Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CAIBIDIL A II

AN LOĊ DEOR

“Iongantas, agus níos iongantasaí!” arsaiġ Eiḃlís (cuireaḋ a leiṫéid sin d’iongantas uirre gur ṫeip uirre an ċaint ċeart a ṫaḃairt léi), “táim ag síneaḋ amaċ ċoṁ fada leis an ngloine fad-raḋarc is sia a ċonnaic aoinne riaṁ! Slán beo liḃ-se, a ċoisíní!” (nuair d’ḟeuċ sí síos ar a cosa ḃíodar fad a raḋarc uaiṫe.) “Oċ! mo ċoisíní boċta! ní ḟeadar cé ċuirfiḋ ḃúr mbróga agus ḃúr stocaí anois oraiḃ? Tá a ḟios agam go maiṫ ná bead-sa i n-iuil air! Beiḋ mé ró ḟada ó ḃaile uaiḃ ċum cuiṁneaṁ in aon ċor oraiḃ: caiṫfe siḃ an gnó a ḋeunaṁ ċoṁ maiṫ is a ḟeudfa siḃ díḃ féin.

“Mar sin féin, caiṫfe mé a ḃeiṫ cineálta leo,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “mar béidir gur aṁlaiḋ d’éireóċaidís im’ ċoinne agus ná iomċuróċaidís mé an bóṫar díreaċ! ’Seaḋ; cuirfe mé péiḋre bróg nua orra gaċ aon Nodlaig.”

Lean sí uirre mar sin ag cur agus cúiteaṁ dí féin conus a ḋeunfaḋ sí an gnó. “’Sé an caréire a ṫaḃarfaiḋ leis iad,” ar sí sin, léi féin; “agus naċ ait a ḟeuċfaiḋ sé, duine ag cur féirín ag triall ar a ċosa féin! Feuċfaiḋ an seolaḋ go hait leis!

Do Ċois Ḋeis Eiḃlís,
tá ar Lic an Teinteáin
Gairid don Ċosantóir
(Le buaiḋ agus beannaċt ó Eiḃlís).