ḟanfa mé, tá an méid sin socair agam pé ar ’sa doṁan de. Ní ḃeiḋ aon ṁaiṫ ḋóiḃ a ḃeiṫ ag sáṫaḋ a gcinn anuas agus ag ráḋ liom teaċt aníos. Fiaḟróċa me an ċeud uair díoḃ cé hé mé, agus annsin má ṫaiṫniġeann liom an té adeurfaiḋ siad raġa mé suas agus mara dtaiṫniġeann fanfa mé annso ṫíos go mbeiḋ mé im’ “naċ eaḋ,” aċt, Dia lem’ anam, dob’ ḟearr liom go gcuirfeaḋ duine éigin a ċeann anuas! Táim ag éiriġe corṫa ó ḃeiṫ annso liom féin!”
Le sin d’ḟeuċ sí síos ar a ḋá láiṁ, agus cad a ḃeaḋ ná ceann de na mitíní geala den ċroiceann mionán gaḃair curṫa uirre aici an ḟaid is do ḃí sí ag caint léi féin. “Conus fén doṁan ḃraonaċ d’éiriġ liom é ċur orm?” ar sí sin. “Caiṫfe mé ḃeiṫ ag dul i luiġead arís.”
D’éiriġ sí agus ċuaiḋ sí go dtí an bórd ċum í féin a ṫoṁas leis, agus d’réir mar do ḟeud sí tuairim a ċaiṫeaṁ leis ní raiḃ aċt ḋá ṫroiġ ar aoirde anois innte, agus is ag dul i luiġead a ḃí sí go tiuġ; ḋein sí amaċ gurḃ’ é an gaoṫaċán a ḃí in a láiṁ aici ba ḃun leis, agus ċaiṫ sé uaiṫe é mar a ċaiṫfeá iarann dearg fé n-imṫeoċaḋ sí in a ceó ar dad gan a táisc ná a tuairisc.
“Dia im’ ċroiḋe, gur maiṫ a scar mé an iarraċt so,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus geallaim-se ḋuit gur baineaḋ preab aiste, aċt pé sceul é ḃí áṫas uirre go raiḃ sí Beo in aon ċor. “Raġa mé go dtí an gáirdín anois,” ar sí sin léi féin, agus as go bráṫ léi siar go dtí an dorus beag, aċt, oḃoċ! agus oḃoċ! ná raiḃ an dorus beag dúnta arís agus an