaiṫniġeann fanfa mé annso ṫíos go mbeiḋ mé im’ “naċ eaḋ,” aċt, Dia lem’ anam, dob’ ḟearr liom go gcuirfeaḋ duine éigin a ċeann anuas! Táim ag éiriġe corṫa ó ḃeiṫ annso liom féin!”

Le sin d’ḟeuċ sí síos ar a ḋá láiṁ, agus cad a ḃeaḋ ná ceann de na mitíní geala den ċroiceann mionán gaḃair curṫa uirre aici an ḟaid is do ḃí sí ag caint léi féin. “Conus fén doṁan ḃraonaċ d’éiriġ liom é ċur orm?” ar sí sin. “Caiṫfe mé ḃeiṫ ag dul i luiġead arís.”

D’éiriġ sí agus ċuaiḋ sí go dtí an bórd ċum í féin a ṫoṁas leis, agus d’réir mar do ḟeud sí tuairim a ċaiṫeaṁ leis ní raiḃ aċt ḋá ṫroiġ ar aoirde anois innte, agus is ag dul i luiġead a ḃí sí go tiuġ; ḋein sí amaċ gurḃ’ é an gaoṫaċán a ḃí in a láiṁ aici ba ḃun leis, agus ċaiṫ sé uaiṫe é mar a ċaiṫfeá iarann dearg fé n-imṫeoċaḋ sí in a ceó ar dad gan a táisc ná a tuairisc.

“Dia im’ ċroiḋe, gur maiṫ a scar mé an iarraċt so,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus geallaim-se ḋuit gur baineaḋ preab aiste, aċt pé sceul é ḃí áṫas uirre go raiḃ sí Beo in aon ċor. “Raġa mé go dtí an gáirdín anois,” ar sí sin léi féin, agus as go bráṫ léi siar go dtí an dorus beag, aċt, oḃoċ! agus oḃoċ! ná raiḃ an dorus beag dúnta arís agus an [ 18 ]eoċairín óir leagṫa ar an mbórd gloine mar a ḃí an ċeud uair. “Tá an sceul níos measa ná riaṁ,” arsaiġ an leanḃ boċt léi féin, “mar ná raḃas riaṁ ċoṁ beag leis so ċeana. Naċ dona an sceul é.”

Le n-a linn sin ṡleaṁnaiġ a cos uaiṫe agus ḃí sí go dtí n-a beul in sáile. Ṡíl sí gur aṁlaiḋ ḃí sí tar éis tuitim isteaċ ’sa ḃfarraige. “Raġa me aḃaile ar an mbóṫar iarainn,” ar sí sin léi féin. (Ḃí Eiḃlís cois farraige uair dá saoġal, agus ḃí sé socair in a haigne aici pé áit a raġṫá ar ċóstaí na hÉireann go dteag- ṁóċ’ boṫa snáṁ leat, scata leanḃaí ag baint gainiṁe le sluaiste bata, tiġṫe iostais i ndiaiḋ a ċéile, agus ar a gcúl sin go léir tiġ an ḃóṫair iarainn.) Aċt is gairid go raiḃ a ḟios aici cá raiḃ sí — istiġ ’sa loċ deoraċa a ṡil sí an ḟaid ḃí sí naoi dtroiġṫe ar aoirde.

“Naċ orm a ḃí an mí-áḋ agus an méid sin a ġol,” arsaiġ Eiḃlís, agus í ’sa snáṁ ṫimċeall d’iarraiḋ teaċt amaċ. “Díolfa mé as anois,” ar sí sin, “báṫfar mé im’ ḋeoraċa féin, agus naċ ait a ḟeuċfaiḋ sé gan daḃt. Aċt, tá gaċ aon rud ait indiu, dar ndóiġ.”

D’airiġ sí rud éigin a’ lapadáil ’sa loċ gairid dí agus snáṁaiġ sí níos giorra ḋó feuċaint cad a ḃí ann; ṡíl sí a’ ċeud uair gur míol mór nó capall farraige ḃí taoiḃ léi, aċt annsin nuair a ċuiṁniġ sí ná raiḃ oiread na fríġde innte féin níorḃ’ iongnaḋ léi ná raiḃ ann aċt luiċín a ṫuit isteaċ ’sa loċ mar a ḃain dí féin.

“Ní ḟeadar arḃ’ aon tairḃe ḋom,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “dul ċum cainte leis an luiċín so. Tá gaċ aon rud ċoṁ neaṁ-ċoitċionta sin [ 19 ]annso ṫíos nárḃ’ iongnaḋ liom dá mbeaḋ caint aici. In aon tsliġe ní haon díoġḃáil dom iarraċt a ḃaint as.” Ṫosnuiġ sí: “A luiċín, a ċroiḋe na páirte, an ḃfuil a ḟios agat aon tsliġe amaċ as an loċ so. Tá mé corṫa ó ḃeiṫ ag snáṁ ṫimċeall annso, a luiċín!” (Ṡíl Eiḃlís gur mar so baḋ ċóir laḃairt le luċ; níor ḋein sí a leiṫéid roiṁe sin ċeana, aċt ba ċuiṁin léi go ḃfaca sí i leaḃar Gramadaiġe le n-a dearḃráṫair: “Luċ — luiċe — do luiċ — luċ — a luċ!") D’ḟeuċ an luċ uirre díreaċ mar a ḃeaḋ sí ċum a ráḋ léi: “Naċ fiosraċ aṫá tú, a ċailiċín,” agus ḋún an luiċín súil léi, aċt ní duḃairt sí dada.


Níorḃ’ iongnaḋ léi ná raiḃ ann aċt luiċín

“Béidir,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “ná tuigeann sí Gaeḋealg in aon ċor; gaḃaim-se orm gur luċ ó’n ḃFrainnc í a ṫáinig i leiṫ le Muintir De La Poer.” (Tar éis an méid stáire go léir ḃí ag Eiḃlís, ní ró ċruinn a ḃí a ḟios aici caiṫin a ṫuit aon rud amaċ.) “Où [ 20 ]est ma ċatte?” arsaiġ sí leis an luiċín. Sin é an ċeud abairt a ḟoġluimiġ sí as an leaḃar Frainncíse ḃí aici. Ṫug an luiċín léim as a caḃail ’san uisce agus í go léir ar ḃall-criṫ le heagla. “Ó, gaḃaim párdún agat,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, mar ṡíl sí go raiḃ sí tar éis rud a ráḋ a ġoill uirre. “Ḋearṁad mé go raiḃ an ġráin agat ar ċait.”

“An ġráin agam ar ċait, an eaḋ!” arsaiġ an luċ de screuċ. “Dá mba ṫusa mise ní ḟeadar an mbeaḋ an ġráin ar ċait agat.”

“Béidir ná beaḋ, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, ag caint go plámásaċ léi, “aċt ná bíoḋ aon olc ort in a ṫaoḃ. Do b’ḟearr liom ná aon rud go ḃfuiġfinn ár gcat-na, Pingcín, a ṫeasbáint duit: is dóiġ liom go dtiocfaḋ rud agat le cait dá ḃfeiceoċṫá í sin. ’Sí an caitín beag is laiġċe agus is macánta a ċonnaic tú id ṡaoġal riaṁ í.” Ḃí Eiḃlís ag rangḃáil cainte léi féin mar so agus í ag snáṁ ar a marṫainn ṫimċeall an loċa agus an luċ ag éisteaċt. “Baḋ ḋeas leat feuċaint uirre ’na suiḋe cois na teine agus í ag crónán dí féin, í ag líġe a lapa beag agus ag niġe a haġaiḋ — agus, ó, Baḋ ḋeas leat a ḃeiṫ in a feiḋil, agus ṫá sí go hiongantaċ ċum luċ a ṁarḃaḋ — Ó, gaḃaim párdún agat!” arsaiġ Eiḃlís arís. Ḃí an fionnaḋ in a ṡeasaṁ ar ḋrom an luiċín, agus tuig an leanḃ boċt nár ṫaiṫniġ an ċaint sin léi. “Caiṫimís uainn é mar sceul nuair ná taiṫniġeann sé leat.”

“Caiṫimís uainn é, an eaḋ!” arsaiġ an luċ, agus gaċ aon ṗioc di ag crioṫ siar go dtí a hiarball “Mise ag caint ar ḋaoine dá leiṫéidí sin! Ḃí an ġráin ṁarḃ riaṁ ag mo [ 21 ]ṁuintir-se ar ċait — daoine dána, oitire, gan taḃairt-suas. Ná laḃair amaċ as do ḃeul arís liom-sa ar ḋaoine mar iad.”

“Geallaim duit ná laḃarfad,” arsaiġ Eiḃlís, agus deiṫeanas uirre casaḋ ḃaint as an gcaint. “An mbeaḋ — aon ṁeas — agat ar — ar — ar ṁadraí?” Níor ṫug an luċ aon ḟreagra uirre agus lean Eiḃlís ag steallaḋ léi: “Tá madra beag deas ’sa tiġ is giorra ḋúinne ’sa mbaile agus baḋ ṁaiṫ liom é ṫeasbáint duit. Madra beag, geal-ġáireaċ a ḃfuil clúṁ fada, casta, donn air. Madra beag a ḃeurfaḋ ċugat gaċ aon rud a ḋeurfá leis agus a ṡeasóċaḋ ar a ḋá ċois deiriḋ ḋuit; madra a ḋ’iarrfaḋ a ḋinneur ort agus gaċ aon rud eile a ḃeaḋ uaiḋ — ní ḃfuiġfinn é léiriuġaḋ ḋuit leaṫ a ndeunfaḋ sé — is le feirmeoir é, tá a ḟios agat, agus tá sé ċoṁ maiṫ sin adeir sé gur fiú ceud púnt é! Marḃann sé na franncaiġ go léir dó, adeir sé, agus — ó, tut, tut, tut!” arsaiġ Eiḃlís, go cráiḋte léi féin, “tá an tiubaist deunta arís agam!” Ḃí an luiċín ag cur dí uaiṫe ċoṁ mear agus ab’ ḟéidir léi ag lapadáil léi tríd an uisce.

Ġlaoiḋ sí go deas séiṁialta as a diaiḋ. “A luiċín, a ċroiḋe,” ar sí sin, “cas ṫar n-ais, agus mo láṁ duit ná laḃarfaimíd ar ċait ná ar ṁadraí arís nuair naċ áil leat iad.” Nuair d’airiġ an luċ an méid sin d’iompuiġ sí ar a sáil agus ṡnáṁaiġ sí ṫar n-ais arís ċúiċe; ḃí a haġaiḋ ċoṁ bán leis an ḃfalla ("le neart faoḃar feirge,” arsaiġ Eiḃlís in a haigne féin). Ḃí criṫeán in a guṫ nuair aduḃairt sí, “Buailimís cuan in áit éigin agus inneosfa mé mo sceul duit, agus tuigfe tú ’dé ċúis dom [ 22 ]an ġráin ṁarḃ a ḃeiṫ agam ar ċait agus ar ṁadraí.”

Ḃí sé in am bogaḋ mar ḃí an loċ go léir láiṁ le ḃeiṫ lán de éin agus de ainṁiḋiġ eile ḃí tar éis tuitim isteaċ ann: ḃí cearca fraoiċ agus turcaṫa, eala agus gobadáin, agus rudaí níos aite ná a ċéile ann. Do ḃí Eiḃlís in a fear stiúir orra, agus lean an ċuid eile go léir í gur ḃuaileadar cuan agus gur ṫángadar i dtír.